Monday, 6 March 2017

Minister was a link to musical heritage

(A slightly edited version of this was published in the Irish Times March 4th 2017)

Rev Bill Clarke – born October 18th 1924, died February 12th 2017
The Reverend Bill Clarke, who has died in his 94th year, was a Presbyterian minister noted for pastoral care, empathy for the disadvantaged and sick, and commitment to education. During his long ministry, he served in Dundalk and then Omagh. He was noted for his healing ministry, which attracted people from a variety of backgrounds.
As an educationalist, he served as a governor of several schools in Tyrone and Louth, and as chair of the Western Education and Library Board.
Home wine-making was one of his hobbies. Visitors to his home greatly admired his vintages.
He was also a link to the small group who kept uileann pipe playing alive in the first half of the last century. His father William Clarke made one of the first commercial recordings of uileann pipe playing, in 1928. His son was proud to live to see a plaque in his honour unveiled in their native Ballybay, Co Monaghan.
Robert William Wylie Clarke was born just outside Ballybay, Co Monaghan, in October 1924, youngest of three children, two boys and a girl, to Robert William Clarke, a clock-maker and jeweller, and his wife Margaret (née Johnson).
The young Bill Clarke grew up in a house full of music. As well as being an uileann piper, Robert William Clarke played the bagpipes in a local pipe band. As a child, Bill Clarke used often listen to groups of musicians play at night in the house which was a meeting place for musicians, uileann pipers in particula. These were an eclectic bunch, including James Ennis of Dublin, father of piper and folklorist Seamus Ennis, and Brother Gildas, an uileann-piping De la Salle Brother from Kerry. Tragically, William Clarke died of tuberculosis when his younger son was nine, and the music was stilled.
The Rev Clarke was educated at Hall St National School, Ballybay: the Masonic School, Dublin: and Trinity College Dublin, where he studied English and French. After Trinity, he studied for the ministry, first at Edinburgh University, then at Assembly’s College, Belfast.  
Prior to ordination he was a Student Assistant Minister in an Edinburgh church. During that time, he spent the summer supplying the pulpit in parts of the Orkney Islands. After ordination, he was Assistant Minister in McQuiston Memorial Church in Belfast. For over 20 years he ministered to the congregations of Dundalk, Carlingford and Castlebellingham. In 1971 he moved to Tyrone, as Minister of Trinity Church, Omagh, and Gillygooley. Afterwards, he was fortunate to enjoy over quarter of a century of retirement. During much of it, he supplied the pulpit in churches in the Derry and Donegal Presbytery. However, he faced personal tragedy later in life, with the deaths of his wife and only son.

He is survived by his daughter-in-law Kathryn; grandchildren Alice, Adam and Daniel; and sister-in-law Martha. He was predeceased by his wife, Alice, and son Liam.
Irish-language version of great Portugese poet

(An edited version of this was published in 'An tUltach' February 2017)

Tá sé amuigh ar Fernando Pessoa gurb eisean file mór na Portaingéile. Tá sé soiléar go bhfuil sin fíor ó na leaganacha Gaeilge seo ar chuid dá dhánta ‘As Trunc Fernando Pessoa’, leaganacha a rinne Deirdre Brennan. Tá comhghairdeas ag dul chuici, agus chuig Coiscéim, an foilsitheoir, as seo. Tá siad ag cur saothar Eorpach ar fáil, in am mar a bhfuil saol an Bhéarla ag tabhairt droim láimhe do theangacha eile, agus ag cúlú isteach san aonteangachas.
Saol gearr a bhí ag Pessoa féin. Bhí sé ró-thugtha don ól. B’shin a thug bás dó i 1935, gan aige ach 47 bliain.
Níor foilsíodh tromlach a chuid dánta go dtí i nidiaidh a bháis. Scríobh sé go leoir dánta i bpearsanraí eile, gur chum beathaisnéisí na bhfilí sin.
Mar fhile, tá a léargas féin aige ar an saol. Tá sin le feiceáil i ‘Páiste anaithnid salach ag súgradh lasmuigh dem’ dhoras’: “Ní cheistím an mbeireann tú teachtaireacht shiombalach chugam./ Bainim sport asat toisc nár leagas súil ort cheana/ is dá mbeifeá glan ba pháiste eile thú gan amhras.” Cinnte, is fiú an file seo a léamh.

