Tuesday, 26 September 2017

Veteran Donegal trade unionist

(An edited version of this was published in An tUltach Samhradh 2017)

Tá Séamas Mac Ruairí mar dhuine den bheagán atá gnóthach sa pholaitíocht ar fad, agus a bhí le Sinn Féin sular tharla an scoilt idir 'Sealadaigh' agus 'Oifigiúilaigh' i 1970. Bhí sé beagnach dhá scór bliain ina Chomhairleoir do cheantar na nGleanntaí ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; le Sinn Féin i dtús báire, ansin Sinn Féin (Oifigiúil), ansin Sinn Féin-Páirtí na nOibrí, ansin Páirtí na nOibrí. Tháinig sé tríd an dara scoilt ansin, go ndeachaigh leis an Daonlathas Clé, agus go ndeachaigh isteach i bPáirtí an Lucht Oibre leis an Daonlathas Clé.

Chaith sé a shaol mar cheardchumannach chomh maith. Ba rúnaí craoibhe le Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Il t-Saothair na hÉireann é, agus ansin leis an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil. Thosaigh sé ag freastal ar oibrithe ina cheantar féin, ach faoi dheireadh bhí freagracht Dhún na nGall air.

Bhuaileamar lena gcéile tí s'aige, ar imeall Anagaire, ag amharc amach ar an chladach.

Tógadh leis an pholaitíocht é, idir poblachtachas agus dáimh leis an eite chlé. “Bhí cúlra polaitiúil ag mo mhuintir, nó bhí mo mháthair ansin ag tús na bhfichidí agus cúpla deirfiúr léi i gCumann na mBan anseo,” ar seisean. “Bhí m'athair go mór ceangailte le gluaiseacht poblachtach an eite chlé, agus bhí sean-uncail liom a mhair go dtí céad bliain agus a fuair bás cúpla bliain eile ansin,bhí sé gníomhachin Alban i gConradh na Gaeilge, agus bhí sé sna sean-Óglaigh fosta ag an am.” Ar dhá thaobh a mhuintire “bhí meas mór acu ar Pheadar Ó Dónaill agus Patrick McGill as na Gleanntaí ansin.

Nuair a tháinig Fianna Fáil ar an saol, b'fhéidir gur shíl cuid acu go raibh siad le dul ar aghaidh agus rudaí fiúntacha a dhéanamh,” ar seisean. Dar le Séamas gur mhínigh sean-duine ar tharla, oíche amháin tí s'aige. Cuireadh i leith an fhir seo gur athraigh sé a chuid polaitíochta mar gur fhág sé Fianna Fáil chun dul le Clann na Poblachta. “Ní mise a d'athraigh cor ar bith ach iadsan a d'athraigh,” arsa an sean-fhear.

Bhí a thuismitheoirí ansin ceangailte le Páirtí an Lucht Oibre. “Bhí iarrthóir áitiúil anseo acu, ach níor éirigh leis, Dónal C Ó Baoill as an Mhullach Mór, tá sé ar shlua na marbh anois,” ar seisean. “Ansin, tháinig Clann na Poblachta agus bhí m'athair gníomhach i gClann na Poblachta.”

Faoin am go raibh Séamas sna fichidí, tháinig toghchan áitiúil 1960. Shocraigh sé go rachadh sé chun tosaigh, mar iarrthóir ag Sinn Féin. Shíl sé go ndéanfadh sé go measartha maith, cé nach sin an bharúil a bhí ag comhairleoir sinsearach de chuid Fianna Fáil sa cheantar.

Mar a tharla, bhí Séamas chun tosaigh ar an chomhairleoir céanna sa vóta. Tá bród ar fad air as an vóta a fuair sé, nó bhí iarrthóirí láidre seana-bunaithe ó na Fianna Fáil agus Fine Gael san iomaíocht, leithéidí na Teachtaí Dála Cormac Bresin agus Pa O'Donnell agus an Seanadóir Louis Walsh.

An rud a dhéanfainn i gcónaí cinnte dhó, is cuma cé a thagadh chuig mo dhoras, is cuma cén creideamh nó gan creideamh, nó polaitíocht a bhí acu, chuideóinn le hachan duine acu,” ar seisean. “Toghadh mise fá choinne an cheantair agus na daoine uilig. Bhí suim mhór agam san áit áitiúil anseo, Ceantar na nGleanntaí, agus sa phobal, agus as in amach thug mé seirbhís do na daoine agus don áit seo ar an Chomhairle Contae.”

Tá sé bainte ar fad le go leoir eagraíochtaí, ina measc Amnesty International, Comhairle an Iarthair, Cumann Lúthcleas Gael – mar a raibh sé ina chathaoirleach ar Choiste an Chontae siar sna 60idí, an RNLI, agus eagraíochtaí a dhéanann freastal ar dhaoine le mí-chumas. Molann sé Jan O'Sullivan, iar-Aire de chuid an Lucht Oibre, as an chuidiú a thug sí dó ó thaobh na muintire a bhí faoi mhí-chumas. “Tá trí theach ag an Chomhairle anois le ceithre sheomra le cur suas – tá cead pleanála istigh, ar Chnoc an Aonaigh ar an Chlochan Liath,” ar seisean.

Cuireann seo ach go háirithe bród air. “Bhí mé i gcónaí sáite leis an ghnáth-duine, agus sin an mhuintir gur sheasaigh mé leo,” ar seisean.

