Donegal community fighting to save its shore
(An edited version of this was published in An tUltach May 2017)
Tá
aithne ag go leoir againn ar Thrá na Bráide, atá amach romhat agus
tú ag amharc ó Rann na Feirste. Is láthair conspóideach anois é.
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara cead do chomhlacht
Francach feirm sliogéisc a fhorbairt amuigh ansin. Chuir sin
an-fhearg ar an phobal.
Bíonn
Aodh Mac Ruairí ag amharc amach air chuile lá, óna chuid oibre in
Áislann Rann na Feirste. Tá sé sáite sa bhfeachtas in éadán na
forbartha.
Níl
aon fhadhb aige le feirmeoireacht sliogéisc, nó go bhfuil sin ar
shiúil sa bhá le blianta fada. “Tá sé ar scála measartha beag,
nach gcuireann isteach ar an timpeallacha áitiúil, tá b'fhéidir
sé acra d'fheirmeacha sliogéisc amuigh ansin i láthair na huaire,”
arsa Aodh. “Ach an méadú atá i gceist anseo, is méadú
tionsclaíoch é. Tá sé ag dul a mhéadú go nocha's a naoi acra.
Is ionann sin agus caoga páirc peile de chuid Chumainn Lúthchleas
Gael. Is é an fadhb atá ann fosta, ná gur bá iontach beag atá
anseo againn.
“Measaimid
go ndearna an Ministir neamh-aird ar an Habitats Directive,” arsa
Aodh. Tá an feirm le bheith suite taobh istigh de SAC, nó Limistéar
faoi Chaomhnú Speisialta. Tá sé buailte le SPA, nó Limistéar
faoi Chosaint Speisialta. Tá an chuid is ó den áit mar a bhfuil an
cead tugtha ina uisce ainmnithe, nó Designated Shellfish Waters, ach
cuid den fheirm taobh amuigh den uisce ainmnithe sin.
Níl
Aodh sásta, ar dhóigh ar bith, leis an dóigh gur láimhseáil an
Roinn an t-iarrtais. “Tá critéir leagtha síos ag Roinn na Mara,
ach tá sé ar chúl sceiche, nó underhand mar a deirfeá, an dóigh
gur tugadh an ceadúnas seo amach,” ar seisean. “Is iad na
critéir ná go gcaithfidh an fógra bheith i bpáipéar áitiúil
agus fógra i mbeairic (de chuid na nGardaí). Cuireadh fógra sa
pháipéar, ach d'imigh sé ar mhuintir na háite.” Ní amháin
nach bhfaca duine ar bith an fógra, ach luaigh sé 'Gweedore Bay',
nach bhfuil ina logainm oifigiúil agus nach bhfuil ina ainm in aon
chor ag bunadh na háite ar an bhá.
Cinnte,
cuireadh fógraí i mbeairic de chuid na nGardaí, ach tá ábhar
gearán arís ann. “Cuireadh i mBaile na Gallóglach é, agus tá
sin tríocha míle ar shiúil ó Rann na Feirste,” arsa Aodh.
“Cuireadh ceann eile i mbeairic an Bhun Bhig. Sin paróiste iomlán
éagsúil ar fad. Tá mo dhuine inár gcónaí anseo ins na Rosann.
Níl baint ná páirt againn le beairic an Bhun Bhig. Ní théann
duine ar bith go bhfuil aithne agam orthu iseach go beairic an Bhun
Bhig.
“So
tá cinéal córas leagtha amach ag an Roinn sa dóigh nach
dtarlaíonn comhairliúchán. Sin an córas a bhí i réim acu.”
Bhí
fadbanna eile ann. B'ar an 16ú Nollag a rinneadh an fógra ar an
pháipéar. “Ar an fichiú lá, d'fhógair an Ministir
athbhreithniú iomlán ar an dóigh go dtugtar amach na ceadúnais,”
arsa Aodh. Bhí na cúinsí mar a mbeadh an pobal cur isteach ar an
phróiséas comhairliúchán i bhfad ró-cúng, dar leis. Níl go
leoir tré-dhearcachta ann.
Leis
“níor cuireadh an fógra (maidir leis an fheirm) i nGaeilge. Ba
cheart go mbeadh sé ar a laghad dá-theangach.
Ba
do Celtic Kerber Teoranta, go bhfuil seoladh aige ar an Leathros, Co
Shligigh, a thug an tAire Talmhaíochta,
Bia agus Mara an cead. Tá triúr stiúrthóir
ar an chomhlacht. Is iad ná Marie-Aude
Danguy, Briotáineach go bhfuil seoladh aici ar an Leathros; agus
Stephan Alleaume agus a dheartháir céile Francois-Joseph Pichot. Tá
seoltaí ag an bheirt seo i gCancale, baile beag cois cladaigh in
oir-thuaisceart na Briotáine. Tá lámh ag muintir Pichot i
dtionscal na n-oisrí le beagnach 90 bliain.
Tá
cónaí ar Danguy fá Sligeach le thart ar 30 bliain, í bainte le
tionscal na sliogéisc le 20 bliain nó níos mó.
I
gcáipéisí a comhdaíodh leis an Oifig Um Clárú Cuideachtaí,
tugann Danguy bainisteoir margaíochta uirthi féin. Tugann a bheirt
eile iascairí orthu féin.
Níl
ag éirí go ró-mhaith le Celtic Kerber, de réir na gcúntaisí is
deireannaí a comhdaíodh. Bhí caillteanas carnaithe €372,605 ann
sa bhliain 2015-6.
Is
leis an cohmhlacht Francach Parcs St Keber iomlán na sciaranna i
gCeltic Kerber. Alleaume agus Pichot beirt ina stiúirtheoirí ar an
chomhlacht seo, atá lonnaithe i gCancale.
Ó
2008 i leith, tá víoras ag déanamh slad ar fheirmeacha oisrí na
Briotáine agus cósta thiar na Fraince. Tá Cancale sáite i ngnó
na n-oisrí ón 17ú Céad. Dúirt tuarascáil ó Agence France
Presse tamall de bhlianta ó shoin gur chuir an víoras an-imní ar
phobal Cancale. De réir na hirise Frontiers in Microbiology, tá
inmharthanacht an tionscail sa bhFrainc faoi bhagairt.
Dheimhnigh
taighdeoirí ón Institut Français de Recherche pour l'Exploitation
de la Mer i mBrest na Briotáine go bhfuil baint
ag an dóigh tionsclaíoch mar a fástar oisrí sa bhFrainc le
scaipeadh an víorais. Ní fios an iad na modhanna céanna a bheidh
in úsáid ar an Bhráid.
Cinnte,
tá imní ar phobal Íochtar na Rosann. Tá idir Coiste Timpeallachta
an Ghaoth agus an Carrickfin Trust gnóthach le tamall. Bhí siúlóid
agóide trasna na bá ann agus é ina lag-thrá, dream amháin ag
siúil ó Rann na Feirste, an dream eilg ag siúil ón mBráid. Bhí
ceoilchoirm mhór ann Rann na Feirste , nó tá airgead riachtanach
don bhfeachtas.
Anois,
tá na feachtasóirí ag fanacht. Feicfidh siad a bhfuil le tarlú,
agus ansin tabharfaidh siad faoin chéad céim eile.
No comments:
Post a Comment