Wednesday, 10 August 2016

Father Ted - now as Gaeilge!

(A slightly edited version of this was published in An tUltach, Samhradh 2016)

Tá sprid Gaelach trí Father Ted. Anois, tá Father Ted as Gaeilge againn.
B’iad Aisteoirí na hÓmaí a chuir ar an stáitse é. Tá achan duine ann, ina measc an tAthair Jack ina chathaoir rotha agus an tEaspag Brennan – a fulaingíonn an cic cáiliúil sa tóin ag deireadh.
B’é an t-aisteoir aitheanta Bean McCaugherty a scríobh an scriopt, fear a feictear go measartha minic ar TG4. Is eisean an tAthair Ted é féin, riain maith den Dermot Morgan ann – ach é ag cur a lorg féin ar an charactar chomh maith.
Tá aisteoireacht mhaith sa phíosa. Chomh maith le Bean, caithfear Mary Cahill a lua. Cuireann sise cuid geaitsí Mrs Doyle uirthi go huile is go hiomlán.

Go dtí seo, ní raibh an leagan seo le feiceáil ach i Lár-Ionad Ealaíne na Sruthaíle ar an Ómaith don aon oíche amháin. Tá súil agam go mbeidh sé ar an stáitse arís.

No comments:

Post a Comment