For all the heat generated by the subject, the first scholarly examination of the Irish Language's interaction with Republican politics.
le hAnton Mac Cába
Tá cuid mhór cainte – agus conspóide – faoi ról poblachtach
ó thuaidh i gcúrsaí Gaeilge. Ainneoin na teasa ar fad a gineadh, is beag solais
a caitheadh air – go dtí gur tháinig leabhar Fheargail Mhic Ionnrachtaigh
‘Language, Resistance and Revival: Republican Prisoners and the Irish language
in the North of Ireland’.
Ag labhairt leis ar an fón, is léir go bhfuil gafa leis an
ábhar. B’obair é, cinnte, ach obair gur bhain sé an-sult as.
Cuireann Feargal síos air féin mar “déantús pearsanta de
chuid na hAthbheochána.” Is as ceantar na Carraige Báine in iarthar Bhéil
Feirste dó. Bhí cáil forleathan ar a athair, Terry Enright (nach maireann), mar
gníomhaí pobail. “Bhí m’athair i géibheann mar imthreorannach, agus d’fhoghlaim
sé Gaeilge ann,” arsa Feargal. B’shin ag tús na 70idí.
“Tá mé ar an ghasúr is óige de ceathrar,” arsa Feargal. “Bhí
mé ar ‘The Irish School’ mar a tugadh air (Bunscoil Pobail Feirste). Chuaigh mé
ar aghaidh go Meánscoil Feirste. Bhí múinteoirí agam a d’fhoghlaim Gaeilge i
ngéibheann, agus a cháiligh mar mhúinteoirí.”
Agus é ina dhalta, bhí streachailt ar shiúil le go mbeadh
aitheantas ón Roinn Oideachais ag Meánscoil Feirste (a bhí ar Choláiste Feirste
ag an am). Bhí Feargal mar chuid den streachailt sin. Bhí sé ar thoiscearachtaí
a bhuail le státseirbhísígh. Bhí iontas air “chomh binbeach, chomh nimhneach
agus a bhí.”
Chuaigh sé ón Meánscoil go hOllscoil na Banríona. B’ann
d’eascair an leabhar, mar mhiontráchtas agus
Feargal ag gabháil do MA. Ansin, fuair sé deis an taighde a fhorbairt mar chuid
de chéim dochtúireachta. “Is sin an leabhar atá anois ag Pluto,” ar seisean. “Ceann
de na rudaí a spreag mé ná nach raibh a leithéidí clóite. Nuair a rinne mé
iarracht eolas a fháil, fuair mé amach go raibh neamart déanta. Níor luigh sé
leis an dioscúrsa ó lucht acadúil, nó ón Stát.” Thóg sé an scéal ó bhéil na
ndaoine a bhí páirteach ann. Is maith leis gur as thráchtas ollscoile a rinneadh
an leabhar, nó tugann sin aitheantas don saothar.
B’óna shaothar a tháinig conclúid s’aige: “Bhí sé mar chuid
den streachailt ag cimí gur fhoghlaim siad Gaeilge. Taobh amuigh bhí
athbheochan.”
Bhí cúpla bonn
leis seo. Bhí ról lárnach ag an chóilíneachas sa streachailt, agus “bhí an
Ghaeilge mar ghléas dícóilínithe. Ní féidir é a thuiscint gan sin.”
Mar chuid dá thaighde, léigh sé faoi táithí tíortha eile. “Áit
ar bith a bhfuil cóilíniú, tá an teanga mar chuid den streachailt,” ar seisean.
B’amhlaidh a bhí an Ghaeilge sna príosúin ó thuaidh sna
20idí, na 40idí, agus na 50idí. “Ní raibh sé riamh chomh mór agus a bhí i
ndiaidh na stailceanna ocrais,” arsa Feargal. Ní cúrsaí príosúin amháin a ba
chúis, nó bhí ról lárnach ag Gaeltacht Bhothair Seoighe. Ba dhream a d’fhoghlaim
Gaeilge sna 50idí a bhunaigh “a d’fhoghlaim Gaeilge ó daoine a bhí faoi ghlas
na daichidí.”
Tharla beart tábhachtach i 1978, nuair a osclaíodh Bunscoil
Phobail Feirste do pháistí nár de bhunadh Gaeltachta Bhóthair Seoighe iad. Go
dtí sin, cé go raibh an pobal báúil le Gaeltacht Bhóthair Seoighe “ní raibh sé
ina chuid den saol acu.”
Ag an am, bhí na céadta ag foghlaim Gaeilge sna H-Blocanna,
agus ag léamh saothair Phádraig Mhic Piaráis, agus faoin na streachailtí i
Vítnam, in Angóla agus eile.
Ar an droch-uair, níor gan locht é Gaeilge na H-Blocanna
“mar go raibh siad ag brath ar na cuinsí ina raibh siad.” Ní raibh ábhar
teagaisc ar fáil, mar sin ba dhoiligh leaganacha a dheimhniú. Sna H-Blocanna “b’íde-eolaí
tábhachtach é Bobby Sands, a bhí ag tacú le Gaeltacht Bhóthair Seoighe mar
éacht.”