Bhí 10 bliain curtha isteach ag Séamas ar an Chomhairle Contae nuair a tharla an scoilt
i nGluaiseacht na Poblachta i 1970. Bhí teaghlach poblachach i nDún na nGall, agus scoilt sin. Doirteadh fuil i mBéal Feirste, ach níor tharla a leithéidí i nDún na nGall. “Choinnigh mé teangmháil le daoine a chuaigh an bealach eile ansin,” ar seisean.

B'é an locht a fuair sé ar na 'Sealadaigh' ná go raibh siad “ag díriú isteach ar ath-aontú na tíre.” B'fhearr leisean díriú ar “shaibhreas na tíre, maoin na tíre, agus rudaí mar sin. Chomh maith le sin, sílim ag deireadh an lae d'athraigh an mhuintir a shiúil amach (as Ard-Fheis Shinn Féin i 1970), nó go leoir acu. Ní raibh siad ag éirí dul isteach i dTeach Laighean, ach i ndeireadh an lae ní raibh dóigh ar bith eile ach é a dhéanamh.”

Chomh maith le bheith ina chomhairleoir, rinne sé leis freastal ar an phobal mar oifigeach lán-aimseartha ceardchumann le 16 nó 17 bliain, an post lonnaithe i Leitir Ceanainn, ag freastal ar chomhaltaí den cheardchumann ar fud an chontae. “Is cuimhneach liom, b'fhéidir, dul isteach I mBéal Átha Seannaigh maidin amháin agus críochnóinn i gCarn Domhnaigh,” ar seisean. “Bhí sé marfach go leoir. Ach ina dhiaidh sin, bhuail mé le léar mór daoine, agus castar cuid acu orm go fóill.”

Ba ré difriúil sin, glúin ó shoin, nó bhí tréan fostaíochta ann sa déantúsaíocht. Bhí go maith thar an míle ag obair san Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair. D'imigh na comhlachtaí seo “gur chuir an líon daoine a bhí fostaithe síos go h-íséal. Creidim go raibh daoine ag cailleadh a n-uchtach agus mar sin. An rud a chuireann isteach go mór orm, nuair a bheadh áit dá dhruid nó daoine a chur chun bealaigh, shílfeá an dóigh go bhfuil na daoine seo suite, an bhfuil iasacht acu ar theach cónaí, cén teacht isteach atá acu.”

Minic go maith, caitheadh go holc le daoine. Is cuimhin leis fear ón Ísíltír go raibh monarchan beag aige i gCarn Domhnaigh ag déanamh “potaí agus mar sin fá choinne plándaí agus rudaí deasa. Bhí sé ansin cúpla bliain, agus ansin chuaigh muid síos maidin amháin chun buaileadh leis, acu cad é fuair muid amach. Tháinig sé isteach maidin amháin agus leoraí nó trucal leis agus ghlan sé na rudaí amach agus d'fhág sé na daoine ansin ar an ghannchuid.” Malairt mar atá anois “ní raibh clúdach ar bith ag na daoine bochta seo airgead scartha a fháil.”

D'éirigh sé as an obair leis an cheardchumann 15 bliain ó shoin, ach is ann atá a chroí. Bhí aithne agus meas aige ar Pheadar Ó Dónaill as na Rosa, an scríobhneoir a rinne sár-obair mar cheardchumannaí. Ba mhaith leis “an blár a choinneáil lasta” ar shon an Dálaigh. Dar leis go bhfuil buíochas ag gabháil don choiste beag in Árann Mór, mar “tá siad ag déanamh sár-obair ansin agus tá siad ag coinneáil cuimhne Pheadair beo.” Tá súil aige féin bheith ar an oileán do cheiliúradh saol an Dálaigh, ar an chéad deireadh seachtaine de Mhí Mheáin Fómhair.



Friday, 28 July 2017

The Culturlanns under threat?

(An edited version of this was published in An tUltach June 2017)

Tá tábhacht ag an dá chultúrlann do lucht na Gaeilge sa Tuaisceart. Tá, anois, iad faoi bhagairt mar go bhfuil comhairliúcháin ar bun ag Foras na Gaeilge le h-athbhreithniú a dhéanamh ar mhaoiniú na h-ionaid Ghaeilge

Is siombal é den dul chun cinn atá déanta ag an Ghaeilge an Chultúrlann i mBéal Feirste, é ar an phríomh-bóthar tríd an chuid Náisiúnach den chathair.

Is Oifigeach Imeachtaí sa Chultúrlann é Conchubhar Ó Liatháin, Corcaíoch atá ag cur faoi I mBéal Feirste gan puinn de bhlas Mhúscraí caillte aige. Dar leis go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh roinnte mhícothrom ar an chiste agus maoiniú dá bhronnadh.

Ó 1999, nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá maoiniú á fháíl ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, a bunaíodh i 1991, agus tá maoiniú á fháil freisin le tamall de bhlianta ag Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire,” arsa Conchubar. “Is scéim dúnta é an socrú faoina bhfaigheann an dá ionad seo maoiniú - mar sin níl cead ag aon ionad eile cur isteach ar mhaoiniú cé go bhfuair Gaelionad Mhic Ardghaill in Iúr Chinn Trá deontas le h-aghaidh imeachtaí faoin scéim.”

Sa doiciméad comhairliúcháin, deir Foras na Gaeilge gur mian leo “tacaíocht a chur ar fáil do na hionaid Ghaeilge ar fud na tíre le deiseanna a chur ar fáil don phobal úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge. Tugann taighde le fios dúinn, má bhíonn 'spás sábháilte' ar fáil ag daoine a labhraíonn mionteanga go gcuireann sin go mór le húsáid na Gaeilge sa phobal.”

