The Investigatory Powers Act - George Orwell's Nightmare (a slightly edited version was published in An tUltach December 2017)
Tá sé 32 bliain ó 1984, mar a raibh tromluí George
Orwell le tarlú san úrscéal mór a scríobh sé, faire dá dhéanamh ar achan
duinean t-am ar fad. Anois, tá gnéanna de tromluí an úrscéalaí le tarlú i
Sasana.
De réir saothair Orwell, ba faoi deachtóireacht a
bhí na rudaí seo le tarlú. Tá Pairlimint dhaonlathach na Breataine i ndiaidh
reachtaíocht a rith a bhogfas muid roinnt céimeanna i dtreo sochmhaí den
tsaghas sin. Ritheadh an Investigatory Powers Bill tríd Westminster. Beidh sé
mar chuid den dlí faoin bhliain nua.
Mar iriseoir, agus mar chomhalta de Choiste Gnó
Aontas Náisiúnta na nIriseoirí, cuireann an reachtaíocht seo an-imní ormsa agus
ar an cheardchumann.
Tugtar a ‘snooper’s charter’ air. Ar ndóigh, is ar
bhonn ‘slándála náisiúnta’ a ritheadh é. B’í Theresa May, agus í mar Home
Secretary, a bhí ag cur an bhille chun cinn. Agus í ag labhairt sa Phairlimint
Mí Márta, dúirt sí go raibh an dlí riachtanach chun deileáil leis an
scéimhleoireacht. Cheana, dar léi, bhí GCHQ (Government Communicationa
Headquarters i gCheltenham, atá freagrach as spiaireacht leictreonach) ábalta
stop a chur le seacht gcinn de chomhcheilg scéimhleoireachta san 18 mí roimhe
sin.
Bhí rialtas na Breataine ag cleachtadh spiaireachta
ar bhonn forleathan ar an phobal i gcoitinne sa Tuaisceart le beagnach
leath-chéad bliain anuas, siar ó thus na dTrioblóidí. Bhí seo beag beann ar an
dlí, agus tugadh cead a gcinn do na fórsaí slándála.
Tá sochmhaí na Breataine ag bogadh sa treo céanna
anois.
Tá impleachtaí agus contúirt ann d’iriseoirí ach go
háirithe. Is minic daoine ‘ar an talamh’ den bharúil gur spiairí nó brathadóirí
sinn. Ag an bhomaite, tá sé de chumhacht ag na péas griangraffanna agus fístéap
a ghlac iriseoir a ghabháil, agus úsáid a bhaint as mar fianaise agus daoine dá
n-imchúisiú sa chúirt. Tharla sin anseo sa Tuaisceart, nó gur baineadh úsáid as
mar fhianaise le daoine a chiontú sna cúirteanna. Is cleachtas contúirteach é.
Fágann sé gur ionsaíodh idir griangrafadóirí agus criúanna ceamara le linn
ciréibí.
Ar a laghad go dtí seo, de réir reachtaíochta, bhí
ar na péas dul chun na cúirte agus ordú a fháil ó breitheamh. Bhí iriseoirí
ábalta cur ina éadán sa chúirt.
Ó thaobh nótaí, tá cúrsaí níos fearr ag iriseoirí. I
1999, rialaigh an tArd Chúirt i mBéal Feirste nach raibh iachall ar Ed Moloney
nótaí a rinne sé ón mbrathadóir Dílseach Billy Stobie a thabhairt do na péas. I
2009, rialaigh an Chúirt céanna nach raibh ar Suzanne Breen ábhar a bhain le
foinsí a thabhairt do na péas. Bhain an t-ábhar le marú beirt shaighdiúr i
mBaile Aontrama, agus an Fíor-IRA ag glacadh freagrachta as an ionsaí. Rialaigh
an Chúirt go mbeadh beatha Breen i mbaol ón bhFíor-IRA, agus go sárófaí a ceart
do bheatha dá bhfaighfeadh na péas na nótaí.
Faoin reachtaíocht nua, ní gá fios a chur ar an
iriseoir fiú go bhfuil ábhar dá lorg. Anois, is trí mheán na h-idirlíne a
dhéanann iriseoirí a gcuid oibre. Beidh iachall ar an soláthraí idirlíne nó
ríomh-phost an t-ábhar a chur ar fáil.
Dar leis an reachtaíocht nua, ní leatsa ábhar má
cuireann tú tríd an idirlíon é, nó má tá sé dá choinneáil ar ‘néal’. Is leis an
soláthraí an t-ábhar. Táimid ag caint ar ríomh-phostanna, glaochanna fón (ar
ndóigh), doiciméidí, dialanna, leabhair teangmhála, pictiúirí, messaging chat
logs, GPS location records, agus pasfhocail. Is sin beagnach achan saghas
teilecumarsáide.
Tá, leis, iachall ar sholáthraí stair brábhsála
achan úsáideora a choinneáil go ceann bliana.
Contúirt mhór leis seo ná go gcuirfeadh sé foinsí i mbaol,
trí iad a aithint, agus iriseoirí i mbaol dá bharr. Ní bheadh seans ag an
iriseoir diúltú an foinse a aithint. Is é an taiféad teilecumarsáide a dhéanfadh:
sin an taifead den mhuintir go ndearna tú teangmháil leo.
Tá foinsí ann a bheadh i mbaol a mbáis dá gcuirfí a
gcuid ainmeacha ar fáil. Sin an cás go háirithe le daoine a bhíonn ag labhairt
faoi chúrsaí paramílíteacha, nó coirpeacha.
Leis, chun tuairisciú ceart a dhéanamh faoi go leoir
gnéithe den tsaol, caithfidh iriseoirí labhairt le daoine nó gur paramílítigh
iad, nó gur coirpigh iad. Níl dóigh ar bith eile ann chun tuairisciú a dhéanamh
i ngo leoir pobail, Thuaidh agus Theas. Mar shampla, ní féidir tuairisciú a
dhéanamh ar cheist na ndrugaí gan labhairt leis an dá dream. Agus is ceist é go
bhfuil sé de dhualgas ar na meáin tuairisciú a dhéanamh air.
Dá mbeadh ar iriseoirí foinsí aithint, agus an t-ádh
leo, ní labharfadh na foinsí leo níos mó. Muna mbeadh an t- ádh leis an
iriseoir, bheadh an-bhaol fisiciúil ann.
Ní ar lucht na h-eite clé amháin atá imní. Tá na
Coiméadaigh bean bean ar go leoir dá muintir féin.
No comments:
Post a Comment