Irish-language version of great Portugese poet
(An edited version of this was published in 'An tUltach' February 2017)
Tá
sé amuigh ar
Fernando Pessoa gurb eisean file mór
na Portaingéile. Tá sé soiléar go bhfuil sin fíor ó na leaganacha Gaeilge
seo ar chuid dá dhánta ‘As Trunc Fernando
Pessoa’, leaganacha a rinne Deirdre Brennan. Tá
comhghairdeas ag dul chuici, agus chuig Coiscéim,
an foilsitheoir, as seo. Tá
siad ag cur saothar Eorpach ar fáil,
in am mar a bhfuil saol an Bhéarla
ag tabhairt droim láimhe
do theangacha eile, agus ag cúlú isteach san
aonteangachas.
Saol gearr a bhí
ag Pessoa féin. Bhí sé ró-thugtha
don ól. B’shin a
thug bás dó i 1935, gan aige ach 47
bliain.
Níor
foilsíodh tromlach a
chuid dánta go dtí i nidiaidh
a bháis. Scríobh sé go leoir dánta i bpearsanraí eile, gur chum beathaisnéisí
na bhfilí sin.
Mar
fhile, tá a léargas féin aige ar an saol. Tá sin le feiceáil i ‘Páiste
anaithnid salach ag súgradh lasmuigh dem’ dhoras’: “Ní cheistím an mbeireann tú
teachtaireacht shiombalach chugam./ Bainim sport asat toisc nár leagas súil ort
cheana/ is dá mbeifeá glan ba pháiste eile thú gan amhras.” Cinnte, is fiú an
file seo a léamh.
‘As Trunc Fernando Pessoa’, rogha dánta ó Fernando Pessoa. Aistrithe ag Deirdre
Brennan. Coiscéim €7.50.
No comments:
Post a Comment