Monday, 13 April 2015



Janet Muller - continuing the campaign for an Irish Language Act

(An edited version of this piece was published in 'An tUltach', March 2015

Tá áthas ar Janet Muller, príomh-fheidhmeannach Phobail, leis an dóigh go bhfuil ag éirí leo agus iad ag ag stocaireacht ar son Achta Gaeilge. Mar chuid den fheachtas atá acu, bhí saincruinniú i gColáiste Mhuire, Béal Feirste, ag tús na míosa.

Mar chuid den saincruinniú sin, bhí beirt de na saineolaithe ab fhearr ar domhain. B’iad an tOllamh Colin Williams ón mBreatain Bheag, agus an tOllamh Robert Dunbar as Albain. Tá Williams eolach ach go háirithe ar chúrsaí sa Bhreatain Bheag, san Fhionlainn agus i gCeanada. Maidir le Dunbar, tá sé ar na príomh-shaineolaithe dlí sa domhan agus i gcothabháil agus athneartú teangacha mionlaigh. Mar Albanach, tá ar ndóigh an-cur amach aige ar chúrsaí Gàidhlig in Albain – is saineolaí é ag Comhairle na hEorpa.

Dar le Janet go bhfuil táithí idirnáisiúnta riachtanach. “Tá sé i gcónaí iontach tábhachtach an comhairle is tábhachtaí a fháil,” ar sise. Tá sé mar bhua ag an bheirt go bhfuil eolas acu faoi na deacrachtaí a bhíonn ann ó thaobh reachtaíochta. “Bíonn na constachtaí seo faoi chaibidil,” ar sise.

Is gné iontach tábhachtach den cheist sin. “Feiceann siad na rudaí nach n-oibríonn,” ar sise. Baineann cleachtadh idirnáisiúnta s’acu ach go háirithe le míreanna reachtaíochta nach bhfuil cruinn. “Tá sé riachtanach na ceachtanna sin a chur ó thaobh na h-áite mar a bhfuilimid ó thaobh na Gaeilge,” ar sise. “Sílim nár choir do phobal na Gaeilge ná don Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta bheith ag athcruthú an rotha, agus amharc ar chleachtanna oibre a rinneadh i dtíortha eile.”

Ní ar dhornán tíortha atá Janet agus Pobal ag amharc, ach ar achan tír mar a bhfuil reachtaíocht teangan.

Ní féidir cleachtadh tíre eile a iomportáil chun an Tuaiscirt, ar ndóigh. Tá cúinsí faoi leith ann. Cuireadh reachtaíocht i bhfeidhm gan móran bheith ag cur ina n-éadán sa Bhreatain Bheag, in Albain, agus i gcuid de Cheanada. Tá cearta láidre i gceist sna tíortha sin, agus iad níos laige i dtíortha eile.

Má tá ceacht amháin gur cheart a thbhairt isteach sa Tuaisceart, is é go bhfuil réimse leathan de chearta riachtanach. “Ní fiú cearta cúnga sa reachtaíocht,” ar sise. Ní cearta a bhíonn ansin, nó bíonn reachtaíocht cúng ina chontúirt. “Bheadh naimhde na Gaeilge ábalta a rá – ‘ní deireann an reachtaíocht sin’,” ar sise. “Is é an rud ná go mbeadh sé iomlán soiléar cad é tá ar ranna stáit agus seirbhísí poiblí a dhéanamh. Is é an cheacht ón gcleachtadh idirnáisiúnta ná go mbíonn fadhbanna muna bhfuil moltaí comhleanúnacha, muna bhfuil cearta soiléire, agus muna réimse agus leithne cearta reathaithe.

Tá sampla den scoth den rud nár cheart a dhéanamh ar leac an dorais. “Ní gá dul ró-fhada,” arsa Janet. “Sa Deisceart! Ní fiú Bille muna bhfuil toil leis an Bhille a chur i bhfeidhm.” Ma bhí Acht ann, ní raibh an toil ann ansin.

Leagann Janet síos coinníollacha. “Tá tábhacht le reachtaíocht atá soiléar go leoir le seirbhisí a chruthú, agus dualgaisí cuimsitheacha a chur ar ranna stáit,” ar sise. “Tá sé tábhachtach go mbeadh meá cothrom ar fáil. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh cáipéisí ar fáil trí Gaeilge, ach tá seirbhísí de dhíth.”

