The Gaels of Lewis would dump Trump
(An edited version of this was published on Tuairisc.ie on November 21st 2016)
Ba
chainteoir dúchais Gaeilge na hAlban í máthair Donald Trump. Rugadh Mary Anne
Nic Leòid i dTunga ar Eilean Leòdhas an 10 Bealtaine 1912. B’iad Calum Mac
Leòid, iascaire agus croitéar, agus a bhean Màiri (Nic a’ Ghobhainn faoin a h-ainm féin) na
tuismitheoirí, Mary Anne ar an duine ab óige de 10 clainne.
Ba
cheantar láidir ag an teanga é. De réir daonáirimh 1901, bhí Gaeilge na hAlban
ag 91.2% sa cheantar. Ní raibh Béarla ach ag 17.2%. D’imigh Mary Anne go
Meiriceá i 1929. De réir an daonáirimh dhá bhliain dar gcionn, bhí Gaeilge na
hAlban ag 85.5% sa pharóiste.
Tá Tunga trí mile go leith amach as
Steòrnabhaigh, príomh-bhaile an oileáin, mar a raib riamh an lámh in uachtar ag
an Bhéarla.
Mar sin féin, tá Gaeilge na hAlban beo beathach ann ar fad i dTunga.
De réir daonáirimh 2011, bhí
Gaeilge ag 51% den phobal in Aird Thunga. Is í an Ghaeilge teanga an tí ag 36%
acu. Bunaíodh Aonad Gàidhlig sa bhunscoil i mbliana. Tá Còisir Ghàidhlig Thunga
ann, páirt mhór aige i saol an phobail.
Tá dúchas saibhir ann, dúchas nár léirigh Trump
riamh suim sa. Thug sé cúpla cuairt, nár mhair go rò-fhada.
Ní raibh Leòdhasaigh ar bith sásta labhairt ar
an taifead faoi Trumpa, ach b’é an port céanna a bhí aci. Tá náire ar bhunadh
an oileáin go raibh baint ar bith aige leis.
Ainneoin na maoine atá aige, ní dhearna sé
infheistíocht ar bith san áit. Dar leofa siúd a labhair liom gur a mhalairt de
dhuine ar fad í a dheirfiúr Maryanne. Nuair a d’iarr an t-oispís i
Steòrnabhaigh airgead ar mhuintir Trump, thug sise suim suntasach. Níor thug
seisean pingin rua.
Locht eile a luaitear ná gur tiarna talún a
athair. Is fuath le Leòdhasigh iad seo, de bharr Fuadach nan Gàidheal
sna 18ú agus 19ú Céid, nuair a díbríodh pobail ina n-iomláine.
Leis, muna bhfuil Leòdhas chomh cráifeach agus
a bhí, ach an tEaglais Shaor láidir ann. Tá áiteanna ar fad atá chomh
Sabóideach sin nach gcuireann daoine a gcuid níochán amach Dé Domhnaigh. Cuireann
saol pearsanta agus iompar Trump an-olc ar na pobail sin.
Tá dhá leathanach Facebook ann, a léiríonn
meoin an phobail. Tá ‘Isle of Lewis does not support Trump for President’ ann,
785 ‘likes’ aige. Bhí ‘Isle of Lewis supports Trump for President’ ann ar dtús,
gan ach 151 ‘likes’ aige sin.
No comments:
Post a Comment