‘As Trunc Fernando Pessoa’, rogha dánta ó Fernando Pessoa. Aistrithe ag Deirdre Brennan. Coiscéim €7.50.
Campaighers accuse Council of secret deals

(An edited version of this piece was published in the Sunday World February 26th 2017)

Campaigners are accusing Fermanagh and Omagh District Council of privatising a major public facility in secret, with implications for everybody in Northern Ireland. Press and public have been excluded from Council meetings that discussed leasing out the 230 acre Necarne Estate near Irvinestown, Co Fermanagh, to a private operator.
Diane Little of the ‘Saving Necarne’ campaign, said Fermanagh and Omagh Council is setting a precedent for all Councils to sell off public assets, which were funded by ratepayers for community benefit, without consultation, or without even allowing councillors to listen to public concerns.Why is this process not open and transparent?” Little asked. “Why did the Council choose this process and apply commercial criteria to a site which is the local area community recreation space and community heritage?  The Council made a choice in the process they chose. They could have chosen to follow their policies and be open and transparent, inclusive and empowering.” Her group has protested outside Council meetings.
The Council has refused to meet the ‘Saving Necarne’ group. Chief Executive Brendan Hegarty has told a Council meeting he will not meet ‘Saving Necarne’ until the tendering process is completed. Councillors have been instructed not to meet Saving Necarne.
The Council has refused to answer Freedom of Information requests about the leasing out. When ‘Saving Necarne’ requested the ‘Expressions of Interest’ received by the Council, it refused.
The Council proposes to charge £20,000 rent per year for Necarne. However, ‘Saving Necarne’ has estimated the Council could receive £27,000 per year in agricultural subsidies for the estate by operating it itself.

‘Saving Necarne’ is concerned by the scoring system in the Council’s Expression of Interest document to choose bidders. The highest score is 25% for amount of Rent Paid to council. There is no mention at all of community needs.
The Necarne Equestrian Centre opened on the estate in 1994, as a centre of excellence. It was designed to be particularly used by young people and those suffering disability. Fermanagh Council has spent £5million on it. A report calls it “the best facility of its kind on the island of Ireland.”  
A Council spokesperson said the Council will not meet ‘Saving Necarne’ because “as the ‘Expressions of Interests’ have been properly submitted the Council has no discretion and cannot now decide to give any consideration to any other proposals as this would clearly leave the Council at risk of potential litigation.”
It is understood that the Council is now considering one offer. This is from Dromore-based Gardrum Properties. That company’s directors are Derek Irwin Keys and Paddi Georgina Keys, both with addresses at Omagh Road, Dromore, Co Tyrone.

Little said she wished to make clear she has no personal issue with Keys. However, she said this is a wide issue about how Northern Ireland is run: “We are not just fighting about Necarne anymore we are fighting to restore appropriate process, openness, transparency and democracy.”

Sunday, 26 February 2017

Trade Unionist at centre of Armagh's Irish-language revival 

(A slightly edited version of this was published in An tUltach February 2017)