Dhéanfadh soláthar seirbhisí saol na Gaeilge a fhorbairt. Bheadh ar an stát daoine a n-earcadh le seirbhísí a chur ar fáil. Bheadh sé riachtanach traenáil agus sain-traenáil a thabhairt dóibh.

Leanann buntáistí eile ó sin. “Ceann de na rudaí is tábhachtaí ná teagasc na Gaeilge do pháistí,” ar sise. “Táimid ag iarraidh córas láidir Gaelscolaíochta. Ba cheart go mbeadh ceart ag gach tuismitheoir páiste a chur chuig Gaelscoil.”

Ní sin an t-aon ceart amháin ó thaobh scolaíochta. “Ba cheart gur coir go mbeadh sé de cheart ag gach tuismitheoirí an Ghaeilge a bheith dá theagasc i scoileanna Béarla,” ar sise. “Sa Bhreatain Bheag, rinne sin an difear.

“Thar cúpla glúin tá an chuid is mó de na daoine ag foghlaim Breathnaise ar scoil. Bhí gach duine ábalta cúpla focal a rá. Cé nár lean achan duine den teanga, d’aithin siad a luach.”

Tá go leoir le foghlaim ó achan cearn den domhain. Dar le Janet gurb é an buntáiste atá ag Pobal ná go bhfuil siad ag glacadh le fíor-saineolas ar bhonn idirnáisiúnta.

Aithníonn sí gur cheist pholaitiúil atá ann chomh miath. “Tá sé ionteach tábhachtach teachtaireacht iontach láidir a thabhairt do pholaiteoirí,” ar sise. Tá sin le déanamh cinnte nach ndéanfaidh siad ach na rud gur mhaith leo a phiocadh amah. Tá an saineolas riachtanach, leis, le bheith ag plé le polaiteoirí.

Caithfear rud eile a dhéanamh agus pobal na Gaeilge ag plé le polaiteoirí. “Tá sé riachtanach na moltaí bheith scríofa síos ar pháipéar,” ar sise. “Ní bheith polaiteoirí ábalta cur chuige roghnach a dhéanamh.”

Tá cainteanna ag dul ar aghaidh go leanúnach leis na páirtithe polaitiúla. Agus ní páirtithe an Tuaiscirt amháin atá i gceist. Bhuail toscaireacht ó Phobal le hAndrew Murrison, Fo-Rúnaí Stáit Parlaiminte in Oifig Thuaisceart Éireann. “Rinneadh an cás go láidir gur gheall Rialtas na Breataine i 2006 gur cheart an tAcht a chur isteach,” arsa Janet.

Má rinneadh an gealltanas sin i 2006, tá díomá ar Janet nach amhlaidh anois. “Tá sé ráite ag Cearál (Ní Chuilín, an tAire Cultúr, Ealaíon agus Fóillíocht) nach bhfuil comhaontú aici ó Rialtas na Breataine maidir le hAcht Gaeilge,” arsa Janet. “Tá sé ráite, leis, nach raibh comhaontú ó na hAontachtaithe ar léibhéal an Tionóil.”

Tá idir imní agus díomá ar Janet. “Bhí an-imní orainn nuair a chonaiceamar an Stormont House Agreement,” ar sise. “Ní raibh rud ar bith súntasach ann faoin Ghaeilge, Níor luadh Acht na Gaeilge.”

Tá sé tábhachtach gur chinn Cearál Ní Chuilín ar chomhairliúchán eile “le go bhfaighfeadh na polaiteoirí amach cad é tá de dhíth ar phobal na Gaeilge.” Tá doiciméid ar shuíomh Pobal a bheadh ina gcuidiú ag daoine atá ag tabhairt freagraí ar an chomhairliúchán. “Tá fadhb le próiséas comhairliúcháin, sin go mbainfeadh polaiteoirí úsáid as muna mbeadh freagraí cruinn,” arsa Janet. Dar léi go bhfuil sé tábhachtach go mbainfí úsáid as saineolas agus sain-táithí idirnáisiúnta le freagraí a thabhairt. Leis, ba cheart úsáid a bhaint as na moltaí deimhne.

Creideann Janet go leanfaidh pobal na Gaeilge ag brú leo ar son Achta, agus ag cur an brú sin ar an trí rialtais, agus “ar na páirtithe, bíodh siad Aontachtach nó Náisiúnach.” Is cinnte go bhfuil rún ag Janet gan stopadh go mbeidh Acht ann.

No comments:

Post a Comment