Tyrone woman Leonne Ní Loinsigh Leonne develops Irish in South Derry
le hAnton Mac Cába
Tá An Carn i ndeisceart Doire ina thionsnamh Gaeilge iontach
dúshlánach. Is seo an t-aon pobal taobh amuigh den Ghaeltacht mar a bhfuil níos
mó páistí ag fáil bundoideachais trí Gaeilge ná trí Béarla – 112 ag fáil
oideachais trí Gaeilge, trí scór trí Béarla.
Tá An Carn suite i mbaile fearann Tír Cathain, cúpla míle
siar ó thuaidh ó bhaile Mhachaire Rátha. Má théann tú míle síos taobh-bóthar,
tá tú ar an bhealach mór idir Béal Feirste agus Doire. Is ceantar seo mar ar
mhair an Ghaeilge isteach sa 20ú Céad. Anois, tá an Ghaeilge mar dhlúth-chuid
d’obair forbartha phobail sa cheantar.
Tá Leonne Ní Loinsigh ag croí-lár an tionscnaimh, í ina
Oifigeach Forbartha Gaeilge le leath-dosaen bliain. Bhí an tionscnamh ann
roimpi, ach í iontach tógtha leis. Ba scór bliain ó shoin a cuireadh tús leis.
Ba thréimhse sin mar a raibh meath ar an cheantar. Cuireadh An Carn ar bun leis
an phobal a fhorbairt: ach, an mhuintir a rinne, thuig siad go raibh tábhacht
leis an ghné cultúrtha.
Is léir gur éirigh go maith leo, nó thug Leonne mé ar thuras
timpeall an tsuímh. Tá dhá foirgneamh fairsingeacha ag An Carn féin: ansin an
bhunscoil: tá dhá theach féin-fhreastal ann do chuairteoirí. Díreach trasna an
bhóthair, tá an naíscoil, maraon le feirm thar 200 acra – gur tearmann dúlra é.
Ba foirgneamh dhá stór ceann acu, an céad uair go raibh mé
ann cúpla bliain ó shoin: cuireadh an tríú stór leis ó shoin. Is sa tríú stór
sin atá oifig Leonne. Tá níos mó spáis ann do ranganna oíche, idir Gaeilge, ceoil,
damhsa, pilate agus eile. Thíos ar léibhéal na talún, tá an siopa – mar a
bhfuil oifig an phoist an cheantair. Is cuid de thionscadal gheilleagair
shóisialta an siopa, achan sórt nó déanta nó deartha in Éirinn. I measc na
n-áiseanna atá ar a chúl, tá leabharlann pobail mar a bhfuil an-chuid leabhair
Gaeilge “do foghlaimeoirí, do chainteoirí líofa, chomh maith le do pháistí.”
Is sa bhfoirgneamh eile a thagann an Club Óige lena chéile. Tá
seo dá fhorbairt mar aonad ealaíne. Thuas staighre, tá amharclann, agus
suíocháin ann do thart ar 200 más gá. Tá stiudeó raidió le forbairt ann, nó
fuair An Carn an ceadúnas do raidió pobail an cheantair. Beidh ‘Radio G’ dá
chraoladh go dátheangach ón bhfoirgneamh. Leis, tá seomra ealaíne, do
dhealbhadóireacht agus mar sin, agus seomra il-mheán.
“An rud atá ar shiúil again ná imeachtaí a chur ar shiúil sa
chomhphobal chun tacú leis an chóras Ghaeloideachas atá ar shiúil,” ar sise. “Táimid
ag éirí freastal a dhéanamh ar gach léibhéal Gaeilgeora. Na páistí atá ag
freastal ar an bhunscoil, táimid ag éirí imeachtaí a chur ar shiúil dóibh
lasmuigh den rang, le go mbeadh siad ábalta a gcuid Gaeilge a úsáid, seans acu
teacht le céile ar bhonn sóisialta agus caidreamh a fhorbairt. Ar ndóigh,
táimid i gcomórtas leis an oiread sin rudaí – cúrsaí teilifíse, an oiread sin
rudaí atá ar fáil do pháistí anois tríd an Bhéarla. Mar sin, tá sé tábhachtach
an rud atá ar fáil tríd an Ghaeilge go mbeadh sé chomh tarraingteach, go mbeadh
sé chomh maith nó níos fearr ná na seirbhísí atá ar fáil tríd an Bhéarla.”
Déanann An Carn a dhícheall freastal a dhéanamh ar
riachtanaisí déagóirí chomh maith. “Na céad daoine a tháinig tríd an córas
Gaeloideachais, tá siad againn go fóill, agus táimid ag cur oiliúint orthu le
go mbeadh siad mar cinnirí ag an chéad glúin eile. Eiseamlairí atá iontu.”
Chuaigh an mhuintir seo roinnt bealaí, ó thaobh staidéar agus slí beatha dhe.