Bhí tionchar ar fhorbairt na Gaeilge sa phríosún ar dhaoine
ar an taobh amuigh. “Bhí (na cimí) ag foghlaim Gaeilge faoi choinníollacha
millteanacha,” arsa Feargal. “Bhí daoine ag cur ceiste - cad chuige nach mbeadh
siadsan (ar an taobh amuigh) ábalta sin a dhéanamh?”
Ar an taobh amuigh, bunaíodh naíscoileann i dtús báire,
ansin bunscoileanna. Ní i Béal Feirste amháin a tharla an próiséas. Chuir
Feargal agallaimh ar dhaoine i nDoire, an Sráth Bán, agus Fear Manach, faoi
cúrsaí ansin.
Mar chuid dá thaighde, chuir sé agallamh ar a athair féin, faoina
sheal siúd mar imthreorannaí. Bhí cúrsaí difriúil ag an mhuintir a bhí
imthreorannaithe: “Ní raibh aon seasmhacht ann. Bhí daoine dá scaoileadh amach
an t-am ar fad. Ar an taobh eile, bhí stádas (polaitiúil) acu. Bhí rudaí eile
le déanamh acu.” Leis, bhí go leoir imthreorranach nach raibh bainte le h-eagraíocht
ar bith.
Bhí, ar ndóigh, cimí daortha ann sna luath-70idí. Bhí stádas
acu sna cásanna. Bhí siad seo faoi ghlas ar feadh tréimhse buan, mar sin “bhí
siad ábalta an teanga a chur chun cinn ar bhonn níos buaine.”
Rinne cimí éachtanna roimhe ó thaobh na Gaeilge, ar ndóigh.
Bhí an Ghaeilge mar theanga labhartha i gcuid den champa sa Churrach sna 40idí:
agus i bpríosún Bhóthair Croimghlinne i mBéal Feirste, thart ar leithéidí
Tarlach Ó hÚid agus Moscow Jack Brady.
Sna 70idí, bhí tacaíocht níos foirleithne ag an IRA – agus
Gaeltacht ar Bhóthar Seoighe. “Ach go b’é gur tharla, ní bheadh aon streachailt
sa Cheis Fhada,” dar le Feargal. Tháinig seo ar fad lena chéile, gur fhág daoine
spreagtha faoi cheist na féiniúlachta, an Éireannachais, “ar bhealach nach
raibh le cúpla glúin.”
Bhunaigh daoine nach raibh i ngéibheann tógraí Gaeilge eile:
an nuachtán Lá (gur Lá Nua níos moille é), Raidió Fáilte, agus an Cultúrlann,
ach go háirithe.
Thóg sé tamall maith ar Fheargal an t-eolas ar fad atá sa
leabhar a chur lena chéile. Rinne sé na céid agallaimh beagnach 10 bliain ó
shoin. Rinne sé an dochtúireacht idir 2005 agus 2009. Tá an leabhar bunaithe ar
an tráchtas dochtúireachta.
Cúpla bliain tar éis na dochtúireachta, shocraigh sé ar
leabhar a fhoilsiú. Chuir sé lena chéile é, istoíche i ndiaidh a chuid oibre le
Forbairt Feirste. Chuaigh sé chuig Pluto, nó gur foilsitheoirí polaitiúla iad,
cáil idirnáisiúnta orthu. Beidh daoine ábalta teacht ar an leabhar ar fud an
domhain. “Cibé brabach, rachaidh sé chuig Taca, an carthanacht Gaelscoile,”
arsa Feargal
Is é buncloch an leabhar ná agallaimh le daoine a bhí san
IRA (Sealadach) agus iad faoi ghlas. Níl daoine ó na faicsin Poblachtacha eile
bainte leis na bunscoileanna nó naíscoileanna. D’imir daoine sna ‘Sticks’ (IRA
Oifigiúil) ról faoi ghlas ó thaobh na Gaeilge sna 70idí, ach bhí lá na Sticks
thart nuair a tháinig an borradh faoin Ghaeilge.
Sna 70idí, níor chuir an IRA (Sealadach) mórán suime sa
Ghaeilge, agus fiú “bhí naimhdeas ann. Tá miotaseolaíocht ann gur tháinig an
brú ón dtaobh amuigh. Tharla sé ó na cimí féin. An streachailt sa Cheis a chuir
brú ar an ghluaiseacht. Níor chuir an Ghluaiseacht mórán suime sa Ghaeilge go
dtí na stailceanna ocrais.”
Feiceann sé fadbhanna arís. Tá daoine a bhí sa streachailt
mar chuid den rialtas. Tá cuid eile ar fad mar chuid den athbheochan ar an
taobh amuigh. Mar sin, dar le Feargál go bhfuil an Ghaeilge “neamhspléach ar
pháirtithe agus eagraíochtaí polaitiúla, bíodh is nach mbeadh sé neamhspléach
ar an pholaitíocht.”
‘Language, Resistance and Revival: Republican Prisoners and
the Irish Language in the North of Ireland’ le Feargal Mac Ionnrachtaigh. Pluto
Press. Ni luaitear praghas.
No comments:
Post a Comment