Is fear gnóthach go smior é Gearóid Ó Machail. Tar éis bomaite ina chuideachta tá sin soiléar, cé gur fear suaimhneach i gcónaí é.
Bhuail mé leis san oifig agus siopa atá ag Cairde Teo in Ard Mhacha. Tá sin i lár-ionad beag siopadóireachta lámh le lár na cathrach, daoine ag teacht agus ag imeacht an t-am ar fad. Tá, leis, oifig neamh-oifigiúil  eile aige – an caifé béal dorais sa lár-ionad, mar a bhfuil sean-aithne ag an fhoireann air, idir caifé agus ceapairí blasta ar fáil.
Tá Gearóid agus Cairde ag croí-lár imeachtaí Gaeilge sa chathair le tamall de bhlianta anuas, agus pleananna dearfacha acu leis na himeachtaí sin a leathnú amach.
“Thóg sé tamall orainn na pleananna a fhorbairt,” ar seisean. “Is dócha go dtig liom a rá gur i 2008 a thosaigh, nuair a bhí mé ag obair le Comhairle Cathrach agus Ceantair Ard Mhacha, mar a bhí air ag an am mar Neighbourhood Renewal Development Officer – post nach raibh sásamh ag baint leis, minic go maith – ach, rud go raibh mé ábalta a thabhairt isteach i ról s’agamsa ná forbairt cultúrtha mar dóigh chun tacú le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta, iad a snaidhmneadh lena gcéile, agus, de réir dealraimh, ní raibh feidhmeannaigh sinsearacha an Chomhairle iontach sásta leis an ghné sin den obair. Mhínigh mé dóibh go raibh an Ghaeilge mar chuid, agus mar dlúth-chuid, d’fhéiniúlacht cultúrtha Cathrach Ard Mhacha, agus cé nár léir sin in áit ar bith ar an dromchla, gur rud dofheicthe faoi thalamh a bhí ann an t-am ar fad.” Bhí an ceoil riamh ann, le Cumann Píobáirí Ard Mhacha agus eile, ach gan an teanga le feiceáil.
Shocraigh Gearóid go raibh sé riachtanach tabhairt faoin bhfolús “beart a chothaigh, ar ndóigh, coimhlint leis na bainisteoirí a bhí agam sa Chomhairle. Lean mé ar aghaidh, cibé ar bith, agus i 2008 rinne mé cruinniú poiblí a eagrú in éineacht le Réamonn Ó Ciaráin ó Gael Linn.”
Chonaic Gearóid na féidireachtaí sa chathair. Bhí oifig ag Gael Linn sa chathair le 50 bliain, an t-aon oifig taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus grúpaí beaga eile ann, leithéidí Cairdeas na Teanga agus Ciorcal Comhrá Ard Mhacha. Bhí sruth Gailge ar Choláiste Caitríona, bunscoil agus naíscoil ann. Bhí, leis, an Ghaeilge mar ghné den obair a bhí ag Cumann Píobáirí Ard Mhacha.
Bhí slua maith ar an chruinniú poiblí. As sin, thosaigh Gearóid agus daoine eile ar na grúpaí éagsúla a snaidhmeadh lena gcéile. Leis, thosaigh seisean agus Réamonn ar stráitéis fad-téarmach le Cultúrlann a thabhairt go hArd Mhacha “a bheadh ag croí-lár imeachtaí Gaeilge anseo, in ionad bheith ag streachailt linn in ár n-aonar ar scéimeanna agus fiontair difriúla i gcuideanna difriúla den bhaile.”
Thógfadh seo, leis, pobal – go mbeadh duine ar bith le suim ar bith sa teanga ábalta teacht chuige.
Bhí casadh sa scéal. I 2009, chlis ar an chibé caidreamh a bhí idir Gearóid agus an Comhairle “agus bhí aighneas fada tionsclaíoch eadrainn. Chríochnaigh sé sa binse tionsclaíochta i mBéal Feirste, mar ar socraíodh é.” Díoladh suim suntasach airgid leis – ar choinníoll nach labharfadh sé faoin gcás.
B’ar leas na Gaeilge in Ard Mhacha an t-aighneas. “Cuireadh ar fionraí mé ar feadh ocht mí déag - ocht mí déag le bunshraith na Cultúrlainne a leagadh síos, agus Comhairle Cathrach agus Ceantair Ard Mhacha ag díol tuarastail liom,” arsa Gearóid, ag gáire.
