Irish - visible again in the Clogher Valley (a slightly edited version was published in An tUltach January 2017)
Tá
Pobal an Ghleanna bliain d’aois. Déanann
sé freastal ar
phobal na Gaeilge thar cúig
paróiste tuaithe i nGleann an Chlochair i ndeisceart Thír Eoghan, buailte leis
an teorainn.
Is é
Mark Harte, múinteoir agus peileadóir, an cathaoirleach. Bhuaileamar lena
gcéile i Kelly’s Inn, díreach dhá lá i ndiaidh gur cuiredh an file John
Montague, fear a bhí an-tiománta do dhúchas Gaelach an cheantair, sa reilg ar
an taobh eile den bhóthar.
Tá
aithne ag daoine anseo ar Mark, mar is léir ón méid daoine a labhraíonn leis,
nó seo a pharóiste dúchas.
Bhí
sé ar dhuine den
dream a tháinig le céile bliain ó shoin leis an ghrúpa a bhunú. Tháinig coiste agus ainm as
an chruinniú. “D’aontaigh
muid uilg go raibh sé
tábhachtach go
mbeadh ról ar leith
ag an Ghaeilge anseo,” arsa Mark. “Ba léir
go raibh suim ag daoine sa Ghaeilge, ach nach raibh bealach acu chun an Gaeilge
a labhairt. Shocraigh muid go dtiocfadh linn sin a athrú, go dtiocfadh linn rud éigean úr a chur lena chéile. Thosaigh muid amach
ag smaointiú ar
spriocanna gur mhaith linn a bhaint amach.”
Bhí,
riamh, Gaeilge sa cheantar “ach go raibh muid scartha óna gcéile,
go raibh na Gaeilgeoirí
thar na mblianta i bpócaí beaga, mar a deirfeá, anseo in Aireagal Chiaráin, i gCill Íséal, in Achadh na Cloiche, agus in áiteanna difriúla, agus go raibh géar-ghá orainn grúpa a bhunú agus a thabhairt le céile go dtiocfadh linn an
Ghaeilge a spreagadh.” Tá
siad anois ag tabhairt faoin sprioc sin, mar fhoireann, nó “b’fhéidir go raibh
easpa structúir i gceist
roimhe seo.”
Cinnte, bhí
an-obair ar shiúil thar na
mblianta, mar shampla ag Áine Uí Cheallaigh i gColáiste Naoimh Chiaráin, Baile
Uí Dhálaigh, scoil atá láidir ó thaobh na Gaeilge. “Spreag sí go leoir daoine
ins an cheantar agus táimid breá sásta anois go bhfuilimid ábalta dea-sample
s’aici agus daoine eile a leanúint,” arsa Mark.
Is dream
óg iad Pobal an Ghleanna, tríd is tríd, ach ní ina n-iomláine – nó baol air,
mar “táimid foscailte i leith an phobail go forleathan, agus is maith an rud é
bheith ag amharc ar na ranganna ar na mallaibh, go bhfuil réimse aoiseanna ag freastal
orthu, ach gan dabht ar bith tá meascán sláintiúil d’aoiseanna ar ár gcoiste
féin ag an bhomaite, idir daoine an-óg ar fad agus daoine, b’fhéidir, go bhfuil
táithí na mblianta acu ag foghlaim na Gaeilge, agus atá ag obair leis an
Ghaeilge.”
Nuair a
cuireadh ar bun iad Mí Eanáir 2016, chuir siad tús maith dearfach le rudaí.
Seoladh iad san Ionad Peile atá ag Cumann Lúthchleas Gael Thír Eoghan ag Garbh
Achaidh. Rinne siad a seacht ndícheall an scéal a scaipeadh roimh ré, ag díriú
ach go háirithe ar scoileanna agus clubanna CLG. “Bhí muid dóchasach go dtagadh
slua amach, ach a leithéidí de shlua,” arsa Mark. Léirigh sin an suim a bhí ann
sa Ghaeilge. “Bhí muid dearfach faoin rud ón dtús, ach bhí muid ciallmhar go
leoir san am céanna, nach raibh muid ag éirí barraíocht a dhéanamh sa chéad
bliain, bhí muid ag éirí dul céim ar chéim,” arsa Mark. “Amharcaimid ar seo mar
rud buan, mar rud fad-téarmach. Bhí sé tábhachtach nach raibh muid ag éirí i
bhfad barraíocht a dhéanamh go luath.
“Shocraigh
muid go mbeadh ranganna Gaeilge ag gach léibhéal ann ar dtús, agus bhí muid ag
smaointiú ar ionad do sin, agus níl áit ar bith níos lárnaí sa cheantar ná
Coláiste Chiaráin i mBaile Uí Dhálaigh anseo, agus bhí siad breá sásta go
mbeimis ann.
