Irish Jews speak up for Palestinians
(An edited version of this was published in An tUltach, March 2015)
Tá Giúdaigh in Éirinn ag seasamh amach in éadán na leatroma
ar Phailistínígh. Labhair mé le beirt Gaeilgeoir ina measc i gcaifé i lár Bhéil
Feirste – Sue Pentel agus iníon s’aici, Aisling Nic Eoin, atá ar bhunaitheoirí Jewish
Voice for a Just Peace.
Bhí an bheirt ar a mbealach chuig cruinniú den Palestine
Solidarity Campaign. Rinneamar ár mbealach trí babhla ológa
Mhínigh Sue go bhfuil clár simplí ag an eagraíocht, gur “Giúdaigh
in Éirinn sinn a sheasann leis an phobal Pailistíneach, atá ag iarraidh
tacaíocht a thabhairt do choimhlint na bPailistíneach ar son cearta daonna,
agus nach n-aontaíonn le polásaí an rialtais in Iosrael. Mothaimid gur gá dúinn
seasamh a ghlacadh, agus gan glacadh leis an leatrom atá déanta ar na
Pailistínígh le tamall fada. Caithfidh mé a rá gur thug na h-eachtraí, agus na
h-eachtraí tragóideacha, a tharla thar an samhradh, gur thug siad cic dom.
Spreag siad muid le rud éigean a dhéanamh, agus gan bheith ag labhairt faoi.”
Diúltaíonn
Sue agus Aisling don bharúil go labhrann Benjamin Netanyahu ar son an
phobail Giúdaigh. “Ar an chéad dul síos, tá formhór na nGiúdach ina gcónaí
taobh amuigh d’Iosrael,” arsa Sue. Diúltaíonn sí don Síónachas. “Ní thiocfadh
liom glacadh leis, mar Giúdach, mar Giúdach ó chúlra cráifeach, leis na rudaí
atá Netanyahu ag déanamh. Ní thiocfadh liom bheith den bharúil go dtig liomsa
bheith saor má leagaim mo chos ar an phobal Pailistíneach, go bhfuil cead agam
na Pailistínígh a chur amach as talamh s’acusan, as tithe s’acusan.”
Tá
Aisling chomh tréan céanna. “Mar Giúdach, mothaím go bhfuil dualgas orm seasamh
suas don daonlathas agus do chearta daonna – agus chomh maith, as an traidisiún
eile inar tógadh mé, sa phobal Gaeilge,” ar sise. “Mothaím gur dualgas atá ann
mar go bhfuil na rudaí seo ag tarlú i m’ainm, in anim mo mháthar, in ainm mo
chlainne.”
Togadh
Sue féin i bpobal Giúdach i Londain. “Nuair a bhí mise óg, d’fhoghlaim mé faoin
Uileloscadh,” ar sise. “Caithfidh mé a rá, ag pointe áirithe, go raibh mé
ró-dhírithe ar sin.” Thug sí léi ceacht faoi cearta daonna as sin.
“Níor
ghlac mé leis ó bhí mé óg gur ghlac duine ar bith na Giúdaigh thar daoine ar
bith eile,” ar sise. “Níl mé compórdach le sin. Tá frith-Giúdachas ann, tá
ciníochas ann, so feicim mar a dúirt Aisling go bhfuil dualgas orainn seasamh
in éadán gach rud a bhaineann dínít agus cearta daonna ó duine ar bith. Is cuma
cén dath atá orthu, nó cá h-as a dtagann siad.”
Feiceann
sí cosúlachtaí le h-Éirinn, sa dóigh gur scuabadh sean-logainmneacha
Pailistíneacha chun siúil in Iosrael. “Mar duine atá anseo le níos mó ná 30
bliain, agus go bhfuil suim agam sa chultúr Gaelach, feicim gur tharla an rud
céanna anseo nuair a ghlac na Sasanaigh – cé gur Sasanach mé – seilbh ar an tír
seo, agus go ndearna siad suirbhé ar na h-ainmneacha Gaeilge, rinne siad
ath-baisteadh orthu,” ar sise.
Mar
Giúdach “is féidir liom bheith i mo shaoránach d’Iosrael, is féidir liom cónaí
ann, cionn is gur Giúdach mé, ach más Pailistíneach mé, ní féidir liom, agus
más Pailistíneach thú, is féidir liom tú a chur amach as do theach.”
Tá
olc uirthi go bhfuil rialtas Iosraeil ag glacadh seilbhe ar níos mó talún. Dar
leis an rialtas gur ar son sábháilteachta an phobail Giúdaigh. “A mhalairt atá
ann,” ar sise. “Sin an áit is lú sábháilteachta do Ghiúdaigh.”
Tá
bród uirthi as na daoine a tháinig amach as an Uileloscadh, agus a thugann
tacaíocht do na Pailistínígh, mar go dtuigeann siad nach bhfuil an locht ar an
phobal Pailistíneach as an Uileloscadh.