Tá sprioc ag an bhForas go mbeadh “go leor ionaid Ghaeilge ar fud na tíre a bheadh in ann deiseanna úra úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal dá mbeadh tacaíocht deontais ar fáil acu. Dá mbeadh deontas ar fáil, thiocfadh forbairt a dhéanamh ar chlár gníomhaíochtaí do na pobail bhríomhara Gaeilge mar ‘spás sábháilte’.” Sa doiciméad, ainmnítear roinnt ionad, Thuaidh agus Theas, nach bhfuil an Foras dá maoiniú – ach gur mhaith leis an Fhoras sin a dhéanamh. Is é an ról lárnach a bheadh ag Ionaid Gaeilge ná “deiseanna úsáidte do phobail na Gaeilge a spreagadh laistigh de thimpeallacht shóisialta.”

Faoi láthair, tá an Foras ag maoiniú Cultúrlanna Bhéil Feirste agus Doire amháin. Dar leis an doiciméad gur mhaith leis an Fhoras “freastal níos leithne a dhéanamh ar éileamh ó phobail na Gaeilge in áiteanna a bhfuil ionaid a bheadh in ann feidhmiú mar ionad Gaeilge. Táimid ag iarraidh sin a dhéanamh laistigh den chiste reatha maoinithe atá againn d’ionaid.”

Tá ceithre rogha i ndoiciméan an Fhorais: gan scéim úr a reáchtáil agus leanúint den socrú reatha maoinithe leis an dá Chultúrlann: scéim úr a reáchtáil, agus buiséad a aimsiú ó fhoinsí eile laistigh de bhuiséad Fhoras na Gaeilge, agus leanúint de na socruithe maoinithe reatha an dá Chultúrlann: laghdú a dhéanamh laistigh d’aon bhliain amháin ar mhaoiniú an dá Chultúrlann (ó £100,000 go £50,000 i gcás Bhéil Feirste, agus £123,000 go £50,000 i gcás Dhoire): an maoiniú bliantúil don dá chultúrlann ó Thuaidh a laghdú (go £50,000) thar thréimhse de 3 bliana (2018-2021), le ciste a chur ar fáil do scéim úr Ionaid Ghaeilge.

Dar leis an doiciméad féin, tá dhá thaobh leis na moltaí. Ar thaobh amháin “Maolóidh an scéim mholta seo neamh-chomhionannas sa chás seo trí spéis a spreagadh ó iarratasóirí cumasacha ó cheantair eile a bhfuil Ionaid Ghaeilge iontu agus tabharfaidh an scéim deis iomaíochta dóibh cur isteach ar chiste Fhoras na Gaeilge.” Ar an taobh eile “Aithnítear go mbeidh laghdú mór ar mhaoiniú reatha an dá chultúrlann ó thuaidh (Cultúrlann McAdam Ó Fiaich & Cultúrlann Uí Chanáin) chun an scéim mholta nua a chistiú.”

Níl Concubhar sásta go molann trí den ceithre rogha ciorrú ar bhúiséid na gCultúrlanna i mBéal Feirste agus Doire. Tá sé i bhfabhar maoiniú a chur ar fáil do Chultúrlanna eile. Dar leis gur cheart don bhFloras dul “in áít éigean eile chun an t-airgead atá de dhith a chuardach, (agus) chuaigh mé ag cuardach mé féin an bhfaighinn cúpla pingin sa bhreis ar chúl tolg éigean i gCearnóg Mhuirfean (ceanncheathrú an Fhorais).”

Tá moladh conspóideach aige. “B’fhéidir go bhfuilimíd ró fhada síos an bóthar chun athshamhlú iomlán ar an bhForas a thionscnú ach dá mbeadh furmhór mhór an Fhorais lonnaithe ó Thuaidh, idir fhoireann agus oifigí, bheadh costas i bhfad níos lú ar an institiúid teanga tras teorainn sna réimsí sin,” ar seisean.

Luaigh sé tábla as Tuarascáil Bhliantiúil an Fhorais do 2015, an ceann is déanaí atá ar fáil, mar a bhfuil cur síos ar thuarastail an chúigir fostaí is sinsearaí. “Léiríonn an tábla go raibh na feidhmeannaigh a d’oibrigh ó dheas den teorainn, i gceannaras an Fhorais i mBaile Átha Cliath ag fáíl tuarastal i bhfad níos airde ná mar a bhí á íoc le Leas Phríomh Fheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn ag an am sin, fiú is go raibh poist níos sóisirí acu,” arsa Concubhar. “Fiú nuair a chuirtear san áíreamh go raibh ráta malartaithe fabharach do sterling an uair úd, bhí an tuarastal a bhí á íoc le feidhmeannaigh ó dheas céim substaintiúil níos airde ná tuarastal an leas phríomh fheidhmeannaigh ó thuaidh. Tá míniú simplí ar an mbearna, gan amhras, sa mhéid is go bhfuil an leas phríomh fheidhmeannach fostaithe de réir rataí tuarastail stat sheirbhsígh ó thuaidh agus go bhfuil na feidhmeannaigh ó dheas fostaithe de réir rataí ó dheas. Toisc go bhfuil furmhór mhór fhoireann an Fhorais fostaithe ó dheas, áfach, ciallaínn sin go bhfuil cuid is mó den tuarastal á íoc ó dheas den teorainn.”