Dar le Leonne go bhfuil rud a cheanglaíonn lena gcéile iad: “Na daoine seo, tá siad sásta teacht arais
agus tacú le saol na Gaeilge. Tuigeann siad an tábhacht atá le pobal Gaeilge
labhartha a chothú, agus tá siad ag éirí bheith páirteach ansin.” Déanann An
Carn a dhícheall cuidiú leis an mhuintir óg seo a líon scileanna agus is féidir
a fhoghlaim.
I measc na scileanna a múineadh, bhí curachadóireacht. Fágann
sin go bhfuil siad ábalta dul amach ar bháid. Is léir gur éirigh go maith leis
an chúrsa sin, nó thug Leonne féin faoi. Ba mhaith léi bheith ábalta Duais an
Uachtaráin a chur ar fáil.
Míbhuntáiste atá ag an Charn ná nach bhfuil, go dtí seo,
meánscoil Gaeilge sa cheantar – cé go bhfuil pleananna ann le ceann a bhunú. “Táimid
ag éirí an bearna sin a líonadh agus imeachtaí a chur ar fáil do dhéagóirí,” ar
sise. “In ionad Club Óige bheith ann do na déagóirí, thug muid Cumann Eachtraí
air. Táimid ag éirí níos mó rudaí a chur ar fáil, rudaí níos tarraingtí, níos
dúshlánaí, rudaí nach féidir leo a dhéanamh sa bhaile mór. Is maith leis na
déagóirí dul ar na turasanna.”
Tá sé tábhachtach go bhfuil scileanna dá dteagasc don
mhuintir óg. Fágann sin seans acu postanna a fháil ag An Carn, nó a leithéidí
de thionscnamh in áit éigean eile.
Bíonn, ar ndóigh, cuid mhaith imeachtaí ar an Charn atá
dírithe ar an phobal i gcoitinne sa cheantar, agus ní ar lucht na Gaeilge
amháin.
“Táimid ag éirí an Ghaeilge a normalú sa mhór-cheantar seo,”
ar sise. “Is dócha gur sin an príomh-sprioc atá againn. Beidh daoine ann go
deo, agus ní bheidh suim dá laghad acu Gaeilge a fhoghlaim, ach táimid ag éirí
go mbeadh siad báúil don teanga.”
Cinnte, tá An Carn ábalta daoine a thabhairt isteach sa
Ghaeilge. Sampla maith ná lanúin as Devon, a
d’aistrigh isteach sa cheantar. Tá siad anois ag foghlaim Gaeilge, agus ag
obair leis an tionscadal ar fhorbairt cúrsaí dúlra.
Ní de bhunadh an cheantair ó dhúchas do Leonne féin. Is as
an Ómaigh di. Thaitin an Ghaeilge go mór léi mar ábhar agus í ar Chlochar
Loreto, agus í ag smaointiú ag an am “ba mhaith liom an Ghaeilge bheith mar slí
beatha agam.” Níorbh eol dí arbh fhéidireacht sin “ach bhí mé ar an scoil nuair
a bunaíodh TG4, agus b’ionsparaid mór sin.” D’fhág sin fios aici go dtiocfadh
léi níos mó ná múinteoireacht a dhéanamh leis an Ghaeilge. Ní raibh Gaeilge sa
teaghlach, ach cuimhne ag a seanmháthair ar chomharsan bheith ag caint Gaeilge
agus í ag fás aníos. Bhí Leonne den bharúil gur sin áit éigean i nGaeltacht
Dhún na nGall – gur thuig sí gur ceithre nó cúig mhíle taobh amuigh den Ómaigh
a tharla.
Tar éis na scoile, chaith sí tamall ina cúntóir ranga sa
tsruth Gaeilge i mbunscoil an Ghoirtín: “Eispearachas iontach a bhí ann, ag
amharc ar na páistí óga seo ag foghlaim Gaeilge. Bhí easpa muiníne agam as mo
chuid Gaeilge. Chuidigh an áit sin liom go mór, nó bhí mé sáite sa teanga.” Bhí
uirthi an Ghaeilge “ ar achan uile rud” a fhoghlaim. Leis an mhéadú muiníne,
thug sí faoin chéim sa Ghaeilge go páirt-aimseartha le Coláiste Mhic Aoidh. Agus
muinín aici as a cuid Gaeilge, chuir sí isteach ar phost faoin Ciste
Craoltóireachta Gaeilge, rud a fuair. Chaith sí tamall ag obair leis an
stáisiún teilifíse Channel 9 i nDoire, sealanna le comhlachtaí léiriúchain.
Tharla ansin go bhfaca sí an post ar an Charn, gurb ann atá
súil aici fanacht tamaill eile, nó cuid mhór le forbairt ann ar fad.
First published, An tUltach, Samhain 2013
No comments:
Post a Comment