Sunday, 26 February 2017

Trade Unionist at centre of Armagh's Irish-language revival 

(A slightly edited version of this was published in An tUltach February 2017)

Is fear gnóthach go smior é Gearóid Ó Machail. Tar éis bomaite ina chuideachta tá sin soiléar, cé gur fear suaimhneach i gcónaí é.
Bhuail mé leis san oifig agus siopa atá ag Cairde Teo in Ard Mhacha. Tá sin i lár-ionad beag siopadóireachta lámh le lár na cathrach, daoine ag teacht agus ag imeacht an t-am ar fad. Tá, leis, oifig neamh-oifigiúil  eile aige – an caifé béal dorais sa lár-ionad, mar a bhfuil sean-aithne ag an fhoireann air, idir caifé agus ceapairí blasta ar fáil.
Tá Gearóid agus Cairde ag croí-lár imeachtaí Gaeilge sa chathair le tamall de bhlianta anuas, agus pleananna dearfacha acu leis na himeachtaí sin a leathnú amach.
“Thóg sé tamall orainn na pleananna a fhorbairt,” ar seisean. “Is dócha go dtig liom a rá gur i 2008 a thosaigh, nuair a bhí mé ag obair le Comhairle Cathrach agus Ceantair Ard Mhacha, mar a bhí air ag an am mar Neighbourhood Renewal Development Officer – post nach raibh sásamh ag baint leis, minic go maith – ach, rud go raibh mé ábalta a thabhairt isteach i ról s’agamsa ná forbairt cultúrtha mar dóigh chun tacú le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta, iad a snaidhmneadh lena gcéile, agus, de réir dealraimh, ní raibh feidhmeannaigh sinsearacha an Chomhairle iontach sásta leis an ghné sin den obair. Mhínigh mé dóibh go raibh an Ghaeilge mar chuid, agus mar dlúth-chuid, d’fhéiniúlacht cultúrtha Cathrach Ard Mhacha, agus cé nár léir sin in áit ar bith ar an dromchla, gur rud dofheicthe faoi thalamh a bhí ann an t-am ar fad.” Bhí an ceoil riamh ann, le Cumann Píobáirí Ard Mhacha agus eile, ach gan an teanga le feiceáil.
Shocraigh Gearóid go raibh sé riachtanach tabhairt faoin bhfolús “beart a chothaigh, ar ndóigh, coimhlint leis na bainisteoirí a bhí agam sa Chomhairle. Lean mé ar aghaidh, cibé ar bith, agus i 2008 rinne mé cruinniú poiblí a eagrú in éineacht le Réamonn Ó Ciaráin ó Gael Linn.”
Chonaic Gearóid na féidireachtaí sa chathair. Bhí oifig ag Gael Linn sa chathair le 50 bliain, an t-aon oifig taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus grúpaí beaga eile ann, leithéidí Cairdeas na Teanga agus Ciorcal Comhrá Ard Mhacha. Bhí sruth Gailge ar Choláiste Caitríona, bunscoil agus naíscoil ann. Bhí, leis, an Ghaeilge mar ghné den obair a bhí ag Cumann Píobáirí Ard Mhacha.
Bhí slua maith ar an chruinniú poiblí. As sin, thosaigh Gearóid agus daoine eile ar na grúpaí éagsúla a snaidhmeadh lena gcéile. Leis, thosaigh seisean agus Réamonn ar stráitéis fad-téarmach le Cultúrlann a thabhairt go hArd Mhacha “a bheadh ag croí-lár imeachtaí Gaeilge anseo, in ionad bheith ag streachailt linn in ár n-aonar ar scéimeanna agus fiontair difriúla i gcuideanna difriúla den bhaile.”
Thógfadh seo, leis, pobal – go mbeadh duine ar bith le suim ar bith sa teanga ábalta teacht chuige.
Bhí casadh sa scéal. I 2009, chlis ar an chibé caidreamh a bhí idir Gearóid agus an Comhairle “agus bhí aighneas fada tionsclaíoch eadrainn. Chríochnaigh sé sa binse tionsclaíochta i mBéal Feirste, mar ar socraíodh é.” Díoladh suim suntasach airgid leis – ar choinníoll nach labharfadh sé faoin gcás.
B’ar leas na Gaeilge in Ard Mhacha an t-aighneas. “Cuireadh ar fionraí mé ar feadh ocht mí déag - ocht mí déag le bunshraith na Cultúrlainne a leagadh síos, agus Comhairle Cathrach agus Ceantair Ard Mhacha ag díol tuarastail liom,” arsa Gearóid, ag gáire.