Chláraig sé an chomhlacht neamhbhrabúis Cairde Teoranta i 2009, agus é ar fionraí. Chuaigh seisean agus an Ciaránach  go Foras na Gaeilge, agus mór-uaisle eile na Gaeilge, gur chuir moltaí rompu faoi spas oifige agus Oifigeach Forbartha Gaeilge. Bhí an Scéim Phobail Gaeilge óg, agus fuair siad maoiniú sa dara babhta – ainneoin gur grúpa iomlán nua iad.
Tamall roimhe seo chuaigh Foras na Gaeilge chuig an Chomhairle. Rinne siad tairiscint an leath-chuid de thuarastal Oifigigh Forbartha Gaeilge a dhíol, Dúradh nach raibh feidhm leina leithéidí, nó “is baile Seoirseach seo, agus táimid dáchur chun cinn mar bhaile Seoirseach.”
Chuir an Foras fáilte roimh Cairde Teo, agus bhí Oifigeach Forbartha Gaeilge acu faoi thus 2016. B’shin Seán Ó Maoilsté as Doire Mhic gCais, go raibh táithí aige cheana ar chúrsaí Ghaeilge trí bheith ina státseirbhíseach sa Roinn Oideachais. Bhí idir Cumann Lúthchleas Gael agus earnáil an Ghaeloideachais mar chuid den bhfiontar.
Tá cúrsaí ag dul go maith ó shoin. Luadh iad mar dea-shampla den Scéim Phobail Gaeilge. Tháinig forbairt ar an bhfiontar. Tá Siopa Bronntanas acu, ranganna Gaeilge ag gach léibhéal do dhaoine, idir seab agus óg. Bíonn imeachtaí sóisialta acu do theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, bíonn idir campaí geimhridh agus campaí samhraidh ann, nó tá an tOifigeach Forbartha Gaeilge thar a bheith gnóthach.
Mar sin, bhí sé in am acu céim eile a ghlacadh, agus Cultúrlann a thógáil. “Tháinig roinn dea-rudaí lena gcéile,” arsa Gearóid. “Bhí Aire ann, Carál Ní Chuilín, a thug le fios gur thug sí tacaíocht don Ghaeilge.” Bhí, leis, an Ciste Infheistíochta Gaeilge ann de bharr Comhaointuithe Chill Rimín. Mar sin, bhí airgead ar fáil. “Bhí fhios againn go mbeadh orainn beart a dhéanamh go tapaidh, nó nach mairfeadh an dá rud ach tamall beag.”
Chuir siad Plean Gnó lena chéile. Thug siad sin don Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Cheap sin eacnamaithe chun cuidiú leo tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an phlean.
Fuair siad tairiscint £150,000 ón Roinn. Bhí £150,000  eile acu faoi seo, ó Iontaobhas Ultach, Gael Linn, Invest NI, agus foinsí eile. Le £300,000 ón gCiste infheistíocht Gaeilge, bheadh £600,000 acu.
Níor leoir sin don rud gur mhaith leo a dhéanamh. D’amharc siad ar roinnt foirgnimh fán bhaile. “Faoi dheireadh, tháinig an Comhairle chugainn,” ar seisean. “Bhíomar díreach ar tí conradh a shíneadh le forbairtheoir príobháideach as suíomh feiceálach i lár cathrach Ard Mhacha, ceann den ‘Seachtar Teach’ ag barr Sráid an Choláiste.”
Dúirt na feidhmeannaigh sinsearacha ón gComhairle go raibh roinnt suíomhanna tréigthe acu. Bhí seans ann go mbeadh siad ábalta ceann acu a bhronnadh ar Ghearóid agus a chomrádaithe, chun cuidiú leis an bhfiontar.
Tá Gearóid in amhras nár dea-mhéin amháin a bhí i gceist. Bhí an suíomh i Sráid an Choláiste lárnach, sa chuid neodrach den chathair. Bhí siad ann i maorlathas an Chomhairle a bhí den bharúil go mbeadh an geiteo Caitliceach níos fóirsteanaí.
“Rinn siad suíomh a thairiscint dúinn sna Shambles, ceantar iontach Caitliceach, náisiúnach, pobhachtach, in Ard Mhacha, dar leo – an saghas áite inar choir dúinn bheith,” ar seisean.
Mar sin féin, tá an suíomh fóirsteanach go maith. Tá sé idir an dá Ard Eaglais, agus i gceantar gnóthach ar imeall láir na cathrach. Tá, i gcónaí, fadhbanna beaga ann. Is ar a leas, dar le Gearóid, gan Stormont bheith ann. Fágann sin an litir tairisceana sábháilte, nó níl aire DUPach ann len é a tharraingt siar.

