Wednesday, 15 April 2015



Irish Jews speak up for Palestinians

(An edited version of this was published in An tUltach, March 2015)

Tá Giúdaigh in Éirinn ag seasamh amach in éadán na leatroma ar Phailistínígh. Labhair mé le beirt Gaeilgeoir ina measc i gcaifé i lár Bhéil Feirste – Sue Pentel agus iníon s’aici, Aisling Nic Eoin, atá ar bhunaitheoirí Jewish Voice for a Just Peace.

Bhí an bheirt ar a mbealach chuig cruinniú den Palestine Solidarity Campaign. Rinneamar ár mbealach trí babhla ológa

Mhínigh Sue go bhfuil clár simplí ag an eagraíocht, gur “Giúdaigh in Éirinn sinn a sheasann leis an phobal Pailistíneach, atá ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do choimhlint na bPailistíneach ar son cearta daonna, agus nach n-aontaíonn le polásaí an rialtais in Iosrael. Mothaimid gur gá dúinn seasamh a ghlacadh, agus gan glacadh leis an leatrom atá déanta ar na Pailistínígh le tamall fada. Caithfidh mé a rá gur thug na h-eachtraí, agus na h-eachtraí tragóideacha, a tharla thar an samhradh, gur thug siad cic dom. Spreag siad muid le rud éigean a dhéanamh, agus gan bheith ag labhairt faoi.”

Diúltaíonn Sue agus Aisling don bharúil go labhrann Benjamin Netanyahu ar son an phobail Giúdaigh. “Ar an chéad dul síos, tá formhór na nGiúdach ina gcónaí taobh amuigh d’Iosrael,” arsa Sue. Diúltaíonn sí don Síónachas. “Ní thiocfadh liom glacadh leis, mar Giúdach, mar Giúdach ó chúlra cráifeach, leis na rudaí atá Netanyahu ag déanamh. Ní thiocfadh liom bheith den bharúil go dtig liomsa bheith saor má leagaim mo chos ar an phobal Pailistíneach, go bhfuil cead agam na Pailistínígh a chur amach as talamh s’acusan, as tithe s’acusan.”

Tá Aisling chomh tréan céanna. “Mar Giúdach, mothaím go bhfuil dualgas orm seasamh suas don daonlathas agus do chearta daonna – agus chomh maith, as an traidisiún eile inar tógadh mé, sa phobal Gaeilge,” ar sise. “Mothaím gur dualgas atá ann mar go bhfuil na rudaí seo ag tarlú i m’ainm, in anim mo mháthar, in ainm mo chlainne.”

Togadh Sue féin i bpobal Giúdach i Londain. “Nuair a bhí mise óg, d’fhoghlaim mé faoin Uileloscadh,” ar sise. “Caithfidh mé a rá, ag pointe áirithe, go raibh mé ró-dhírithe ar sin.” Thug sí léi ceacht faoi cearta daonna as sin.

“Níor ghlac mé leis ó bhí mé óg gur ghlac duine ar bith na Giúdaigh thar daoine ar bith eile,” ar sise. “Níl mé compórdach le sin. Tá frith-Giúdachas ann, tá ciníochas ann, so feicim mar a dúirt Aisling go bhfuil dualgas orainn seasamh in éadán gach rud a bhaineann dínít agus cearta daonna ó duine ar bith. Is cuma cén dath atá orthu, nó cá h-as a dtagann siad.”

Feiceann sí cosúlachtaí le h-Éirinn, sa dóigh gur scuabadh sean-logainmneacha Pailistíneacha chun siúil in Iosrael. “Mar duine atá anseo le níos mó ná 30 bliain, agus go bhfuil suim agam sa chultúr Gaelach, feicim gur tharla an rud céanna anseo nuair a ghlac na Sasanaigh – cé gur Sasanach mé – seilbh ar an tír seo, agus go ndearna siad suirbhé ar na h-ainmneacha Gaeilge, rinne siad ath-baisteadh orthu,” ar sise.

Mar Giúdach “is féidir liom bheith i mo shaoránach d’Iosrael, is féidir liom cónaí ann, cionn is gur Giúdach mé, ach más Pailistíneach mé, ní féidir liom, agus más Pailistíneach thú, is féidir liom tú a chur amach as do theach.”

Tá olc uirthi go bhfuil rialtas Iosraeil ag glacadh seilbhe ar níos mó talún. Dar leis an rialtas gur ar son sábháilteachta an phobail Giúdaigh. “A mhalairt atá ann,” ar sise. “Sin an áit is lú sábháilteachta do Ghiúdaigh.”

Tá bród uirthi as na daoine a tháinig amach as an Uileloscadh, agus a thugann tacaíocht do na Pailistínígh, mar go dtuigeann siad nach bhfuil an locht ar an phobal Pailistíneach as an Uileloscadh.