Chláraig sé an chomhlacht neamhbhrabúis Cairde Teoranta i 2009, agus é ar fionraí. Chuaigh seisean agus an Ciaránach  go Foras na Gaeilge, agus mór-uaisle eile na Gaeilge, gur chuir moltaí rompu faoi spas oifige agus Oifigeach Forbartha Gaeilge. Bhí an Scéim Phobail Gaeilge óg, agus fuair siad maoiniú sa dara babhta – ainneoin gur grúpa iomlán nua iad.
Tamall roimhe seo chuaigh Foras na Gaeilge chuig an Chomhairle. Rinne siad tairiscint an leath-chuid de thuarastal Oifigigh Forbartha Gaeilge a dhíol, Dúradh nach raibh feidhm leina leithéidí, nó “is baile Seoirseach seo, agus táimid dáchur chun cinn mar bhaile Seoirseach.”
Chuir an Foras fáilte roimh Cairde Teo, agus bhí Oifigeach Forbartha Gaeilge acu faoi thus 2016. B’shin Seán Ó Maoilsté as Doire Mhic gCais, go raibh táithí aige cheana ar chúrsaí Ghaeilge trí bheith ina státseirbhíseach sa Roinn Oideachais. Bhí idir Cumann Lúthchleas Gael agus earnáil an Ghaeloideachais mar chuid den bhfiontar.
Tá cúrsaí ag dul go maith ó shoin. Luadh iad mar dea-shampla den Scéim Phobail Gaeilge. Tháinig forbairt ar an bhfiontar. Tá Siopa Bronntanas acu, ranganna Gaeilge ag gach léibhéal do dhaoine, idir seab agus óg. Bíonn imeachtaí sóisialta acu do theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, bíonn idir campaí geimhridh agus campaí samhraidh ann, nó tá an tOifigeach Forbartha Gaeilge thar a bheith gnóthach.
Mar sin, bhí sé in am acu céim eile a ghlacadh, agus Cultúrlann a thógáil. “Tháinig roinn dea-rudaí lena gcéile,” arsa Gearóid. “Bhí Aire ann, Carál Ní Chuilín, a thug le fios gur thug sí tacaíocht don Ghaeilge.” Bhí, leis, an Ciste Infheistíochta Gaeilge ann de bharr Comhaointuithe Chill Rimín. Mar sin, bhí airgead ar fáil. “Bhí fhios againn go mbeadh orainn beart a dhéanamh go tapaidh, nó nach mairfeadh an dá rud ach tamall beag.”
Chuir siad Plean Gnó lena chéile. Thug siad sin don Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Cheap sin eacnamaithe chun cuidiú leo tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an phlean.
Fuair siad tairiscint £150,000 ón Roinn. Bhí £150,000  eile acu faoi seo, ó Iontaobhas Ultach, Gael Linn, Invest NI, agus foinsí eile. Le £300,000 ón gCiste infheistíocht Gaeilge, bheadh £600,000 acu.
Níor leoir sin don rud gur mhaith leo a dhéanamh. D’amharc siad ar roinnt foirgnimh fán bhaile. “Faoi dheireadh, tháinig an Comhairle chugainn,” ar seisean. “Bhíomar díreach ar tí conradh a shíneadh le forbairtheoir príobháideach as suíomh feiceálach i lár cathrach Ard Mhacha, ceann den ‘Seachtar Teach’ ag barr Sráid an Choláiste.”
Dúirt na feidhmeannaigh sinsearacha ón gComhairle go raibh roinnt suíomhanna tréigthe acu. Bhí seans ann go mbeadh siad ábalta ceann acu a bhronnadh ar Ghearóid agus a chomrádaithe, chun cuidiú leis an bhfiontar.
Tá Gearóid in amhras nár dea-mhéin amháin a bhí i gceist. Bhí an suíomh i Sráid an Choláiste lárnach, sa chuid neodrach den chathair. Bhí siad ann i maorlathas an Chomhairle a bhí den bharúil go mbeadh an geiteo Caitliceach níos fóirsteanaí.
“Rinn siad suíomh a thairiscint dúinn sna Shambles, ceantar iontach Caitliceach, náisiúnach, pobhachtach, in Ard Mhacha, dar leo – an saghas áite inar choir dúinn bheith,” ar seisean.
Mar sin féin, tá an suíomh fóirsteanach go maith. Tá sé idir an dá Ard Eaglais, agus i gceantar gnóthach ar imeall láir na cathrach. Tá, i gcónaí, fadhbanna beaga ann. Is ar a leas, dar le Gearóid, gan Stormont bheith ann. Fágann sin an litir tairisceana sábháilte, nó níl aire DUPach ann len é a tharraingt siar.

