Trade Unionist at centre of Armagh's Irish-language revival
(A slightly edited version of this was published in An tUltach February 2017)
Is fear gnóthach
go smior é Gearóid Ó Machail. Tar éis bomaite ina
chuideachta tá sin
soiléar, cé gur fear suaimhneach i
gcónaí é.
Bhuail mé
leis san oifig agus siopa atá
ag Cairde Teo in Ard Mhacha. Tá
sin i lár-ionad beag
siopadóireachta lámh le lár na cathrach, daoine ag
teacht agus ag imeacht an t-am ar fad. Tá,
leis, oifig neamh-oifigiúil eile aige – an caifé béal
dorais sa lár-ionad,
mar a bhfuil sean-aithne ag an fhoireann air, idir caifé agus ceapairí
blasta ar fáil.
Tá
Gearóid agus Cairde
ag croí-lár imeachtaí Gaeilge sa chathair le tamall
de bhlianta anuas, agus pleananna dearfacha acu leis na himeachtaí sin a
leathnú amach.
“Thóg sé
tamall orainn na pleananna a fhorbairt,” ar seisean. “Is dócha go dtig liom a
rá gur i 2008 a thosaigh, nuair a bhí mé ag obair le Comhairle Cathrach agus
Ceantair Ard Mhacha, mar a bhí air ag an am mar Neighbourhood Renewal
Development Officer – post nach raibh sásamh ag baint leis, minic go maith – ach,
rud go raibh mé ábalta a thabhairt isteach i ról s’agamsa ná forbairt cultúrtha
mar dóigh chun tacú le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta, iad a
snaidhmneadh lena gcéile, agus, de réir dealraimh, ní raibh feidhmeannaigh
sinsearacha an Chomhairle iontach sásta leis an ghné sin den obair. Mhínigh mé
dóibh go raibh an Ghaeilge mar chuid, agus mar dlúth-chuid, d’fhéiniúlacht cultúrtha
Cathrach Ard Mhacha, agus cé nár léir sin in áit ar bith ar an dromchla, gur
rud dofheicthe faoi thalamh a bhí ann an t-am ar fad.” Bhí an ceoil riamh ann,
le Cumann Píobáirí Ard Mhacha agus eile, ach gan an teanga le feiceáil.
Shocraigh
Gearóid go raibh sé riachtanach tabhairt faoin bhfolús “beart a chothaigh, ar
ndóigh, coimhlint leis na bainisteoirí a bhí agam sa Chomhairle. Lean mé ar
aghaidh, cibé ar bith, agus i 2008 rinne mé cruinniú poiblí a eagrú in éineacht
le Réamonn Ó Ciaráin ó Gael Linn.”
Chonaic
Gearóid na féidireachtaí sa chathair. Bhí oifig ag Gael Linn sa chathair le 50
bliain, an t-aon oifig taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus grúpaí beaga eile
ann, leithéidí Cairdeas na Teanga agus Ciorcal Comhrá Ard Mhacha. Bhí sruth
Gailge ar Choláiste Caitríona, bunscoil agus naíscoil ann. Bhí, leis, an
Ghaeilge mar ghné den obair a bhí ag Cumann Píobáirí Ard Mhacha.
Bhí slua
maith ar an chruinniú poiblí. As sin, thosaigh Gearóid agus daoine eile ar na
grúpaí éagsúla a snaidhmeadh lena gcéile. Leis, thosaigh seisean agus Réamonn
ar stráitéis fad-téarmach le Cultúrlann a thabhairt go hArd Mhacha “a bheadh ag
croí-lár imeachtaí Gaeilge anseo, in ionad bheith ag streachailt linn in ár
n-aonar ar scéimeanna agus fiontair difriúla i gcuideanna difriúla den bhaile.”
Thógfadh
seo, leis, pobal – go mbeadh duine ar bith le suim ar bith sa teanga ábalta
teacht chuige.
Bhí
casadh sa scéal. I 2009, chlis ar an chibé caidreamh a bhí idir Gearóid agus an
Comhairle “agus bhí aighneas fada tionsclaíoch eadrainn. Chríochnaigh sé sa binse tionsclaíochta i mBéal Feirste, mar ar socraíodh é.”
Díoladh suim suntasach airgid leis – ar choinníoll nach labharfadh sé faoin
gcás.
B’ar leas na Gaeilge in Ard Mhacha
an t-aighneas. “Cuireadh ar fionraí mé ar feadh ocht mí déag - ocht mí déag le
bunshraith na Cultúrlainne a leagadh síos, agus Comhairle Cathrach agus
Ceantair Ard Mhacha ag díol tuarastail liom,” arsa Gearóid, ag gáire.
Chláraig sé an chomhlacht
neamhbhrabúis Cairde Teoranta i 2009, agus é ar fionraí. Chuaigh seisean agus
an Ciaránach go Foras na Gaeilge, agus
mór-uaisle eile na Gaeilge, gur chuir moltaí rompu faoi spas oifige agus
Oifigeach Forbartha Gaeilge. Bhí an Scéim Phobail Gaeilge óg, agus fuair siad
maoiniú sa dara babhta – ainneoin gur grúpa iomlán nua iad.
