Promoting Irish in Derry –
Michaeline Donnelly
(first published in An tUltach, December 2014)
Is bean gnóthach í Michaeline Donnelly, Oifigeach Forbartha le
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Bhí orainn fanacht leis an agallamh a dhéanamh sa
chaifé ag an Chultúrlann Uí Chanáin, nó í ag déanamh agallaimh ar Raidió na
Gaeltachta – agus ansin ag eagrú seoladh ‘An Bhean Feasa’ le Alan Titley an
oíche sin.
Tá an suim a chuireann sí i rudaí tógálach. Thug sí cóip de
‘An Bhean Feasa’ dom agus mé ag ól chaifé. Faoin am gur thosaigh an t-agallamh,
bhí oiread sin den leabhar léite agam gur cheannaigh mé é.
Tugann an post spreagadh di. Dar léi gurb é a céad dualgas
ná feiceálacht na Gaeilge sa chathair a ardú. Tá obair an-éagsúil ansin. “Comharthaí
dá-theangach, turasóireacht cultúrtha a spreagadh, cuidiú leis na scoileanna,
gnóthaí pobail, imeachtaí a reachtáil – is cineál obair pobail atá ann,” ar
sise. Tá club óige atá ag dul “ó neart go neart.”
Déanann sin freastal ar dhéagóirí. Níl meánscoil Gaeilge ann
“agus níl na scoileanna (Béarla) ag freastal ar na páistí a thagann amach as na
bunscoileanna.” Níl an Ghaeilge mar ábhar ach i gcúpla ceann acu. “Tá cinéal
bearna ann, agus feiceann mo dhuine go bhfuil sé orainn na bearnaí sin a
líonadh,” ar sise.
Tá bród uirthi as an Chultúrlann, mar a bhfuil 400 ag
freastal ar ranganna Gaeilge – ag achan léibhéal “ó lán-tosaitheoirí go
léibhéal dioplóma,” chomh maith le ranganna ceoil, damhsa, sean-nós agus eile. Níl
go leoir spáis ann anois. “Tá sean-eaglais agus mansa ceannaithe againn béal
dorais,” ar sise. “Acadamh Ceoil Caoimhín Ó Dochartaigh a bhéas ann.”
Tá dul chun cinn maith déanta ó thaobh na Gaeilge i nDoire,
ach “ní thiocfadh leat a rá go bhfuil sé chomh feiceálach agus atá in áiteann
áirithe i mBéal Feirste…. Tá pobal dlúth anseo, iontach dlúth. Níl sé chomh
scaipthe agus atá sé i mBéal Feirste. Tagann daoine anseo, sa Derby bíonn ciorcal comhrá againn, in Ostán
na Cathrach ciorcal comhrá eile, sa Leabharlann, sa Grand Central, i gCnoc na
Rós. Bíonn an-chuid imeachtaí ar siúil. Tá oifigeach forbartha thar barr againn
sa Comhairle, Pól Friel.
Tá pleananna le go mbeidh a ‘Cheantar Gaeltachta’ féin ag Doire. “Tá dhá saghas sruth ann,” ar
sise. “Sa ghearrthéarma, ceathrú cultúrtha, ceathrú turasóireachta, mar sin,
thart ar an sráid seo (Sráid Mór Shéamais), thart ar Waterloo Street agus mar
sin, mar a bhfuil an saol san oíche agus rudaí mar sin,” ar sise. “Tá go leoir
ag tarlú sa cheantar sin, agus ansin tá sraith eile ann, cinéal tionscadal níos
leithne tríd an cheantar ar fad – Tobar an Fhíoruisce, Taobh an Bhogaigh, an
Creagán. Tá na daoine ins na ceantaracha sin iontach bródúil as an teanga, agus
ba mhaith linn sin a chothú agus a chur chun cinn, agus go mbeadh a fhios ag
daoine go bhfuil luach eacnamaíochta ag an teanga, agus í a úsáid i measc an
phobail.”
Tá bród ar Mhichaeline mar “tagann daoine ó gach cuid den
phobal anseo, ón dá phobal. Bíonn cruinniú leis an Londonderry Bands Forum
b’fhéidir uair gach coicís nó mar sin.
Tá sin mar go bhfuil cuid mhór oibre trasphobail ar shiúil ó
thaobh na Gaeilge. “Tá oifigeach trasphobal againn anseo, agus le linn Fleadh
Ceoil na hÉireann, bhuel, b’shin nuair a chonaiceamar go raibh an-rachairt
air,” ar sise. “Tháinig an Londonderry Bands Forum agus an Cultúrlann le céile,
agus bhí na bannaí ceoil ag seinm le linn na Fleadha, bhí siad ag an Fhéile
Pan-Ceilteach, agus bhí siad i Sligeach ag Fleadh Ceoil na hÉireann i mbliana
fosta.” Tá súil tógáil ar an obair seo le féile pobail, agus Paráid Lá Fhéile
Pádraig, nó an Cultúrlann ag amharc ar an dóigh “leis na teorainneacha sin a
leathnú, agus leis an rud a bhrú amach.