“Thosaigh
muid amach le bun-rang, meán-rang agus ard-rang, agus bhí rang ann do pháistí
óga. Bhí muid neirbhíseach faoi na rudaí seo ar an chéad oíche, ach ba léir
dúinn ón céad oíche ar aghaidh go raibh an-suim ag daoine ins an cheantar sa
Ghaeilge. D’fhreastal siad ar na ranganna, agus ó shoin ar aghaidh bhí a
leithéid de oíche Gaeilge againn le linn seachtain na Gaeilge, bhí dinnéar
Nollag againn cúpla seachtain ó shoin, agus ba dheas daoine a fheiceáil ar
bhonn neamh-fhoirmeálta, agus ag ithe lena gcéile agus ag caint as Gaeilge lena
gcéile.” Tá dóchas orthu, iad ag súil leis an bhliain nua.
Níor
chuir an léibhéal suime iontas ar Mark mar buaileann sé le daoine sna siopaí
agus in áiteanna difriúla fud fad an cheantair. “Labhraím cuid mhór le
tuismitheoirí agus bíonn siad i gcónaí ag rá go bhfuil brón orthu go bhfuil
dearmad déanta acu ar an mhéid Gaeilge a bhí acu, agus go raibh siad sásta a
leithéid de ranganna a fheiceáil,” ar seisean.
Tagann
misneach chuig daoine agus iad ar na ranganna. “Tagann siad isteach an céad
oíche agus iad cineál séimh ciúin, ach roimh i bhfad osclaíonn siad suas agus
roimh i bhfad bíonn siad breá sásta agus muiníneach Gaeilge a labhairt,” arsa
Mark. “Sílim go bhfuilimid ag tógáil pobal sa cheantar anseo.”
Tá
daoine nach raibh bainte leis an Ghaeilge go dtí seo ag freastal ar na ranganna,
rud a chuireann áthas ar Mhark. “Tá aghaidheanna nua sa tseomra ranga,” ar
seisean. “Tá scéala amuigh ansin go bhfuilimid ar fáil, go bhfuilimid foscailte
suas chuig an phobal ar fad, agus gan aon amhras ní féidir leat stopadh,
caithfidh tú bheith ag fás an t-am ar fad, agus beidh fuil nua de dhíth sa
todhchaí fosta.”
Buntáiste
atá acu ná tacaíocht mhaith ó Chumann Lúthchleas Gael, atá láidir sa cheantar. “Tá
an nasc sin eadrainn agus na clubanna áitiúla ana-thábhachtach ar fad,” arsa
Mark. “Ó thaobh tacaíochta dhe, ó thaobh poiblíochta dhe, tá siad i gcónaí ag
cur ceist orainn – ‘an bhfuil rud ar bith gur féidir linn a dhéanamh le cuidiú
libh’? Aithníonn na cumainn áitiúla – cé go bhfuilimid scartha ón pheil, táimid
le céile don teanga. Sin rud tábhachtach, go bhfuil dearmad déanta b’fhéidir ar
na coimhlintí ar an pháirc peile agus go n-aithníonn gach duine gur linne an
teanga, go bunúsach, agus go gcaithfimid bheith ag brath ar a chéile. Níl go
leoir daoine sa pharóiste seo, mar shampla, leis an rud a dhéanamh mar is ceart,
níl go leoir daoine i gCill Íséal leo féin, nó in Achadh na Cloiche leo féin,
ach nuair a thagaimid le céile mar phobal sílim go bhfuilmid i bhfad níos
láidre.”
Buntáiste
eile ná gur ceantar mór ceoil traidisiúnta é Gleann an Chlochair, agus go
bhfuil teanga agus ceoil “fite fuaite lena chéile.” Ar an oíche sin a d’eagraigh
siad do seachtain na Gaeilge, bhí ceoltóirí áitiúla ag buaileadh, mar tá cuid
mhór ceoltóirí maithe sa cheantar, go háirithe ceoltóirí óga. Tá súil ag Pobal
an Ghleanna bheith ag obair le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. “Táimid ag obair ar
rud éigean a chiallaíonn go mbeidh na ranganna ceoil ar shiúil ag an am céanna
agus a bheidh na ranganna Gaeilge, agus go mbeidh deis ag tuismitheoirí,
b’fhéidir, páistí s’acu a fhágáil ag an cheoil agus freastal ar na ranganna
Gaeilge sa scoil céanna ag an am céanna,” arsa Mark. “Táimid ag obair ar sin
faoi láthair.”
Tá
pleananna eile ann. Mar sin féin, is eagraíocht óg iad, atá beag go maith. Thar
rud ar bith eile, tuigeann Mark go bhfuil sé riachtanach ag eagraíocht mar sin
bheith réadúil – mar atá seisean.
No comments:
Post a Comment