Tamall roimhe seo chuaigh Foras na
Gaeilge chuig an Chomhairle. Rinne siad tairiscint an leath-chuid de thuarastal
Oifigigh Forbartha Gaeilge a dhíol, Dúradh nach raibh feidhm leina leithéidí,
nó “is baile Seoirseach seo, agus táimid dáchur chun cinn mar bhaile
Seoirseach.”
Chuir an Foras fáilte roimh Cairde
Teo, agus bhí Oifigeach Forbartha Gaeilge acu faoi thus 2016. B’shin Seán Ó Maoilsté as
Doire Mhic gCais, go raibh táithí aige cheana ar chúrsaí Ghaeilge trí bheith
ina státseirbhíseach sa Roinn Oideachais. Bhí idir Cumann Lúthchleas Gael agus
earnáil an Ghaeloideachais mar chuid den bhfiontar.
Tá cúrsaí ag dul go maith ó shoin. Luadh iad mar dea-shampla
den Scéim Phobail Gaeilge. Tháinig forbairt ar an bhfiontar. Tá Siopa
Bronntanas acu, ranganna Gaeilge ag gach léibhéal do dhaoine, idir seab agus
óg. Bíonn imeachtaí sóisialta acu do theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí
le Gaeilge, bíonn idir campaí geimhridh agus campaí samhraidh ann, nó tá an
tOifigeach Forbartha Gaeilge thar a bheith gnóthach.
Mar sin, bhí sé in am acu céim eile a ghlacadh, agus
Cultúrlann a thógáil. “Tháinig roinn dea-rudaí lena gcéile,” arsa Gearóid. “Bhí
Aire ann, Carál
Ní Chuilín, a thug le fios gur thug sí tacaíocht don Ghaeilge.” Bhí, leis, an
Ciste Infheistíochta Gaeilge ann de bharr Comhaointuithe Chill Rimín. Mar sin,
bhí airgead ar fáil. “Bhí fhios againn go mbeadh orainn beart a dhéanamh go
tapaidh, nó nach mairfeadh an dá rud ach tamall beag.”
Chuir siad Plean Gnó lena chéile. Thug siad sin don Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Cheap sin
eacnamaithe chun cuidiú leo tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an phlean.
Fuair siad tairiscint £150,000 ón Roinn. Bhí £150,000 eile acu faoi seo, ó Iontaobhas Ultach, Gael Linn, Invest NI, agus foinsí eile. Le £300,000 ón gCiste infheistíocht Gaeilge, bheadh £600,000 acu.
Níor leoir
sin don rud gur mhaith leo a dhéanamh. D’amharc siad ar roinnt
foirgnimh fán bhaile. “Faoi dheireadh, tháinig an Comhairle chugainn,” ar seisean. “Bhíomar díreach ar tí conradh a shíneadh le forbairtheoir príobháideach as suíomh feiceálach i lár cathrach Ard Mhacha, ceann den ‘Seachtar Teach’ ag barr Sráid an Choláiste.”
Dúirt na
feidhmeannaigh sinsearacha ón gComhairle go raibh roinnt suíomhanna tréigthe acu. Bhí seans ann go mbeadh siad ábalta
ceann acu a bhronnadh ar Ghearóid agus a chomrádaithe, chun cuidiú leis an bhfiontar.
Tá Gearóid in amhras nár dea-mhéin amháin a bhí i gceist. Bhí an suíomh i Sráid an Choláiste lárnach, sa chuid neodrach den
chathair. Bhí siad ann i maorlathas an
Chomhairle a bhí den bharúil go mbeadh an geiteo Caitliceach níos fóirsteanaí.
“Rinn siad suíomh a thairiscint dúinn sna Shambles, ceantar iontach
Caitliceach, náisiúnach,
pobhachtach, in Ard Mhacha, dar leo – an saghas áite inar
choir dúinn bheith,” ar seisean.
Mar sin féin, tá an suíomh fóirsteanach go maith. Tá
sé idir an dá Ard Eaglais, agus i gceantar gnóthach ar imeall láir na cathrach.
Tá, i gcónaí, fadhbanna beaga ann. Is ar a leas, dar le Gearóid, gan Stormont
bheith ann. Fágann sin an litir tairisceana sábháilte, nó níl aire DUPach ann
len é a tharraingt siar.
Tá fiontar eile ar shiúil ag Gearóid, agus sin Ceardchumann
Neamhspléach na nOibrí. Chláraigh sé leis go luath i ndiaidh a bhunaithe, i
2004. Dar leis go seasfaidh an CNO an fód, agus go dtabharfaidh sé dúshlán na
bhfostóirí agus na n-údarás. Is sóisialach raidiceach é féin. Gabhann sé
buíochas leis na Breathnaigh as, nó ba mhacléinn i Swansea é aimsir an
fheachtais in éadán an Poll Tax, bród ar fad air as an pháirt gníomhach a ghlac sé ann.