Controversy over use of Irish in 'Super Council'
(December 2014)
Tá An Ghaeilge ina chnámh spáirne polaitiúil arís ó thuaidh.
Dúirt comhairleoir ón DUP go raibh sé ‘frith-Briotanach’ agus
‘frith-Aontachtach’ nuair a vótáil Scáth-Comhairle Fear Manach agus na hÓmaí go
mbeadh Béarla agus Gaeilge ar comharthaíocht agus páipéarachas an Chomhairle.
Thug Sinn Féin agus an SDLP tacaíocht don mholadh. Diúltaíodh do mholadh ón DUP
agus UUP (Páirtí Aontachtach Uladh) gur Béarla, Gaeilge agus Ultais a bheadh
ann.
Dúirt an Comhairleoir Barry McNally ó Shinn Féin gurbh fearr
le páirtí s’aige Gaeilge amháin, agus gur comhréiteach a bheadh sna comharthaí
Béarla-Gaeilge. Sa daonáireamh is déanaí, dúirt suas le 20% de phobal cheantair
na hÓmaí go raibh Gaeilge acu, agus 15% de phobal Fhear Manach.
Dúirt an Comhairleoir Errol Thompson ón DUP go raibh cuid
mhór cinntí dá ndearna an comhairle ‘frith-Briotanach’ agus
‘frith-Aontachtach.’ “Níl tú ag tabhairt measa domsa nó do thraidisiún s’agam
leis an rud ata sibh ag déanamh anseo anocht,” ar seisean.
Dúirt an Comhairleoir Chris Smyth (UUP – Páirtí Aontachtach
Uladh) go raibh an comhairle ag déanamh “beag is fiú” 40% den phobal.
Dúirt Smyth le Tuairisc i ndiaidh an chruinniuithe gurbh
fhearr le páirtí s’aige gur Béarla amháin a bheadh ann. Ba comhréiteach moladh
s’acu. “Níl fadhb agam leis an Ghaeilge,” ar seisean. “Tá fadhb agam leis nuair
a déantar arm cogaidh as.” Dar leis go raibh Sinn Féin ag baint úsáide as
Gaeilge le teachtaireacht a thabhairt do dhaoine “níl fáilte romhat anseo.
Chaitheamar vóta ar an bhonn – bíodh do chuid Gaeilge agat má fhaigheann muidne
rud éigean anseo.”
B’ag droch-am, dar leis, a rinneadh an moladh. “Dúirt Adams
an rud faoi Chapall Adhmaid na Traí,” arsa Smyth. “Agus an comhionnanas bheith
mar arm.” Chuir sin deireadh le “hands across the divide.”
Toghadh an Scáth-Comhairle mar chuid d’athruithe ar
comhairlí áitiúla ó thuaidh. Tugann sé ceantaracha comhairlí Fear Manach agus
na hÓmaí lena gcéile.
No comments:
Post a Comment