Friday, 12 August 2016

New book examines Maamtrasna murders - how a community turned on itself

Céad tríocha’s a dó bliain ó shoin, réab fiántas trí gleann 
iargúlta ar an teorainn idir Gallimh agus Muigh Eo, ar 
bhruacha Locha Measca. Dúmaraíodh cúigear as an
aon teaghlach amháin: athair, máthair, iníon, mac
agus seanmháthair. Thug triúr ón bpobal fianaise
bréige, mar go raibh naimheas idir iad agus comharsan.
Díoladh suimeanna suntasacha airgid leo. Gabhadh deichniúr 
de bharr an fhianaise. Ar an deichniúr sin, thiontaigh beirt ina 
n- ollbhrathadóir: crochadh triúr: agus gearradh príosún saoil 
ar chúigear. Fuair beirt den chúigear sin bás agus iad faoi ghlas.

Ar an triúr a crochadh, bhí Maolrua Seoighe iomlán 
neamchiontach. Ba i mBéarla a cuireadh cúirt airsean, 
agus ar an seachtar eile, i gcúirt mar nach raibh Gaeilge 
ag breitheamh, dlíodóirí – idir cúisithe agus cosanta: 
cainteoir Gaeilge a bhí ann, gan focal Béarla aige.

Bhí Mám Trasna i mbéal an phobail ar feadh na mblianta, 
gur chuir an dóigh gur cuireadh Mhaolrua Seoighe chun
 báis alltacht ar dhaoine. Pléadh i bpairlimint Westminster é.
Anois,tá leabhar amuigh ar an chás, ‘Éagóir’ le
Seán Ó Cuirreáin, Iar-Choimisinéar teangan agus Conallach atá ag cur faoi i gConamara.

Dúirt Seán go bhfuil sé ag cur suime sa scéal “nuair a thug mé faidir go raibh grúpa thall sa Bhreatain i mbun feachtais le iarracht a dhéanamh go bhfógródh rialtas na Breatine gur iomrall ceartais nó miscarriage of justice a bhí i gceist sa chás sin. Agus na daoine a bhí i gceist beirt bhall de Theach na dTiarnaí, Lord Avebury agus Lord Alton. Anois, Lord Alton, is de bhunadh na Gaeltachta Gaillimh-Muigh Eo é.” Chaitheadh Alton an samhradh i gcónaí i Muigheo, gur chuala scéal Mhám Trasna cloiste aige.

“Nuair a bhí deis aige, shíl sé brú a chur ar rialtas na Breataine pardún iar-bháis a fháil do na daoine sin,” arsa Seán. “Bhí mise ag plé le cúrsaí cearta teangan ag an am sin, mar Chomisinéar Teangan, agus d’eagraigh muid ocáid i nGallimh, le béim a chur ar an cheart atá ar fáil anois Gaeilge a úsáid sna cúirteanna....

“D’úsáid muid cás Mám Trasna mar shampla, mar ní raibh ceart dá laghad ag na fir bhochta, cainteoirí aonteangacha Gaeilge a bhí ina bhformhór,” ar seisean. “Cuid acu, ní raibh focal ar bith Béarla acu. Cuireadh ar triail iad trí córas a bhí rite go hiomlán trí Béarla. Níor thuig siad cad é bhí ag dul ar aghaidh formhór an ama.”

Ba cheist cearta teangan a tharraing aird Sheáin ar an scéal i dtús báire, ach de réir mar ar chuir sé suim ann, rinne sé taighde....

“Duine ar bith a dhéanas taighde faoi scéal den chinéal sin, nó go deimhin duine ar bith a léas an leabhar seo, caithfidh sé dul i bhfeidhm orthu muna bhfuil croí acu atá déanta de cloch. Scéal truamhéileach an dóigh gur réabadh trí pobal beag daoine, Scrios an méid a tharla an pobal sin, gur dúnmaraíodh teaghlach bocht... Ina dhiaidh sin gur tháinig daoine áitiúla chun cinn sa phobal le fianaise a thabhairt, fianaise mar a tharla a bhí bréagach, ansin gur cionntaíodh ochtar as an phobal sin as an dúnmharú, gur crochadh triúr acu agus gur cuireadh cúigear acu i bpríosún ar feadh a saol... agus go bhfuair beirt acu bás sa phríosún, duine amháin i ndiaidh trí bliana déag, an duine eile i ndiaidh ocht mbliana déag. Agus an triúr deireannach, níor scaoileadh as an phríosún iad go dtí go raibh fiche bliain déanta acu, agus nuair a scaoileadh as an phríosún iad, cuireadh abhaile ar an traen iad, agus shiúil siad an t-ocht mile déag deireannach ó stáisiún na traenach trasna an chnoic san oíche agus sa dorchadas agis sa bhaisteach go dtí a n-áit dúchas... Is scéal fíor-brónach go deo é, ach is scéal fíor é.