Cuireann sé tuarastal Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideach an Fhorais - €90-95,000 i 2015 – i gcomparáid le tuarastal Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideach an Boord o' Ulster Scotch - £36,641 (€50,221). Tá, leis, rátaí míleáiste agus cothbhála a díoltar níos airde ó Dheas, gur rátaí státseirbhíse an dá dlínse iad.

Le linn 2015 íocadh €180,621 (£131,114) i gcostaisi taistil agus cothú,” ar seisean. “ Is é sin suim níos mó ná an méid a bheadh le fáil ag an bhForas dá gcinnfí an ciorrú is mó a chur i bhfeidhm ar an dhá Chultúrlann - is é sin €123,000.” Tá “tromlach an chaiteachais inmheanaigh a dhéanann an Fhorais ar thuarastail fhoireann an Fhorais, ar chostaisí ar nós cíos, míleaiste agus costaisí eile ó dheas den teorainn. Nuair a chuirtear san áireamh gur bunaíodh an Fhoras an chéad lá riamh chun dul i ngleic leis an leatrom a deineadh ar phobal na Gaeilge ó thuaidh agus páirc chothrom imeartha a chruthú tre infheistiú a dhíriú ar an tuaisceart, tá sé deacair a thuiscint anois go bhfuil focas an Fhoras ag athrú ón sprioc bunaithe sin an oiread is atá le tabhairt faoi ndeara sna figiúirí atá luaite san alt seo.”

Dúirt urlabhraí thar cheann an Fhorais go bhfeidhmíonn sé ar bhonn uile oileáin. “Reáchtálann Foras na Gaeilge réimse leathan de scéimeanna iomaíocha a bhíonn oscailte do phobal uile an oileáin,” ar sise. “Déantar measúnú ar iarratais dár scéimeanna bunaithe ar a gcaighdeán agus ar chomhlíonadh na gcritéar seachas ar an dlínse ina bhfuil iarrthóirí lonnaithe. Is cás le Foras na Gaeilge nach bhfuil tuilleadh acmhainní agus maoinithe aige le freastal ar na héilimh ar fad ón bpobal.”





Donegal community fighting to save its shore

(An edited version of this was published in An tUltach May 2017)

Tá aithne ag go leoir againn ar Thrá na Bráide, atá amach romhat agus tú ag amharc ó Rann na Feirste. Is láthair conspóideach anois é. Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara cead do chomhlacht Francach feirm sliogéisc a fhorbairt amuigh ansin. Chuir sin an-fhearg ar an phobal.

Bíonn Aodh Mac Ruairí ag amharc amach air chuile lá, óna chuid oibre in Áislann Rann na Feirste. Tá sé sáite sa bhfeachtas in éadán na forbartha.

Níl aon fhadhb aige le feirmeoireacht sliogéisc, nó go bhfuil sin ar shiúil sa bhá le blianta fada. “Tá sé ar scála measartha beag, nach gcuireann isteach ar an timpeallacha áitiúil, tá b'fhéidir sé acra d'fheirmeacha sliogéisc amuigh ansin i láthair na huaire,” arsa Aodh. “Ach an méadú atá i gceist anseo, is méadú tionsclaíoch é. Tá sé ag dul a mhéadú go nocha's a naoi acra. Is ionann sin agus caoga páirc peile de chuid Chumainn Lúthchleas Gael. Is é an fadhb atá ann fosta, ná gur bá iontach beag atá anseo againn.

Measaimid go ndearna an Ministir neamh-aird ar an Habitats Directive,” arsa Aodh. Tá an feirm le bheith suite taobh istigh de SAC, nó Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta. Tá sé buailte le SPA, nó Limistéar faoi Chosaint Speisialta. Tá an chuid is ó den áit mar a bhfuil an cead tugtha ina uisce ainmnithe, nó Designated Shellfish Waters, ach cuid den fheirm taobh amuigh den uisce ainmnithe sin.

Níl Aodh sásta, ar dhóigh ar bith, leis an dóigh gur láimhseáil an Roinn an t-iarrtais. “Tá critéir leagtha síos ag Roinn na Mara, ach tá sé ar chúl sceiche, nó underhand mar a deirfeá, an dóigh gur tugadh an ceadúnas seo amach,” ar seisean. “Is iad na critéir ná go gcaithfidh an fógra bheith i bpáipéar áitiúil agus fógra i mbeairic (de chuid na nGardaí). Cuireadh fógra sa pháipéar, ach d'imigh sé ar mhuintir na háite.” Ní amháin nach bhfaca duine ar bith an fógra, ach luaigh sé 'Gweedore Bay', nach bhfuil ina logainm oifigiúil agus nach bhfuil ina ainm in aon chor ag bunadh na háite ar an bhá.

Cinnte, cuireadh fógraí i mbeairic de chuid na nGardaí, ach tá ábhar gearán arís ann. “Cuireadh i mBaile na Gallóglach é, agus tá sin tríocha míle ar shiúil ó Rann na Feirste,” arsa Aodh. “Cuireadh ceann eile i mbeairic an Bhun Bhig. Sin paróiste iomlán éagsúil ar fad. Tá mo dhuine inár gcónaí anseo ins na Rosann. Níl baint ná páirt againn le beairic an Bhun Bhig. Ní théann duine ar bith go bhfuil aithne agam orthu iseach go beairic an Bhun Bhig.

So tá cinéal córas leagtha amach ag an Roinn sa dóigh nach dtarlaíonn comhairliúchán. Sin an córas a bhí i réim acu.”