Tá fiontar eile ar shiúil ag Gearóid, agus sin Ceardchumann Neamhspléach na nOibrí. Chláraigh sé leis go luath i ndiaidh a bhunaithe, i 2004. Dar leis go seasfaidh an CNO an fód, agus go dtabharfaidh sé dúshlán na bhfostóirí agus na n-údarás. Is sóisialach raidiceach é féin. Gabhann sé buíochas leis na Breathnaigh as, nó ba mhacléinn i Swansea é aimsir an fheachtais in éadán an Poll Tax, bród ar fad air  as an pháirt gníomhach a ghlac sé ann.

Wednesday, 15 February 2017

Irish - visible again in the Clogher Valley (a slightly edited version was published in An tUltach January 2017)

Tá Pobal an Ghleanna bliain d’aois. Déanann sé freastal ar phobal na Gaeilge thar cúig paróiste tuaithe i nGleann an Chlochair i ndeisceart Thír Eoghan, buailte leis an teorainn.
Is é Mark Harte, múinteoir agus peileadóir, an cathaoirleach. Bhuaileamar lena gcéile i Kelly’s Inn, díreach dhá lá i ndiaidh gur cuiredh an file John Montague, fear a bhí an-tiománta do dhúchas Gaelach an cheantair, sa reilg ar an taobh eile den bhóthar.
Tá aithne ag daoine anseo ar Mark, mar is léir ón méid daoine a labhraíonn leis, nó seo a pharóiste dúchas.
Bhí sé ar dhuine den dream a tháinig le céile bliain ó shoin leis an ghrúpa a bhunú. Tháinig coiste agus ainm as an chruinniú. “D’aontaigh muid uilg go raibh sé tábhachtach go mbeadh ról ar leith ag an Ghaeilge anseo,” arsa Mark. “Ba léir go raibh suim ag daoine sa Ghaeilge, ach nach raibh bealach acu chun an Gaeilge a labhairt. Shocraigh muid go dtiocfadh linn sin a athrú, go dtiocfadh linn rud éigean úr a chur lena chéile. Thosaigh muid amach ag smaointiú ar spriocanna gur mhaith linn a bhaint amach.”
Bhí, riamh, Gaeilge sa cheantar “ach go raibh muid scartha óna gcéile, go raibh na Gaeilgeoirí thar na mblianta i bpócaí beaga, mar a deirfeá, anseo in Aireagal Chiaráin, i gCill Íséal, in Achadh na Cloiche, agus in áiteanna difriúla, agus go raibh géar-ghá orainn grúpa a bhunú agus a thabhairt le céile go dtiocfadh linn an Ghaeilge a spreagadh.” Tá siad anois ag tabhairt faoin sprioc sin, mar fhoireann, nó “b’fhéidir go raibh easpa structúir i gceist roimhe seo.”
Cinnte, bhí an-obair ar shiúil thar na mblianta, mar shampla ag Áine Uí Cheallaigh i gColáiste Naoimh Chiaráin, Baile Uí Dhálaigh, scoil atá láidir ó thaobh na Gaeilge. “Spreag sí go leoir daoine ins an cheantar agus táimid breá sásta anois go bhfuilimid ábalta dea-sample s’aici agus daoine eile a leanúint,” arsa Mark.
Is dream óg iad Pobal an Ghleanna, tríd is tríd, ach ní ina n-iomláine – nó baol air, mar “táimid foscailte i leith an phobail go forleathan, agus is maith an rud é bheith ag amharc ar na ranganna ar na mallaibh, go bhfuil réimse aoiseanna ag freastal orthu, ach gan dabht ar bith tá meascán sláintiúil d’aoiseanna ar ár gcoiste féin ag an bhomaite, idir daoine an-óg ar fad agus daoine, b’fhéidir, go bhfuil táithí na mblianta acu ag foghlaim na Gaeilge, agus atá ag obair leis an Ghaeilge.”
Nuair a cuireadh ar bun iad Mí Eanáir 2016, chuir siad tús maith dearfach le rudaí. Seoladh iad san Ionad Peile atá ag Cumann Lúthchleas Gael Thír Eoghan ag Garbh Achaidh. Rinne siad a seacht ndícheall an scéal a scaipeadh roimh ré, ag díriú ach go háirithe ar scoileanna agus clubanna CLG. “Bhí muid dóchasach go dtagadh slua amach, ach a leithéidí de shlua,” arsa Mark. Léirigh sin an suim a bhí ann sa Ghaeilge. “Bhí muid dearfach faoin rud ón dtús, ach bhí muid ciallmhar go leoir san am céanna, nach raibh muid ag éirí barraíocht a dhéanamh sa chéad bliain, bhí muid ag éirí dul céim ar chéim,” arsa Mark. “Amharcaimid ar seo mar rud buan, mar rud fad-téarmach. Bhí sé tábhachtach nach raibh muid ag éirí i bhfad barraíocht a dhéanamh go luath.