Tá geiteonna sa dúchas ag Sue, nó tháinig a sinsear ó geiteo in oirthear na hEorpa. Anois, in ainm s’acu, tá Gaza ar an gheiteo is mó ar domhain.

Tá Sue níos gníomhaí ar cheist na bPailistíneach le tamall. “Nuair a tháinig mé anseo i dtús báire, bhí mé gníomhach ar son cearta daoinna in Éirinn,” ar sise.  “I ndiaidh tamaill, chonacthas dom go raibh obair le déanamh anseo, agus shocraigh mé bheith I mo bhall den Irish Palestine Solidarity Campaign. Bhí mé ag éirí grúpa Giúdach a bhunú, ach níl an pobal Giúdach in Éirinn iontach mór.” Bhuail sí le Jo Bird as Doire, agus bhunaigh siad an grúpa.

Tá Aisling chomh tógtha céanna faoin leatrom. Is cuimhin léise bheith ag foghlaim faoin Dara Cogadh Mor agus an t-Uileloscadh ar scoil. “Bhí sin iomlán difriúil ó na ranganna eile,” arsa Aisling. “Cionn is go raibh an ceangal sin ann. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag amharc ar Al Jazeera agus na rudaí ar fad a bhí ag tarlú i rith an t-samhraidh, agus bhí na mothúcháin céanna ann.”  Níos measa aici “tá sé ag tarlú in ár n-ainm.”

Agus sin téama a théann fríd an comhrá. Tá daoine muinteartha le Sue in Iosrael. Ainneoin gan iad bheith ar aon intinn faoin Phailistín, réitíonn siad lena gcéile - ach níl sí chun cuairt a chur orthu. “Ní raibh mé riamh in Iosrael, agus ní bheidh,” ar sise. “Rachaidh mé go Pailistín.”

Tá imní uirthi faoin phobal Giúdach, nó feiceann sí an saghas bunúsachas atá ag teacht chun cinn sa phobal Ioslamach sa phobal Giúdach chomh maith, ina measc cuid dá lucht aitheantais i Londain. Clúdaíonn mná a gcinn, caitheann siad éadaí traidisiúnta. Níl cead ag bean dul amach gan a ceann bheith clúdaithe. Caithfidh lámha agus cosa bheith clúdaithe. Tá fir agus na mná scartha. In éineacht le sin, creideann siad gur thug Dia Iosrael dóibh. “Ní creidim i nDia,” arsa Sue, agus í ag gáire.

B’aistear a thug chun na Gaeilge í. “Tá mé iontach bródúil as mo chúlra, as bheith i mo Ghiúdach,” ar sise. Ghlac glúin a tuismitheoirí i Londain leis gur ceart “a gcinn a chur síos agus obair go crua. Ní raibh mise iontach compórdach le sin, bhí mé ag iarraidh na scéalta. Spreag sin mo shuim san Uileloisceadh.” Bhí suim aici, chomh maith, i stair an teaghlaigh.

Agus í ina déagóir, chuaigh sí ar ranganna Eabhraise – go dtí lá mar a raibh mórshiúil in éadán cogaidh Vítnam ar an lá céanna “agus chuaigh mé ar an mhórshiúil.” Chuaigh sí leis an pholaitíocht réabhlóideach, gur léigh Marx. Chuaigh sí go hOllscoil Kent, mar a raibh pobal mór ón dTuaisceart - agus grúpa tréan sóisialach ann. “Bhuail mé le fear, agus sin é,” ar sise. “Tháinig mé anseo i mile naoi gcéad seachtó’s a sé. Bhí clann s’aige iontach foscailte dom.”

Bhí cónaí orthu in Iarthar Bhéil Feirste, rugadh páistí, agus bhí scolaíocht le tabhairt dóibh – agus gur scoileanna Caitliceacha uilig a bhí sa cheantar. “D’amharc muid ar an ghluaiseacht idircreidmheach, agus ní raibh muid iontach sásta le sin. Mhothaigh muid go raibh na Caitlicigh ar thaobh amháin, ná Protastúnaigh ar thaobh eile – cá mbeadh na Giúdaigh, na Giúdaigh aindiagacha? Agus mhothaigh muid go mbeimis ag tabhairt na páistí amach as pobal s’againne.” B’shin nó bhí dúil aici bheith ina cónaí lámh le tuismitheoirí a fir céile.

Chláraigh siad an céad páiste le Bunscoil, chuaigh Sue ag obair ann go lán-aimseartha “agus bhí orm Gaeilge a fhoghlaim, sin tús agus deireadh an scéil.” Tá sí anois ag obair go lánaimseartha san earnáil, agus an Ghaeilge mar chuid dá dúchas.




No comments:

Post a Comment