“Tá na daoine sin iontach oscailte don Gaeilge. Bhuail mé le
fear cúpla seachtain ó shoin agus é clúdaithe le tattoos. Tá seisean mar bhall
den Fóram sin, agus ní thig leis fanacht go dtí go bhfuil sé ábalta Gaeilge a
fhoghlaim. Tá daoine ag teacht ar an tuiscint gur leis an phobal ar fad, gur le
achan duine, an Ghaeilge.
“Agus sin an fáth gur chuir muidne Pobal ar an Iúl ar an
chraobh nua de Chonradh na Gaeilge ar an Ómaigh. Ba mhaith linne go bhfeicfeadh
daoine gur le hachan pobal é, go mbaineann sé le hachan pobal. Ba mhaith linn
an pobal ar fad a fheiceáil ag teacht le céile tríd an Gaeilge. ‘Pobal ar an
Iúl’ – b’shin an sean-Gaeilge a bhí i dTír Eoghan ar phobal ag teacht le céile.
Sin an príomh-aidhm atá againn. Tá na baill iontach tiomanta do rudaí Gaeilge
agus iontach paiseanta.”
Tá pleananna acu. “Beimid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge
ag an tábla don champas nua ar an Ómaigh (mar a mbeidh na meánscoileanna uilig
ag teacht le céile ar an aon suíomh amháin – A MacC),” ar sise.
Tá cleachtadh leathan ag Michaeline. Sula ndeachaigh sí go
Doire, bhí sí ag obair le Pobal: ina haistritheoir ag CCEA: le tionscadal na
logainmneacha in Ollscoil na Ríona: agus le Tobar Productions, comhlacht
teilifíse.
Ba bhean í a bhí riamh sásta múnlaí a bhriseadh. Rinne sí
rud a dhéanann fíor-bheagán Tuaisceartach, agus chuaigh ar an ollscoil i
nGallimh. “Eispearas faoi leith a bhí i nGallimh, caithfidh mé a rá,” ar sise.
“Chuaigh mé ann le mo chara is fearr, Sinéad, atá ina gníomhaí oll-mhór teanga.
Tá mé iontach, iontach buíoch go raibh an seans agam dul go Gallimh. Tá aithne
agam ar an mhéid sin Gaeilgeoirí ó cionn cionn na tire, mar gheall go raibh mé
i nGallimh. D’athraigh sé go mór an cinéal peirspeictíochta a bhí agam. Tá
dearcadh níos leithne againn i leith na Gaeilge ná dá mba rud é go ndeachaigh
muid go Doire nó go Cuil Raithin… Bhí muid iontach bródúil gur Ultaigh sinn.
Chuaigh muid chuig cúpla leachtóirí le rá nach raibh muid sásta, ceal ábhar
Tuaisceartach. Bhí fhios acu cé muid – bhí muid ag seasamh an fhóid ar son na
hUltaigh.”
Ainneoin Gallimh bheith ar thairseach Gaeltachta Chonamara “mhothaigh
mé níos Gaelaí nuair a chuaigh mé go Béal Feirste ná mar a mhothaigh mé i
nGallimh. B’fhéidir, bhí mé ar an ollscoil, agus nár mhothaigh mé mar chuid de
phobal ar bith. Nuair a bhog mé go Béal Feirste, mhothaigh mé ar an toirt – seo
daoine cosúil liomsa.”
Is as an Achadh Leathan, taobh amuigh den Ómaigh, di. “Nuair
a bhí mé sa dara bliain (ar an mheánscoil), chuaigh mé chun na Gaeltachta i
Machaire Rabhartaigh, agus thit mé i ngrá leis an áit agus leis na daoine agus
leis an Ghaeilge,” ar sise. “Gael go smior mé anois, sílim. Bhí mo Mhámaí ag
caint le duine cúpla lá ó shoin, agus dúirt sí mar gheall ormsa ‘She eats,
sleeps and dreams Irish.’”
Bhí O-Léibhéal sa Ghaeilge ag a máthair. Bhí meirg air le
blianta, ach tá sí ag déanamh dioplóma sa Ghaeilge anois – bród ar a h-iníon
chomh díograiseach agus atá. Nó, ar ndóígh, baineann sliocht mháthair
Michaeline le ceann de Gaeltachtaí dearmadta Chúige Uladh, Gaeltacht Shliabh
Beatha. Tá cuid da muintirse, na ‘Art’ McElroys as an Chorr Liatháin i dTír
Eoghan, i ndaonáireamh 1901 – agus Gaeilge ag an teaghlach ar fad.
No comments:
Post a Comment