“Shocraigh muid go mbeadh ranganna Gaeilge ag gach léibhéal ann ar dtús, agus bhí muid ag smaointiú ar ionad do sin, agus níl áit ar bith níos lárnaí sa cheantar ná Coláiste Chiaráin i mBaile Uí Dhálaigh anseo, agus bhí siad breá sásta go mbeimis ann.
“Thosaigh muid amach le bun-rang, meán-rang agus ard-rang, agus bhí rang ann do pháistí óga. Bhí muid neirbhíseach faoi na rudaí seo ar an chéad oíche, ach ba léir dúinn ón céad oíche ar aghaidh go raibh an-suim ag daoine ins an cheantar sa Ghaeilge. D’fhreastal siad ar na ranganna, agus ó shoin ar aghaidh bhí a leithéid de oíche Gaeilge againn le linn seachtain na Gaeilge, bhí dinnéar Nollag againn cúpla seachtain ó shoin, agus ba dheas daoine a fheiceáil ar bhonn neamh-fhoirmeálta, agus ag ithe lena gcéile agus ag caint as Gaeilge lena gcéile.” Tá dóchas orthu, iad ag súil leis an bhliain nua.
Níor chuir an léibhéal suime iontas ar Mark mar buaileann sé le daoine sna siopaí agus in áiteanna difriúla fud fad an cheantair. “Labhraím cuid mhór le tuismitheoirí agus bíonn siad i gcónaí ag rá go bhfuil brón orthu go bhfuil dearmad déanta acu ar an mhéid Gaeilge a bhí acu, agus go raibh siad sásta a leithéid de ranganna a fheiceáil,” ar seisean.
Tagann misneach chuig daoine agus iad ar na ranganna. “Tagann siad isteach an céad oíche agus iad cineál séimh ciúin, ach roimh i bhfad osclaíonn siad suas agus roimh i bhfad bíonn siad breá sásta agus muiníneach Gaeilge a labhairt,” arsa Mark. “Sílim go bhfuilimid ag tógáil pobal sa cheantar anseo.”
Tá daoine nach raibh bainte leis an Ghaeilge go dtí seo ag freastal ar na ranganna, rud a chuireann áthas ar Mhark. “Tá aghaidheanna nua sa tseomra ranga,” ar seisean. “Tá scéala amuigh ansin go bhfuilimid ar fáil, go bhfuilimid foscailte suas chuig an phobal ar fad, agus gan aon amhras ní féidir leat stopadh, caithfidh tú bheith ag fás an t-am ar fad, agus beidh fuil nua de dhíth sa todhchaí fosta.”
Buntáiste atá acu ná tacaíocht mhaith ó Chumann Lúthchleas Gael, atá láidir sa cheantar. “Tá an nasc sin eadrainn agus na clubanna áitiúla ana-thábhachtach ar fad,” arsa Mark. “Ó thaobh tacaíochta dhe, ó thaobh poiblíochta dhe, tá siad i gcónaí ag cur ceist orainn – ‘an bhfuil rud ar bith gur féidir linn a dhéanamh le cuidiú libh’? Aithníonn na cumainn áitiúla – cé go bhfuilimid scartha ón pheil, táimid le céile don teanga. Sin rud tábhachtach, go bhfuil dearmad déanta b’fhéidir ar na coimhlintí ar an pháirc peile agus go n-aithníonn gach duine gur linne an teanga, go bunúsach, agus go gcaithfimid bheith ag brath ar a chéile. Níl go leoir daoine sa pharóiste seo, mar shampla, leis an rud a dhéanamh mar is ceart, níl go leoir daoine i gCill Íséal leo féin, nó in Achadh na Cloiche leo féin, ach nuair a thagaimid le céile mar phobal sílim go bhfuilmid i bhfad níos láidre.”
Buntáiste eile ná gur ceantar mór ceoil traidisiúnta é Gleann an Chlochair, agus go bhfuil teanga agus ceoil “fite fuaite lena chéile.” Ar an oíche sin a d’eagraigh siad do seachtain na Gaeilge, bhí ceoltóirí áitiúla ag buaileadh, mar tá cuid mhór ceoltóirí maithe sa cheantar, go háirithe ceoltóirí óga. Tá súil ag Pobal an Ghleanna bheith ag obair le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. “Táimid ag obair ar rud éigean a chiallaíonn go mbeidh na ranganna ceoil ar shiúil ag an am céanna agus a bheidh na ranganna Gaeilge, agus go mbeidh deis ag tuismitheoirí, b’fhéidir, páistí s’acu a fhágáil ag an cheoil agus freastal ar na ranganna Gaeilge sa scoil céanna ag an am céanna,” arsa Mark. “Táimid ag obair ar sin faoi láthair.”