Bhí fadbanna eile ann. B'ar an 16ú Nollag a rinneadh an fógra ar an pháipéar. “Ar an fichiú lá, d'fhógair an Ministir athbhreithniú iomlán ar an dóigh go dtugtar amach na ceadúnais,” arsa Aodh. Bhí na cúinsí mar a mbeadh an pobal cur isteach ar an phróiséas comhairliúchán i bhfad ró-cúng, dar leis. Níl go leoir tré-dhearcachta ann.

Leis “níor cuireadh an fógra (maidir leis an fheirm) i nGaeilge. Ba cheart go mbeadh sé ar a laghad dá-theangach.

Ba do Celtic Kerber Teoranta, go bhfuil seoladh aige ar an Leathros, Co Shligigh, a thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara an cead. Tá triúr stiúrthóir ar an chomhlacht. Is iad ná Marie-Aude Danguy, Briotáineach go bhfuil seoladh aici ar an Leathros; agus Stephan Alleaume agus a dheartháir céile Francois-Joseph Pichot. Tá seoltaí ag an bheirt seo i gCancale, baile beag cois cladaigh in oir-thuaisceart na Briotáine. Tá lámh ag muintir Pichot i dtionscal na n-oisrí le beagnach 90 bliain.

Tá cónaí ar Danguy fá Sligeach le thart ar 30 bliain, í bainte le tionscal na sliogéisc le 20 bliain nó níos mó.

I gcáipéisí a comhdaíodh leis an Oifig Um Clárú Cuideachtaí, tugann Danguy bainisteoir margaíochta uirthi féin. Tugann a bheirt eile iascairí orthu féin.

Níl ag éirí go ró-mhaith le Celtic Kerber, de réir na gcúntaisí is deireannaí a comhdaíodh. Bhí caillteanas carnaithe €372,605 ann sa bhliain 2015-6.

Is leis an cohmhlacht Francach Parcs St Keber iomlán na sciaranna i gCeltic Kerber. Alleaume agus Pichot beirt ina stiúirtheoirí ar an chomhlacht seo, atá lonnaithe i gCancale.

Ó 2008 i leith, tá víoras ag déanamh slad ar fheirmeacha oisrí na Briotáine agus cósta thiar na Fraince. Tá Cancale sáite i ngnó na n-oisrí ón 17ú Céad. Dúirt tuarascáil ó Agence France Presse tamall de bhlianta ó shoin gur chuir an víoras an-imní ar phobal Cancale. De réir na hirise Frontiers in Microbiology, tá inmharthanacht an tionscail sa bhFrainc faoi bhagairt.

Dheimhnigh taighdeoirí ón Institut Français de Recherche pour l'Exploitation de la Mer i mBrest na Briotáine go bhfuil baint ag an dóigh tionsclaíoch mar a fástar oisrí sa bhFrainc le scaipeadh an víorais. Ní fios an iad na modhanna céanna a bheidh in úsáid ar an Bhráid.

Cinnte, tá imní ar phobal Íochtar na Rosann. Tá idir Coiste Timpeallachta an Ghaoth agus an Carrickfin Trust gnóthach le tamall. Bhí siúlóid agóide trasna na bá ann agus é ina lag-thrá, dream amháin ag siúil ó Rann na Feirste, an dream eilg ag siúil ón mBráid. Bhí ceoilchoirm mhór ann Rann na Feirste , nó tá airgead riachtanach don bhfeachtas.

Anois, tá na feachtasóirí ag fanacht. Feicfidh siad a bhfuil le tarlú, agus ansin tabharfaidh siad faoin chéad céim eile.





Thursday, 15 June 2017

Irish scholar was a Renaissance man

(a slightly edited version of this piece has been published on Tuairisc.ie)

B'fhear ildánach é Diarmaid Ó Doibhlin, a fuair bás in aois a 75 bliain tí s'aige i Machaire Fíolta, Co Doire. Ba léachtóir spreagúil le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúl Raithin, é. Ba scoláire é, go raibh saineolas aige ar chuid mhór gnéanna den Ghaeilge. B'fhear é a bhí ag croí-lár imeachtaí Gaeilge ina cheantar féin é. Ba staraí é. B'fhile é, go mairfidh a shaothar. Ba pheileadóir maith Gaelach é.

Rinne sé na glúnta macléinn a theagasc ar an Ollscoil, thar 30 bliain mar léachtóir. Thar aon rud eile, bhí sé ar thaobh na macléinn. Thuig sé gur daoine iad, go mbeadh fadhbanna acu, agus rinne a dhícheall cuidiú leo.

Ní ábhar teibí sa tseomra ranga aige an Ghaeilge. Bhí rang ag déanamh staidéir ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire. Thug sé go Muscraí iad, go ndeachaigh siad ar thuras thart ar na háiteanna mar ar tharla na heachtraí.

Leis, thug sé cead a gcinn do mhicléinn. Bhí dualgas orthu tráchtas a dhéanamh sa bhliain deireannach don chéim. Lig sé do Shéamas Mac Annaidh scríobhneoireacht cruaitheach a dhéanamh in ionad tráchtais. Cuireadh cuid den ábhar a cumadh isteach san úrscéal Cuaifeach Mo Londubh Buí.