Tá
geiteonna sa dúchas ag Sue, nó tháinig a sinsear ó geiteo in oirthear na
hEorpa. Anois, in ainm s’acu, tá Gaza
ar an gheiteo is mó ar domhain.
Tá
Sue níos gníomhaí ar cheist na bPailistíneach le tamall. “Nuair a tháinig mé
anseo i dtús báire, bhí mé gníomhach ar son cearta daoinna in Éirinn,” ar
sise. “I ndiaidh tamaill, chonacthas dom
go raibh obair le déanamh anseo, agus shocraigh mé bheith I mo bhall den Irish
Palestine Solidarity Campaign. Bhí mé ag éirí grúpa Giúdach a bhunú, ach níl an
pobal Giúdach in Éirinn iontach mór.” Bhuail sí le Jo Bird as Doire, agus
bhunaigh siad an grúpa.
Tá Aisling chomh tógtha céanna faoin leatrom. Is cuimhin
léise bheith ag foghlaim faoin Dara Cogadh Mor agus an t-Uileloscadh ar scoil.
“Bhí sin iomlán difriúil ó na ranganna eile,” arsa Aisling. “Cionn is go raibh
an ceangal sin ann. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag amharc ar Al Jazeera agus
na rudaí ar fad a bhí ag tarlú i rith an t-samhraidh, agus bhí na mothúcháin
céanna ann.” Níos measa aici “tá sé ag
tarlú in ár n-ainm.”
Agus sin téama a théann fríd an comhrá. Tá daoine muinteartha
le Sue in Iosrael. Ainneoin gan iad bheith ar aon intinn faoin Phailistín,
réitíonn siad lena gcéile - ach níl sí chun cuairt a chur orthu. “Ní raibh mé riamh
in Iosrael, agus ní bheidh,” ar sise. “Rachaidh mé go Pailistín.”
Tá imní uirthi faoin phobal Giúdach, nó feiceann sí an
saghas bunúsachas atá ag teacht chun cinn sa phobal Ioslamach sa phobal Giúdach
chomh maith, ina measc cuid dá lucht aitheantais i Londain. Clúdaíonn mná a
gcinn, caitheann siad éadaí traidisiúnta. Níl cead ag bean dul amach gan a
ceann bheith clúdaithe. Caithfidh lámha agus cosa bheith clúdaithe. Tá fir agus
na mná scartha. In éineacht le sin, creideann siad gur thug Dia Iosrael dóibh.
“Ní creidim i nDia,” arsa Sue, agus í ag gáire.
B’aistear a thug chun na Gaeilge í. “Tá mé iontach bródúil
as mo chúlra, as bheith i mo Ghiúdach,” ar sise. Ghlac glúin a tuismitheoirí i Londain
leis gur ceart “a gcinn a chur síos agus obair go crua. Ní raibh mise iontach
compórdach le sin, bhí mé ag iarraidh na scéalta. Spreag sin mo shuim san
Uileloisceadh.” Bhí suim aici, chomh maith, i stair an teaghlaigh.
Agus í ina déagóir, chuaigh sí ar ranganna Eabhraise – go dtí
lá mar a raibh mórshiúil in éadán cogaidh Vítnam ar an lá céanna “agus chuaigh
mé ar an mhórshiúil.” Chuaigh sí leis an pholaitíocht réabhlóideach, gur léigh
Marx. Chuaigh sí go hOllscoil Kent,
mar a raibh pobal mór ón dTuaisceart - agus grúpa tréan sóisialach ann. “Bhuail
mé le fear, agus sin é,” ar sise. “Tháinig mé anseo i mile naoi gcéad seachtó’s
a sé. Bhí clann s’aige iontach foscailte dom.”
Bhí cónaí orthu in Iarthar Bhéil Feirste, rugadh páistí,
agus bhí scolaíocht le tabhairt dóibh – agus gur scoileanna Caitliceacha uilig
a bhí sa cheantar. “D’amharc muid ar an ghluaiseacht idircreidmheach, agus ní
raibh muid iontach sásta le sin. Mhothaigh muid go raibh na Caitlicigh ar
thaobh amháin, ná Protastúnaigh ar thaobh eile – cá mbeadh na Giúdaigh, na
Giúdaigh aindiagacha? Agus mhothaigh muid go mbeimis ag tabhairt na páistí
amach as pobal s’againne.” B’shin nó bhí dúil aici bheith ina cónaí lámh le
tuismitheoirí a fir céile.
Chláraigh siad an céad páiste le Bunscoil, chuaigh Sue ag
obair ann go lán-aimseartha “agus bhí orm Gaeilge a fhoghlaim, sin tús agus
deireadh an scéil.” Tá sí anois ag obair go lánaimseartha san earnáil, agus an
Ghaeilge mar chuid dá dúchas.