Tá pleananna eile ann. Mar sin féin, is eagraíocht óg iad, atá beag go maith. Thar rud ar bith eile, tuigeann Mark go bhfuil sé riachtanach ag eagraíocht mar sin bheith réadúil – mar atá seisean.
The Investigatory Powers Act - George Orwell's Nightmare (a slightly edited version was published in An tUltach December 2017)

Tá sé 32 bliain ó 1984, mar a raibh tromluí George Orwell le tarlú san úrscéal mór a scríobh sé, faire dá dhéanamh ar achan duinean t-am ar fad. Anois, tá gnéanna de tromluí an úrscéalaí le tarlú i Sasana.
De réir saothair Orwell, ba faoi deachtóireacht a bhí na rudaí seo le tarlú. Tá Pairlimint dhaonlathach na Breataine i ndiaidh reachtaíocht a rith a bhogfas muid roinnt céimeanna i dtreo sochmhaí den tsaghas sin. Ritheadh an Investigatory Powers Bill tríd Westminster. Beidh sé mar chuid den dlí faoin bhliain nua.
Mar iriseoir, agus mar chomhalta de Choiste Gnó Aontas Náisiúnta na nIriseoirí, cuireann an reachtaíocht seo an-imní ormsa agus ar an cheardchumann.
Tugtar a ‘snooper’s charter’ air. Ar ndóigh, is ar bhonn ‘slándála náisiúnta’ a ritheadh é. B’í Theresa May, agus í mar Home Secretary, a bhí ag cur an bhille chun cinn. Agus í ag labhairt sa Phairlimint Mí Márta, dúirt sí go raibh an dlí riachtanach chun deileáil leis an scéimhleoireacht. Cheana, dar léi, bhí GCHQ (Government Communicationa Headquarters i gCheltenham, atá freagrach as spiaireacht leictreonach) ábalta stop a chur le seacht gcinn de chomhcheilg scéimhleoireachta san 18 mí roimhe sin.
Bhí rialtas na Breataine ag cleachtadh spiaireachta ar bhonn forleathan ar an phobal i gcoitinne sa Tuaisceart le beagnach leath-chéad bliain anuas, siar ó thus na dTrioblóidí. Bhí seo beag beann ar an dlí, agus tugadh cead a gcinn do na fórsaí slándála.
Tá sochmhaí na Breataine ag bogadh sa treo céanna anois.
Tá impleachtaí agus contúirt ann d’iriseoirí ach go háirithe. Is minic daoine ‘ar an talamh’ den bharúil gur spiairí nó brathadóirí sinn. Ag an bhomaite, tá sé de chumhacht ag na péas griangraffanna agus fístéap a ghlac iriseoir a ghabháil, agus úsáid a bhaint as mar fianaise agus daoine dá n-imchúisiú sa chúirt. Tharla sin anseo sa Tuaisceart, nó gur baineadh úsáid as mar fhianaise le daoine a chiontú sna cúirteanna. Is cleachtas contúirteach é. Fágann sé gur ionsaíodh idir griangrafadóirí agus criúanna ceamara le linn ciréibí.
Ar a laghad go dtí seo, de réir reachtaíochta, bhí ar na péas dul chun na cúirte agus ordú a fháil ó breitheamh. Bhí iriseoirí ábalta cur ina éadán sa chúirt.
Ó thaobh nótaí, tá cúrsaí níos fearr ag iriseoirí. I 1999, rialaigh an tArd Chúirt i mBéal Feirste nach raibh iachall ar Ed Moloney nótaí a rinne sé ón mbrathadóir Dílseach Billy Stobie a thabhairt do na péas. I 2009, rialaigh an Chúirt céanna nach raibh ar Suzanne Breen ábhar a bhain le foinsí a thabhairt do na péas. Bhain an t-ábhar le marú beirt shaighdiúr i mBaile Aontrama, agus an Fíor-IRA ag glacadh freagrachta as an ionsaí. Rialaigh an Chúirt go mbeadh beatha Breen i mbaol ón bhFíor-IRA, agus go sárófaí a ceart do bheatha dá bhfaighfeadh na péas na nótaí.
Faoin reachtaíocht nua, ní gá fios a chur ar an iriseoir fiú go bhfuil ábhar dá lorg. Anois, is trí mheán na h-idirlíne a dhéanann iriseoirí a gcuid oibre. Beidh iachall ar an soláthraí idirlíne nó ríomh-phost an t-ábhar a chur ar fáil.
Dar leis an reachtaíocht nua, ní leatsa ábhar má cuireann tú tríd an idirlíon é, nó má tá sé dá choinneáil ar ‘néal’. Is leis an soláthraí an t-ábhar. Táimid ag caint ar ríomh-phostanna, glaochanna fón (ar ndóigh), doiciméidí, dialanna, leabhair teangmhála, pictiúirí, messaging chat logs, GPS location records, agus pasfhocail. Is sin beagnach achan saghas teilecumarsáide.
Tá, leis, iachall ar sholáthraí stair brábhsála achan úsáideora a choinneáil go ceann bliana.


Contúirt mhór leis seo ná go gcuirfeadh sé foinsí i mbaol, trí iad a aithint, agus iriseoirí i mbaol dá bharr. Ní bheadh seans ag an iriseoir diúltú an foinse a aithint. Is é an taiféad teilecumarsáide a dhéanfadh: sin an taifead den mhuintir go ndearna tú teangmháil leo.
Tá foinsí ann a bheadh i mbaol a mbáis dá gcuirfí a gcuid ainmeacha ar fáil. Sin an cás go háirithe le daoine a bhíonn ag labhairt faoi chúrsaí paramílíteacha, nó coirpeacha.
Leis, chun tuairisciú ceart a dhéanamh faoi go leoir gnéithe den tsaol, caithfidh iriseoirí labhairt le daoine nó gur paramílítigh iad, nó gur coirpigh iad. Níl dóigh ar bith eile ann chun tuairisciú a dhéanamh i ngo leoir pobail, Thuaidh agus Theas. Mar shampla, ní féidir tuairisciú a dhéanamh ar cheist na ndrugaí gan labhairt leis an dá dream. Agus is ceist é go bhfuil sé de dhualgas ar na meáin tuairisciú a dhéanamh air.
Dá mbeadh ar iriseoirí foinsí aithint, agus an t-ádh leo, ní labharfadh na foinsí leo níos mó. Muna mbeadh an t- ádh leis an iriseoir, bheadh an-bhaol fisiciúil ann.
Ní ar lucht na h-eite clé amháin atá imní. Tá na Coiméadaigh bean bean ar go leoir dá muintir féin.