Mar scoláire, bhí cur amach leitheadach aige ar chuid mhór gnéanna den Ghaeilge, ó ré na luath-Críostaíochta go dtí an nua-litríocht – agus beagnach chuile rud eatarthu. Bhí fhios aige go háirithe an tábhacht atá leis an Ghaeltacht, agus an t-oidhreacht beo atá ann.

Thug sé leis an chuid is fearr den oiliúint acadúil ón sean-ghlúin scoláirí a chuaigh roimhe. Bhí cur amach aige ar an Laidin, a d'fhág beachtaíocht aige agus ceangal le léann na hEorpa. Thug sé sin isteach sa dearcadh nua-aimseartha a bhí aige.

Ní rud acadúil aige an Ghaeilge, ach cuid dá shaol. Bhí sé ag croí-lár imeachtaí Gaelacha ina cheantar féin. Minic go maith, ba obair chiúin é, a leag síos bunshraith do bhorradh atá anois ann. Siar i 70idí an chéid seo caite, bhí sé ar bhunaitheoirí an South Derry Gaelic Centre. D'eagraigh sin ranganna agus cainteanna i mbailte sa cheantar. Ainneoin gur ceantar an-corraithe ag na Trioblóidí é, bhí an Centre ábalta dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh oibre trasphobail. Theip ar an tógra faoi dheireadh, le chomh corraithe agus a bhí na blianta sin.

Ba staraí áitiúil é, a rinne taighde agus a bhí ar bhunaitheoirí an South Derry Historical Society.

B'fhile cumasach é, a chuir dhá chnuasach amach. Mairfidh a shaothar, go háirithe b'fhéidir 'Loch na Craoibhe', a bhaineann leis an dúchas aige: “Amuigh ar an oileán chraobhach sin/ Ionad foscaidh ag Gaeil, port aireachais na muintire.”

Ba pheileadóir maith é, é mar chaptaen ar míonúir Dhoire agus foireann Choláiste Phádraig, Ard Mhacha. D'imir sé tamall dá chlub féin, An Lúb. I ndiaidh dó éirí as an imirt, bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Chontae ag Cumann Lúthchleas Gael.

Rugadh ar an Lúb i ndeisceart Dhoire é. Baineann sin leis an chuid de Cho Doire atá i nDeoise Ard Mhacha, mar sin fuair sé meánscolaíocht i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha. Bhí an Ghaeilge láidir sa scoil ag an am.

Chuaigh sé ansin go Má Nuad, mar ábhar sagairt ag déanamh céime sa léann Ceilteach. Shocraigh sé gan dul leis an sagartóireacht, agus rinne MA i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Chaith sé sealanna ag teagasc i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha agus Coláiste Oiliúna Naomh Muire i mBéal Feirste, sula ndeachaigh sé go hOllscoil Uladh.

Fágann sé folús i saol na Gaeilge: ach crónófar go háirithe é mar fear céile ag Theresa; athair ag Crónán, Medb, Sinéad, Éamonn, Cáitlín agus Donncha: sean-athair: agus mar cara maith ag cuid mhór daoine.
deireadh



Sunday, 4 June 2017

The Irish-language Kevin McAleer

(A slightly-edited version of this piece was published in An tUltach March 17)

