Sunday, 4 June 2017

The Irish-language Kevin McAleer

(A slightly-edited version of this piece was published in An tUltach March 17)

Bhí a sháith caifé don lá ólta ag Kevin McAleer sular bhuaileamar le céile sa chaifé ag an Lár-Ionad Ealaíne ar an Ómaigh. Mar sin, choinnigh sé greim an fhir bháite ar bhuidéal uisce – ar dóigh a mhéadaigh an dreach fuarchúiseach is gnáth bheith air. Is é an dreach céanna, in éineacht leis an bhlas tuaithe Thír Eoghan ar a chuid cainte, a fhágann gur fuirseoir aitheanta é. Is cuma cé chomh greannmhar agus a bhíonn an rud a deir sé, ní bhíonn riain den gáire ar a aghaidh ach é fuarchúiseach ar fad.
Le tamall anuas, tá sé atá ag tabhairt a chuid fuirseoireachta isteach sa Ghaeilge.
D’fhoghlaim sé méid áirithe Gaeilge agus é ar Scoil na mBráithre ar an Ómaigh sna 70idí. “Bhí dúil agam sa teanga ag an am sin ach ní raibh mé ró-tógtha leis na múinteoirí – an sean-scéal céanna – agus fuair mé marc maith ag O-Léibhéal, ansin rith mé amach as an doras chomh tapaidh agus ab fhéidir liom,” ar seisean. “Ní raibh fonn ar bith orm dhá bhliain eile a chaitheamh leis an ghealt a bhí ag múineadh Gaeilge ag an am. Thug sé tríocha bliain eile orm teacht chugam féin ina dhiaidh. Tá mé ag teacht chugam féin de réir a chéile.”
Ainneoin bheith sa rang ag an Bhrathair sin mí-cáiliúil ar an Ómaigh, bhí suim aige riamh sa Ghaeilge. Dála cuid mhór daoine, rinne sé roinnt iarrachtaí pilleadh ar ranganna – agus b’iarrachtaí in aisce iad. Ansin, cúpla bliain ó shoin, thosaigh sé arís.
“Tá sé i gceist agam an rud a dhéanamh. Tá mé trí scór bliain anois – now or never, mar a deir siad,” ar seisean – agus tagann a aghaidh chomh cóngarach do gáire agus a thig leis.
“Thosaigh mé ag freastal ar ranganna cúpla bliain ó shoin, agus ag éisteacht leis an raidió. Ansin, rinne Gabriel Rosenstock (an file – A MacC) aistriúchán Gaeilge ar an sheó a bhí agam cúpla bliain ó shoin.”
Mar sin, le cúpla bliain anuas, bíonn an seó ar shiúil aige as Gaeilge ó am go ham. Spreagann sin é.
Níl sé ina aonar ach an oiread. Tá grúpa d’fhuirseoirí Gaeilge ann, ‘Gael Gáire’, agus rinne sé cúpla seó leofasan.
Tugann an grúpa sin tacaíocht dó, ach níl sé ag brath orthu. Rinne sé a sheó aonar féin anuraidh, ina aonar, ag Féile na Bealtaine ar an Daingean i gCiarraí. “Bhí sé sin go han-mhaith,” ar seisean. “Bhí siad ag gáire – as Gaeilge. Nuair a dhéanann tú seó as Gaeilge, ní bhíonn a fhios agat cén fáth, mar tarlaíonn an rud céanna sa Bhéarla chomh maith, tá sé casta.”
Go dtí seo, is aistriúchán ar a sheó Béarla é an seó Gaeilge a dhéanann sé. “Scríobhaim an rud i mBéarla ar dtús agus déanaim aistriúchán air ina dhiaidh,” ar seisean. “Ba bhreá liom an rud a dhéanamh as Gaeilge nuair a bheidh an teanga ar mo thoil agam. B’fhearr liom bheith ag smaoineamh as Gaeilge, bheadh sé sin go hiontach, ach I’ve more work to do on that.”
Tá sé cinnte go bhfuil rudaí gur féidir a dhéanamh as Gaeilge nach féidir a dhéanamh i mBéarla “ach níl mé chomh líofa sin fós. Tá na buntáistí sin ann. Ba mhaith liom leas a bhaint as an teanga féin. Faoi láthair, bím ag streachailt leis an aistriúchán a dhéanamh. I mo shaothar féin, tá a lán imeartas focal ann i mBéarla, agus ní féidir leat an cinéal sin a asitriú. Caithfidh tú bheith ag obair sa teanga féin ón tús. Tá mé cinnte go bhfuil a lán imeartas focal ann as Gaeilge. Ba bhreá liom bheith ag deileáil leis an chinéal sin go nádúrtha sa teanga féin ón tús – sin an ‘aim’ atá agam.”