Rinne an Draft Investigatory Powers Bill Joint Committee géar-iniúchadh ar an bhille. Tá idir feisirí pairliminte agus comhaltaí de Teach Tiarnaí an Ríochta Aontaithe mar comhaltaí. Ní h-aon coiste raidiceach é, nó gur leis an Pháirtí Coiméadach a bhaineann seachtar den 14 comhalta.

Níl an coiste sásta go dtugann an Bille, mar atá, go leoir cosanta d’iriseoirí.

 

Is Coiméadach den eite dheis é Owen Patterson, iar-Stát Rúnaí an Tuaiscirt. Dúirt sé go raibh imní air as an easpa freagrachta daonlathaigh sa reachtaíocht.

Go fiú UKIP, tá siad ina éadán.

Is imní cuimsitheach é imní faoi spiaireacht, é ar dhaoine ó achan saghas cúlra polaitiúla. Mar sin, tá súil again go leanfaidh feachtas in éadán na reachtaíochta.

Wednesday, 7 December 2016

Court strikes out appeal by Tory hotel company

(This piece was originally published in the Tirconaill Tribune November 24th 2016)

The Supreme Court has struck out an appeal taken by the company that formerly owned Tory Island’s hotel against a High Court judgment. At a hearing on Tuesday it ordered that Co Down film-maker Neville Presho be immediately paid €46,000 in damages, which had already been lodged with the Court as a condition of permitting the appeal. The judges have also ordered the company’s former owner, Tory islander Patrick Doohan, to lodge an affidavit explaining how a judgment mortgage in favour of Presho was cancelled from a folio in land registry, without Presho or his legal team being told: why the Court was not told the company was dissolved: and why Presho’s legal team, and not Doohan, brought this to the Court’s attention.
The High Court awarded the damages in 2009, when it found Ostán Thoraigh Teoranta and Doohan were responsible for demolishing Presho’s house on Tory Island because it blocked the hotel’s view of the sea. First, the house was damaged by an unexplained fire. Then the walls were flattened by machinery. That Court heard dramatic evidence from Presho that he returned from New Zealand in 1993 and, as he approached Tory by ferry, saw that his house had disappeared to be replaced by a hotel car park. Two psychiatrists gave evidence this precipitated his decline into severe mental illness. At the time, the case attracted international publicity.
On Tuesday, the Supreme Court agreed to an application from Presho’s barrister, Cormac Ó Dúlacháin, instructed by solicitor Michael Gillespie, that the appeal by Ostán Thoraigh be struck out. “The Company does not exit and is not in a position to proceed with the appeal,” Judge Frank Clarke said, speaking on behalf of the three judges.
Ó Dúlacháin made the application at the start of the hearing. He told the Court the company Ostán Thoraigh had been dissolved on April 6th. Its principal asset, the hotel on Tory Island, had been sold in December last. As a result of the High Court award, his client had registered a mortgage against the hotel. However, on the current folio in Land Registry “our judgement appears as cancelled.” He told the Court his client had received no notification the company was dissolved.
Séamas Ó Tuathail, barrister for Doohan, said this information came as a surprise to him. “Mr Doohan wants to go ahead to clear his name,” he said. He initially said the company still owned the property, but accepted it did not when Ó Dúlacháin interjected and offered to show him the documentation.
The three judges adjourned the hearing for 30 minutes. On their return, Judge Clarke instructed that the €46,000 be paid to Presho, with his legal costs. He also expressed concern at the way the company had been dissolved.
“The Court is concerned at the information brought to its attention today regarding the judgment mortgage obtained by Mr Presho,” the Judge said. There were three matters. The company ceased to own the hotel. A charge in favour of Ulster Bank on the folio was cancelled. On the same date “a judgment mortgage in favour of Mr Presho was cancelled. The Court has been informed by counsel for Mr Presho that no notice was given to his side.”
The Court ordered that, in order to proceed with his appeal, Doohan would have to file the affidavit
by December 16th.