“Sa léargas a thug mé den scéal, tá mé iomlán dílís don fhírínne. Chuaigh mé siar go dtí na bun-cáipéisí atá ar fáil ins na cartlanna anseo in Éirinn agus sa Bhreatain, go dtí na tuairiscí nuachtán, taifead na gcúirteanna, agus tá taifead iomlán ar an chás cúirte ar fáil ins an Chartlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. ... 

“Sin rud amháin, nuair a bhí réimeas na Breataine i gceannas ar an tír seo, bhí siad iontach maith ag rud amháin, ag coinneáil taifead ar rudaí, agus tá na cáipéisí coinnithe go hiontach ar fad. Mar shampla, tá chuile focal a labhraíodh sa chúirt ó thús an chéid trialach go dtí an ceann deireannach, tá sé ar fad ann. Chomh maith le sin, tá go leoir leoir ábhar eile i gcartlanna sa Bhreatain. Tá go leoir altanna sna nuachtáin. Mar shampla, fuair mé dhá mhíle sé céad alt i nuachtáin na Breataine amháin faoi chás Mám Trasna idir ocht gcéad ochtó’s a dó agus ocht gcéad ochtó’s a cúig.

“An chúis go bhfuil an taighde níos simplí anois, tá go leoir den ábhar seo ar fáil go digiteach anois, ar líne. Mar shampla, pléadh cás Mám Trasna go minic i bPairlimint Westminster. Agus má tá tú ag éirí aon rud a léamh faoin bplé a tharla i Westminster faoi, níl le déanamh ach dul go dtí an suíomh idirlíon in a bhfuil taifead iomlán ar dhíospóireachtaí Westminster, Hansard mar a tugtar air. Téann tú go dtí Hansard, cuireann tú isteach an focal ‘Mám Trasna’, cuireann tú isteach na focail b’fhéidir ‘Myles Joyce’, agus gheobhaidh tú na h-altanna ar fad, na h-óráidí ar fad, na ceisteanna pairliminte ar fad.”

Tá lorg na n-eachtraí ar an áit i gcónaí “nó bhí na daoine uilig ansin gaolta le céile, cairdiúil le céile, mór le céile. Mhair an t-aighneas agus an choimhlint agus an scoilt sin i measc an phobail ní ar feadh na mblianta ach ar feadh na nglúnta, agus maireann riain dhe go fóill. Nílimid ach ag caint ar trí glúin siar, céad tríocha bliain ó shoin nó mar sin. ... Tuigeann daoin cén taobh go raibh said ceangailte leis, ar thaobh an teaghlaigh a dúnmaraíodh, ar thaobh na daoine a thug fianaise bréige, an raibh siad i measc na daoine a crochadh go héagórach nó a cuireadh i bpríosún go héagórach, nó an raibh siad i measc an dream a rinne an coir millteanach seo agus nár cúisíodh riamh iad. Tá sé seo fágtha i measc an phobail fós, a thionchar agus a lorg, agus is dócha go mbeidh ar feadh i bhfad.”

Faoi chionn trí bliana, b’eol an fear a rinne na dúnmharuithe a phleanáil. Ainneoin gur mharaigh sé ar a laghad duine amháin de na mairbh é féin, níor cúisíodh riamh é. Labhair duine de na brathadóirí amach i detach an phobail, agus Ard-Easpag Thuama i láthair, gur ainmnigh an fear a bhí ciontach.

Mhair Rialtas na Breataine bodhar ar achainí, nó “b’ionann é agus a rá go raibh siad iomlán mí-cheart sa rud a rinne siad go dtí sin.” ‘Appalling vista’ a bheadh ann, i bhfocail an Tiarna Denning faoi seisear Birmingham.

Tá brú anois ar rialtas na Breataine admháil oifigiúil a dhéanamh, gur iomrall ceartais a tharla. Leis, tá fad-scannán fáisnéise le déanamh, bunaithe ar an leabhar, agus maoiniú ceadaithe. Tá súil ag Seán go spreagfaidh seo ar fad plé.”


Éagóir le Seán Ó Cuirreáin. Cois Life €15




No comments:

Post a Comment