Sunday, 6 November 2016


Arranmore writer learnt from storytelling tradition 

(a slightly edited version of this piece was published in 'An tUltach' September 2016)





Nuair a bhuail mé le Proinsias Mac a’ Bhaird in ostán i Leitir Ceanainn, bhí cuma air ón dtaobh eile den seomra go raibh sé ar a chompórd leis féin. Is mar sin atá fear seo Árainn Mhóir – múinteoir, úrscéalaí, file, drámadóir, duine den bhuíon maith scríobhneoir Conallach atá anois ann.

Ní i dtreo na scríobhneoireachta a spreagadh i dtús báire é, ach i dtreo na scéalaíochta é ó bhí sé ina leanbh – nó bhí sé sa dúchas aige, ar an dá thaobh. “Bhí an t-ádh orm nuair a bhí mé ag fás aníos, nó an bheirt athair mór a bhí agam, ar thaobh m’athara bhí Franc Neilí Eoin, agus bhí Joe Mhicí Ned ar thaobh mo mháthara, agus an bheirt acu bhí siad iontach maith ag insint scéalta,” ar seisean. “Nuair a bhí mise óg, nuair a bhí mé i mo thachrán ag fás aníos, bheinn ag fanacht leofa go minic i rith an tsamhraidh agus mar sin, agus ba ghnáth leo teacht isteach agus scéalta a insint dom nuair a bhí mé ag dul a luí. Franc, bhí cuid mhór scéalta aige, agus chuir mé suim iontu is dócha, agus blianta ina dhiaidh sin tháinig mé ar na scéalta céanna i mbailiúchán, bailiúchán béaloideasa, agus ní raibh fhios agam a dhath ar bith fá dtaobh dó, ach caithfidh gur sean-sean scéalta a bhí aige sin. Agus an fear eile, Joe Mhicí Ned, ní raibh a dhath ar bith nach bhfaca sé, chonaic sé tomhais, chonaic sé an Mhaighdean Mhara, na Mic Ua Gorra ag teacht isteach, síóga, achan rud a thiocfadh leatsa smaointiú air, bhí sé feicthe aige. Ba ghnáth leisean na scéalta sin a insint domsa. So, ó bhí mé iontach iontach óg, bhí scéalta thart timpeall orm an t-am uilig.”

Agus é thart ar 18 nó 19, shíl sé gur mhaith an rud cuid de na scéalta a scríobh síos. “Déarfainn, an céad rud a tháinig chugam ná scéalaíocht agus suim sa bhéaloideas,” arsa Mac a’ Bhaird. “Agus, nuair a bhí mé ar an Choláiste ansin, rinne mé tráchtas ar an bhéaloideas agus béaloideas Árainn Mhóir. So bhí an tráchtas seo scríofa agam, agus lá amháin bhí mé ag caint le Pádraig Ó Snodaigh i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath, agus bhíomar go díreach ag an bhéar agus bhí muid ag ól pionta, agus d’iarr sé orm an tráchtas a thabhairt dó, agus chuir sé amach mar leabhar é. Níor shíl mé a dhath de bheith ag scríobh leabhair an t-am údaí.”

Bhí an tráchtas bunaithe ar ábhar a bailíodh faoi Scéim na Scol i 1937-8. Thosaigh an leabhar ar an scríobhneoireacht é.

Mhair an dúil a bhí aige sa bhéaloideas, agus thug sé leis cuid de na scéalta a chuala sé ina óige, gur bhain úsáid as gnéithe díobh ina dhiaidh sin agus é ag scríobh scéalta do pháistí.

Thóg sé, leis, óna bheirt athair mhór tuiscint ar an dóigh le scéal a aithris. Ní raibh a fhios aige agus é óg go raibh sé ag foghlaim scileanna a bheadh úsáideacha níos faide anonn, ach bhí. “Má tá tú ag scríobh, ba mhaith leat é a scríobh ar dhóigh a thuigfeá féin é, nó go mbainfeá féin sult as, nó rud mar sin,” ar seisean.

Ar ndóigh, tá Mac a’ Bhaird ag foghlaim i dtólamh. In amannaí bíonn air taighde a dhéanamh leis an ábhar atá idir lámh aige a scríobh mar is ceart, agus “nuair a dhéanann tú an taighde, saibhríonn sé do chuid eolais féin.”