Bhí a sháith caifé don lá ólta ag Kevin McAleer sular bhuaileamar le céile sa chaifé ag an Lár-Ionad Ealaíne ar an Ómaigh. Mar sin, choinnigh sé greim an fhir bháite ar bhuidéal uisce – ar dóigh a mhéadaigh an dreach fuarchúiseach is gnáth bheith air. Is é an dreach céanna, in éineacht leis an bhlas tuaithe Thír Eoghan ar a chuid cainte, a fhágann gur fuirseoir aitheanta é. Is cuma cé chomh greannmhar agus a bhíonn an rud a deir sé, ní bhíonn riain den gáire ar a aghaidh ach é fuarchúiseach ar fad.
Le tamall anuas, tá sé atá ag tabhairt a chuid fuirseoireachta isteach sa Ghaeilge.
D’fhoghlaim sé méid áirithe Gaeilge agus é ar Scoil na mBráithre ar an Ómaigh sna 70idí. “Bhí dúil agam sa teanga ag an am sin ach ní raibh mé ró-tógtha leis na múinteoirí – an sean-scéal céanna – agus fuair mé marc maith ag O-Léibhéal, ansin rith mé amach as an doras chomh tapaidh agus ab fhéidir liom,” ar seisean. “Ní raibh fonn ar bith orm dhá bhliain eile a chaitheamh leis an ghealt a bhí ag múineadh Gaeilge ag an am. Thug sé tríocha bliain eile orm teacht chugam féin ina dhiaidh. Tá mé ag teacht chugam féin de réir a chéile.”
Ainneoin bheith sa rang ag an Bhrathair sin mí-cáiliúil ar an Ómaigh, bhí suim aige riamh sa Ghaeilge. Dála cuid mhór daoine, rinne sé roinnt iarrachtaí pilleadh ar ranganna – agus b’iarrachtaí in aisce iad. Ansin, cúpla bliain ó shoin, thosaigh sé arís.
“Tá sé i gceist agam an rud a dhéanamh. Tá mé trí scór bliain anois – now or never, mar a deir siad,” ar seisean – agus tagann a aghaidh chomh cóngarach do gáire agus a thig leis.
“Thosaigh mé ag freastal ar ranganna cúpla bliain ó shoin, agus ag éisteacht leis an raidió. Ansin, rinne Gabriel Rosenstock (an file – A MacC) aistriúchán Gaeilge ar an sheó a bhí agam cúpla bliain ó shoin.”
Mar sin, le cúpla bliain anuas, bíonn an seó ar shiúil aige as Gaeilge ó am go ham. Spreagann sin é.
Níl sé ina aonar ach an oiread. Tá grúpa d’fhuirseoirí Gaeilge ann, ‘Gael Gáire’, agus rinne sé cúpla seó leofasan.
Tugann an grúpa sin tacaíocht dó, ach níl sé ag brath orthu. Rinne sé a sheó aonar féin anuraidh, ina aonar, ag Féile na Bealtaine ar an Daingean i gCiarraí. “Bhí sé sin go han-mhaith,” ar seisean. “Bhí siad ag gáire – as Gaeilge. Nuair a dhéanann tú seó as Gaeilge, ní bhíonn a fhios agat cén fáth, mar tarlaíonn an rud céanna sa Bhéarla chomh maith, tá sé casta.”
Go dtí seo, is aistriúchán ar a sheó Béarla é an seó Gaeilge a dhéanann sé. “Scríobhaim an rud i mBéarla ar dtús agus déanaim aistriúchán air ina dhiaidh,” ar seisean. “Ba bhreá liom an rud a dhéanamh as Gaeilge nuair a bheidh an teanga ar mo thoil agam. B’fhearr liom bheith ag smaoineamh as Gaeilge, bheadh sé sin go hiontach, ach I’ve more work to do on that.”
Tá sé cinnte go bhfuil rudaí gur féidir a dhéanamh as Gaeilge nach féidir a dhéanamh i mBéarla “ach níl mé chomh líofa sin fós. Tá na buntáistí sin ann. Ba mhaith liom leas a bhaint as an teanga féin. Faoi láthair, bím ag streachailt leis an aistriúchán a dhéanamh. I mo shaothar féin, tá a lán imeartas focal ann i mBéarla, agus ní féidir leat an cinéal sin a asitriú. Caithfidh tú bheith ag obair sa teanga féin ón tús. Tá mé cinnte go bhfuil a lán imeartas focal ann as Gaeilge. Ba bhreá liom bheith ag deileáil leis an chinéal sin go nádúrtha sa teanga féin ón tús – sin an ‘aim’ atá agam.”
Rinne Kevin freastal ar ranganna Gaeilge ar an Ómaigh ach “anois is fearr liom bheith ag freastal ar chiorcal comhrá nó bheith ag labhairt le daoine. Nuair a buaileann tú isteach i gcaifé agus nuair a bhuaileann tú le duine – mar shampla, bhuail mé leatsa cúpla lá ó shoin agus bhí comhrá deas againn as Gaeilge – casually – is fearr liom an cinéal sin anois, do you know. Tá suim agam i gcúrsaí gramadaigh, ar ndóigh, ach tá mé sásta an cinéal sin a dhéanamh i m’aonar, sa bhaile. Nuair a bhím amuigh i ngrúpa, is fear liom bheith ag labhairt le daoine.”
Dar leis go bhfuil go leoir deiseanna aige leis an Ghaeilge a labhairt ar an dóigh neamh-fhoirmeálta sin. “Bíonn daoine ag gearán faoin teanga, an easpa suime atá ann,” ar seisean. “Ní maith liom bheith ag plé le cúrsaí polaitíochta, ach i mo shaol féin níl leithscéal ar bith. Is féidir liom an teanga a fhoghlaim, tá go leoir áiseanna ann ar líne anois, tá foclóir suimiúil ann, agus cúrsaí, is féidir leat éisteacht leis an raidió. If I haven’t mastered the language, tá an locht ormsa.”
Tá sé lena chumas Gaeilge a léiriú Mí Iúil, le seó aonair ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, thart ar an 20ú. “Rinne mé cúpla cúrsa seachtaine ann, ag Oideas Gael,” ar seisean. “Tá sé go hiontach. Fuair mé ríomh-phost ó Liam Ó Cuinneagáin, an stiúrthóir, agus d’iarr sé orm – ‘Ar mhaith leat teacht arais agus seó a dhéanamh as Gaeilge i rith seachtain cultúrtha?’ - agus dúirt mé – ‘Ba bhreá liom sin’.”
Admhaíonn Kevin gur chuidigh seo leis, nó nach mbíonn sé díreach chomh dúthrachtach agus ba cheart dó a bheith. “Bím ag cleachtadh mo chuid Gaeilge, agus ansin déanaim dearmad ar an rud ar fad ar feadh cúpla mí,” ar seisean. “Nuair a chuir sé an cheist orm, spreagann sin an suim ionam. Tá mé focused ar an aistriúchán a dhéanamh ar an seó nua. So beidh thart fá leath-uair a chloig agam as Gaeilge faoi theacht an t-samhraidh, mar a deirfeá.”
Tá áthas air go mbeidh réimse leathan daoine ag freastal ar an seó, ó thaobh cúlra agus ó thaobh líofachta. Mar sin “tá sé i gceist agam seó dhá-theangach a dhéanamh, ní bheidh sé as Gaeilge completely, beidh meascán ann.”
Beidh an seó seo, as Béarla, ag Féile Dhún Éideann na hAlban sa tsamhradh – nó gur iarr an Féile céanna air teacht ann ar feadh seachtaine len é a dhéanamh. Sa tseó seo “is gúrú mé agus tháinig léargas spioradálta i mo shaol. Sin mo phearsa ar stáitse – to be clear.” Tharla gur mheasc bean an dá phearsa suas agus é ar ardán anuraidh.
Tá sé féin anois ag tabhairt faoi bhun-aistriúchán Gaeilge ar an seó nua, nó tá anois go leoir muiníne aige as a chuid Gaeilge. Is san oifig, i sean-cró taobh leis an teach s’aige amuigh faoin dtuath, atá sé ag tabhairt faoi. In am amháin, ba in oifig ar an Ómaigh a bhíodh sé ag obair. Thréig sé sin, mar go raibh air taisteal isteach, agus bhí sé ró-fhuarasta leathscéalta a chumadh leis an obair a sheachaint – nós a thréig sé.