Rinne Kevin freastal ar ranganna Gaeilge ar an Ómaigh ach “anois is fearr liom bheith ag freastal ar chiorcal comhrá nó bheith ag labhairt le daoine. Nuair a buaileann tú isteach i gcaifé agus nuair a bhuaileann tú le duine – mar shampla, bhuail mé leatsa cúpla lá ó shoin agus bhí comhrá deas againn as Gaeilge – casually – is fearr liom an cinéal sin anois, do you know. Tá suim agam i gcúrsaí gramadaigh, ar ndóigh, ach tá mé sásta an cinéal sin a dhéanamh i m’aonar, sa bhaile. Nuair a bhím amuigh i ngrúpa, is fear liom bheith ag labhairt le daoine.”
Dar leis go bhfuil go leoir deiseanna aige leis an Ghaeilge a labhairt ar an dóigh neamh-fhoirmeálta sin. “Bíonn daoine ag gearán faoin teanga, an easpa suime atá ann,” ar seisean. “Ní maith liom bheith ag plé le cúrsaí polaitíochta, ach i mo shaol féin níl leithscéal ar bith. Is féidir liom an teanga a fhoghlaim, tá go leoir áiseanna ann ar líne anois, tá foclóir suimiúil ann, agus cúrsaí, is féidir leat éisteacht leis an raidió. If I haven’t mastered the language, tá an locht ormsa.”
Tá sé lena chumas Gaeilge a léiriú Mí Iúil, le seó aonair ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, thart ar an 20ú. “Rinne mé cúpla cúrsa seachtaine ann, ag Oideas Gael,” ar seisean. “Tá sé go hiontach. Fuair mé ríomh-phost ó Liam Ó Cuinneagáin, an stiúrthóir, agus d’iarr sé orm – ‘Ar mhaith leat teacht arais agus seó a dhéanamh as Gaeilge i rith seachtain cultúrtha?’ - agus dúirt mé – ‘Ba bhreá liom sin’.”
Admhaíonn Kevin gur chuidigh seo leis, nó nach mbíonn sé díreach chomh dúthrachtach agus ba cheart dó a bheith. “Bím ag cleachtadh mo chuid Gaeilge, agus ansin déanaim dearmad ar an rud ar fad ar feadh cúpla mí,” ar seisean. “Nuair a chuir sé an cheist orm, spreagann sin an suim ionam. Tá mé focused ar an aistriúchán a dhéanamh ar an seó nua. So beidh thart fá leath-uair a chloig agam as Gaeilge faoi theacht an t-samhraidh, mar a deirfeá.”
Tá áthas air go mbeidh réimse leathan daoine ag freastal ar an seó, ó thaobh cúlra agus ó thaobh líofachta. Mar sin “tá sé i gceist agam seó dhá-theangach a dhéanamh, ní bheidh sé as Gaeilge completely, beidh meascán ann.”
Beidh an seó seo, as Béarla, ag Féile Dhún Éideann na hAlban sa tsamhradh – nó gur iarr an Féile céanna air teacht ann ar feadh seachtaine len é a dhéanamh. Sa tseó seo “is gúrú mé agus tháinig léargas spioradálta i mo shaol. Sin mo phearsa ar stáitse – to be clear.” Tharla gur mheasc bean an dá phearsa suas agus é ar ardán anuraidh.
Tá sé féin anois ag tabhairt faoi bhun-aistriúchán Gaeilge ar an seó nua, nó tá anois go leoir muiníne aige as a chuid Gaeilge. Is san oifig, i sean-cró taobh leis an teach s’aige amuigh faoin dtuath, atá sé ag tabhairt faoi. In am amháin, ba in oifig ar an Ómaigh a bhíodh sé ag obair. Thréig sé sin, mar go raibh air taisteal isteach, agus bhí sé ró-fhuarasta leathscéalta a chumadh leis an obair a sheachaint – nós a thréig sé.

No comments:

Post a Comment