Cibé gné den scríobhneoireacht atá sé ag cleachtadh “níl ach méid áirithe go dtig leat a chur síos ar an pháipéar, ach tarraingíonn tú as achan áit, agus ansin piocann tú cad iad na rudaí is suimiúla, nó na rudaí a rachas leis an scéal.”

Tá éagsúlacht sna gnéithe den scríobhneoireacht a chleachtaíonn Mac a’ Bhaird. “Is maith liom an drámaíocht mar is rud é a bhaineann leis an chluas,” ar seisean. “Achan rud a bhaineann leis an drama, íomh agus cluas agus mar sin de atá ann. Is maith liom bheith ag éisteacht le daoine. Nuair atá mé sa bhaile agus a deir seanduine, nó duine ar bith, focal atá coimthíoch nó nár mhothaigh mé roimhe, bíonn mo chluas i gcónaí ar bior agus mé ag iarraidh – cad é an focal sin? – an dóigh a bhfuil sé dá úsáid agus mar sin. Is maith liom bheith ag éisteacht, so taitníonn an drama liom nó tá tú ag obair le glórthaí.”

Tá difear leis an phrós. “Nuair atá mise ag scríobh próis, chomh fada agus a thig liom, is maith liomsa é a bheith, ní simplí ach so-thuigthe. An meoin atá agam, an cinéal pros a chleachtaim, ní prós liteartha é, ní James Joyce nó Máirtín Ó Cadhain. Is maith liom leabhair gur mhaith liom féin a phiocadh suas agus a léamh, ar an trá nó ar eitleán nó ar an bhus. Bíonn sin chun tosaigh i m’intinn i gcónaí nuair atá mé ag scríobh próis. Bím ag smaointiú – an bhfuil mé ag éirí ró-domhain don léitheoir anseo? Má cheannaíonn tú mo leabharsa, ba mhaith liom go mbainfeá sult as.” Is fearr leis gan an scéal a bheith casta, agus luas a bheith leis.”

Is ceird difriúil arís scríobh na filíochta. “Uaireanta, glacann sé níos mó ama dán deich líne a scríobh ná mar a ghlacfadh sé trí caibideal d’úrscéal a scríobh,” ar seisean. “Is san fhilíocht a bhím cinéal ag súgradh leis an teanga. B’fhéidir ag cur síneadh leis an teanga agus ag lúbadh na teanga. Ag éirí scéalta a insint, ach ar bhealach níos ealaíonta, b’fhéidir.”

Thosaigh sé ar an scríobhneoireacht mar is ceart i ndiaidh an chéid leabhair. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, foilsíodh an céad úrscéal uaidh. Ba “caitheamh aimsire” aige an scríobhneoireacht, nó tá sé iontach deacair do bheatha a thabhairt i dtír mar scríobhneoir Gaeilge.

Is “caitheamh aimsire” é go gcuireann sé dua leis. Tógann sé suas le ceithre nó cúig bliain air creatlach dáin nó úrscéala a chur lena chéile. Cuireann sé ansin sprioc-am roimhe, go dtugann faoi.
“Ba mhaith leat bheith chomh maith agus a thig leat nuair a bhíonn tú ag cur rud amach,” ar seisean. “Tá cuid mhór, mhór rudaí a scríobhaim nach bhfeiceann solas an lae choíche.” Agus é níos óige, ní raibh sé chomh cúramach. Bhí deifir air, b’fhéidir ag éirí barraíocht a dhéanamh ró-ghasta. Anois, tugann sé am don snas agus don phrofléitheoireacht, agus cuireann roimhe caighdeán ard a bhaint amach.

Tá saol gnóthach ag Mac a’ Bhaird. I mbliana, nuair a chríochnaigh an coláiste Gaeilge in Árann Mór ag deireadh Mhí Iúil, shocraigh sé “níl mé ag dul a dhath ar bith eile a dhéanamh ach a bheith ag scríobh. Agus sin a rinne mé Mí Lúnasa ar fad.”

Caitheann sé go leoir dá chuid ama in Árann Mór. Is teanga pobail, ní teanga cúise, an Ghaeilge ann. Achan Aoine, imríonn sé ‘25’ le naonúr nó deichniúr eile “agus is i nGaeilge a bhíonn an cluiche. Níl duine ar bith ag suí síos agus ag rá ‘beidh fiche’s a cúig trí mheán na Gaeilge againn’. Ní cúis atá ann. Táimid ag labhairt Gaeilge mar gur sin an teanga ab fhusa le cumarsáid a dhéanamh.”  


No comments:

Post a Comment