Wednesday, 24 May 2017

Low-Key ending to case of Disappeared House on Tory Island

Bhí deireadh ciúin sa Chúirt Uachtarach Deardaoin seo caite le ceann de na cásanna Ardchúirte ba dhrámatúla dar bhain riamh le Dún na nGall. Díbheann an Chúirt Uachtarach achmharc ó Patrick Doohan, iar-úinéar Ostáin Thoraigh, in éadán bhreithiúnais Ardchúirte gur leag sé teach an scannánaí Neville Presho ar Oileán Thoraigh mar gur sheas an teach idir an tOstán agus radharc na farraige.
Tharraing an cás cáil domhanda ar Thoraigh.
Chuir duine nó daoine anaithnid teach Phresho trí thine Mí Eanáir 1993. Cuireadh fios ar na Gardaí, ach chuaigh sé seachtaine thart sula ndeachaigh Garda aonair go Toraigh. Thar bliain, leagadh ballaí an tí le JCB. Bhí Presho ar imirce sa Nua tSéalainn ag an am.
D'fhill Presho ar chuairt go hÉireann i samhradh 1994. Tháinig seisean, a bhean agus a gclann isteach go Toraigh ar an bhád. Chonaic sé ón mbád go raibh teach s'aige sciobtha chun siúil, carrchlós an Ostáin ina ionad. “It's gone, the house is gone,” adúirt sé arís agus arís eile. Níorbh eol do dhuine ar bith i dToraigh ar tharla, ach fear amháin a dúirt: “It would be better if you didn't ask about that.”
Ní raibh Presho riamh mar a bhí. Ní dhearna sé scannán ar bith eile. Fuair an dúlagar agus an t-ól araon greim air. Chuir sé isteach sealanna fada in oispidéil. Shíl dochtúr gur comhartha meabhair-ghalair a bhí ann nuair a d'innis sé scéal s'aige. Theip glan air a chearta a bhaint amach. Ansin, Sathairn na Cásca 2003, tharla go raibh mé ar an bhád isteach go Toraigh. Chuir fear forrán cainte orm: dar leis go raibh an cuma orm gur duine suimiúil mé. Presho a bhí ann.
B'eol dom ar bhain don teach, ó bean ar an oileán. Chuir mé Presho i dteangmháil leis an dlíodóir Michael Gillespie sna Rosa.
Thóg sé sé bhliain ar Gillespie an cás a thabhairt chun na hArdcúirte. Bhí an céad éisteacht i Leitir Ceanainn Mí Márta 2009.
Thug Presho fianaise dramatúil i nguth ciúin faoi theacht isteach go Toraigh, ag tabhairt faoi deara gur sciobadh teach s'aige chun siúil, agus an dóigh gur bhuail tinneas é. Chluinfeá biorán ag titim.
An lá dar gcionn, bhí an scéal sna cinnlíntí.
Níor tugadh breithiúnas go dtí Mí na Samhna 2009. Rialaigh an Breitheamh Roderick Murphy gur scrios Doohan an teach, agus d'ordaigh dó cúiteamh €46,000 a dhíol le Presho.
D'iarr Doohan agus comhlacht s'aige, Ostán Thoraigh achamharc chun na Cúirte Uachtaraigh. Mar choinníoll bhí air an €46,000 a thaisceadh i gcúntas speisialta banc. Dhíbheann an Chúirt achamharc na comhlachta Mí na Samhna anuraidh, agus díoladh an €46,000 le Presho.
Thug Doohan le fios go raibh sé ag leanúint le hachamharc lena ainm a ghlanadh, ach ní raibh seisean nó dlíodóir thar a cheann sa Chúirt Deardaoin seo caite. Dhíol sé Ostán Thoraigh trí bliain ó shoin, é anois ag tiomáint bus i Londain. Tá Presho ina chónaí i gCo an Dúin, an sláinte teipthe air, é i ndiaidh sé mhí a chur isteach in oispidéal.
by Anton McCabe

Tory Island house appeal dismissed

The South’s Supreme Court has dismissed an appeal by former owner of a remote Donegal island hotel against a High Court judgment that he had illegally demolished a film-maker’s house because it blocked his hotel’s sea view. Eight years ago, the High Court ruled that Patrick Doohan had used an excavator to demolish the hotel. The Court heard evidence from Co Down film-maker Neville Presho that losing his house sent him into a downward spiral of illness, and cost him his marriage and career.

The Court granted an application from Cormac O Dulachain, barrister for Presho, that the appeal be struck out as neither Doohan nor his legal representatives had attended. O Dulachain said that, from the contents of an affidavit Doohan filed “he has no intention of pursuing the appeal.”

Justice Clarke said the Court noted Doohan's non-appearance. “He not having attended to prosecute the Appeal, the appropriate action is to strike out the appeal,” the Justice said.

The Court ordered that Doohan pay the costs.


Doohan is curently working as a bus driver in London.