Tá fiontar eile ar shiúil ag Gearóid, agus sin Ceardchumann Neamhspléach na nOibrí. Chláraigh sé leis go luath i ndiaidh a bhunaithe, i 2004. Dar leis go seasfaidh an CNO an fód, agus go dtabharfaidh sé dúshlán na bhfostóirí agus na n-údarás. Is sóisialach raidiceach é féin. Gabhann sé buíochas leis na Breathnaigh as, nó ba mhacléinn i Swansea é aimsir an fheachtais in éadán an Poll Tax, bród ar fad air  as an pháirt gníomhach a ghlac sé ann.

1 comment:

  1. Dia duit cairde is ainm dom Camila Rodela agus tá mé ó Michigan, Unied State.I am amach anseo chun fianaise a thabhairt de na hoibreacha maith DR.OGAGA ​​kunta in mo life.My fhear céile agus mé pósta ar feadh 27 bliain le dhá children.Just dhá bhliain ó shin tháinig gach rud a theastaigh end.I mo fhear céile ar ais agus begged mé air ach ní éist sé, mar sin, tháinig mé trasna roinnt testimonies faoin caster seal áirithe. Roinnt daoine fianaise gur thug sé a leannán ex ar ais, roinnt testified go restores sé bhroinn agus ailse leigheas, agus breoiteachta eile, testified roinnt gur féidir leis a chaith seal colscartha a stopadh agus freisin litriú chun post maith a íocadh a fháil mar sin de. Tá sé iontach, tháinig mé freisin ar fud fianaise ceann ar leith, bhí sé faoi bean ar a dtugtar Vera, fianaise sí faoi conas a thug sé ar ais a lover ex, agus ag an deireadh a fianaise thit sí a email.After a léamh go léir, chinn mé a thabhairt dó a try. Chuaigh mé i dteagmháil leis tríd an ríomhphost agus mhínigh mo fhadhb a him.and dúirt sé liom cad i gá a dhéanamh, rinne mé é agus m'fhear céile tháinig sé ar ais chugam. réiteach muid ár n-, agus bhí muid níos sona ná riamh DR.OGAGA ​​kunta tá tú ag fear cumasach agus ní bheidh mé stad fhoilsiú dó toisc go bhfuil sé ina fhear iontach. Má tá aon fhadhb agus má tá tú ag lorg le haghaidh caster seal fíor agus dáiríre, Bain triail as dó ag am ar bith, tá sé an freagra ar do chuid fadhbanna. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis tríd an ríomhphost: ogagakunta@gmail.com agus a fháil do chuid fadhbanna a réiteach mar is féidir me.He réiteach ar na fadhbanna seo a leanas agus a lán níos mó.
    (1) MÁ TÚ MIAN DO EX-BACK
    (2) mian leat a luí ar do HUSBAND STOP AN COLSCARADH
    (3) mian leat a TACÚ GO I DO OIFIG
    (4) mian leat FIR AGUS MNÁ LE Rith AIMSIGH TÚ tarraingteach
    (5) MÁS mian leat a shamhlú LEANBH
    (6) mian leat A BHEITH RICH
    (7) mian leat DO HUSBAND CHUN LOVE AMHÁIN TÚ CHUN chuid eile dá shaol
    (8) MÓR DUIT seal Ádh mór MAITH
    (9) MÓR DUIT seal LOTTERY
    (10) MÓR DUIT A PHOST
     ogagakunta@gmail.com nó ar WhatsApp +2348069032895

    ReplyDelete