Wednesday, 1 November 2017

Belfast native campaigns for his Donegal Gaeltacht home

(A slightly edited version of this was published in An tUltach, October 2017) 

Tá Danny Brown tógtha faoi bhánú na tuaithe, agus na Gaeltachta ach go háirithe. Tá an fadhb thart air chuile lá i Rann na Feirste. B'fhuarasta dallamullóg a chur ort féin agus tú ag amharc ar an áit. Tá go leoir tithe nua ann. Is tithe saoire cuid mhór acu. Tá roinnt daoine óga ag siúil an bhóthair. Is scoláirí ón gColáiste Samhraidh iad.

Is as Béal Feirste do Danny, ach é anois préamhaithe sa cheantar. Bhuaileamar lena gcéile tí s'aige, sean-teach go bhfuil dóigh maith curtha air.

Chuaigh sé leis an línitheoireacht nuair a d'fhág sé Coláiste Naomh Maolmhaodhóg i mBéal Feirste. “Dfhág mé Béal Feirste i naoi gcéad déag seachtó is a hocht,” ar seisean. D'aistrigh sé go Doire, Leitir Ceanainn, Baile Átha Cliath,Oileán Manainn, agus arais go Baile Átha Cliath. “I dtrátha an ama sin, thit an tóin as an cheird a bhí agam, mar tugadh ríomhairí isteach, agus bhí deireadh nach mór leis an cheird,” ar seisean.

D'athraigh sé a cheird. “Thosaigh mé ag scríobh do Lá agus corr-rud thall is abhus,” ar seisean. “Nuair a thosaigh Fiosrúchán Domhnach na Fola, bhí mé ag freastal ar sin beagnach chuile lá. Bhí mé ag tuairisceoireacht do Raidió na Gaeltachta. Ag an tús, ní raibh ann ach Fiosrúchán Domhnach na Fola ach de réir a chéile thosaigh siad ag glaoch orm faoin rudaí eile a bhí ag titim amach i nDoire.” Chomh maith “bhí sé i gcónaí mar chaitheamh aimsire agam scéalta beaga a scríobh.”

Ansin, tháinig cor eile ina shaol. “Chonaic mé go raibh obair ag dul i nGaoth Dobhair, obair a mhairfeadh sé mhí, ag scríobh scripte fá choinne clár teilifíse,” ar seisean. “Chuir mé sin isteach, agus bhí agallamh agam, agus fuair mé an post. Bhí foireann againn ann ag déanamh an sraith seo.” Chaith sé sé mhí i nGaoth Dobhair. “Ansin, in áit dul arais go Doire, rinne mé cinneadh fanacht,” ar seisean.

Bhí cairde sa cheantar aige. Leis “thosaig mé ag dul amach le mo bhean. Bhí aithne agam uirthi roimhe seo i nDoire. Bhí sise ag bogadh chuig an cheantair seo ar mhaithe lena cuid oibre, agus táimid le céile ó shoin. Bhí an teach seo ceannaithe aici, agus bhog mise isteach sa teach, agus sin an fáth go bhfuil mé mi Rann na Feirste.”

Ba i bhfad roimhe sin, ina óige, a thosaigh a shuim sa Ghaeilge.

Bhí mo dheirfiúr dhá bhliain níos sine ná mé,” ar seisean. “Thosaigh sise ar Scoil Doiminic ar Bhóthar na bhFál.” Mar sin, bhí leabhair Gaeilge aici – gan fhios ag Danny cad ba Gaeilge ann. “Thosaigh mé ag crá mo dheirfiúr, ag iarraidh uirthi na focail a bhí ar an leabhar seo a fhuaimniú,” ar seisean. “Agus bhí sise díreach ag tosnú ag foghlaim Gaeilge.”

Chuala sé go raibh ranganna i gCumann Cluain Ard, thart an coirnéal uaidh, agus thosaigh ag freastal orthu. Muna raibh sé iontach díograiseach, bhí bunshraith Gaeilge aige nuair a thosaigh sé ar an mhéanscoil. Ba Muiris Ó Droighneán an múinteoir a bhí ansin aige. “Bhí seisean iontach maith mar mhúinteoir, níl mise ag rá go raibh muidne iontach maith mar dáltaí,” arsa Danny.

Mhéadaigh a shuim, cé gur thit Cumann Cluain Ard i leataobh. “Ansin, nuair a bhí mé ceithre bhliain déag d'aois, thosaigh na Trioblóidí,” arsa Danny. “Mhúscail na Trioblóidí rud éigean ionam, go raibh tábhacht leis an rud a bhí ag dul ar aghaidh i gCumann Cluain Ard.” D'fhill sé ar an Chumann agus “fuair mé amach go raibh saol eile, rúnda, in Iarthar Bhéil Feirste.Sampla de sin go raibh siopa ar Bhóthar Kashmir, ag coirnéal Sráid Clonard, bhí sé céad slat ón teach s'againne – Houstons. An t-aon eolas a bhí agam ná gur cuireadh chuig Houstons mé fá choinne prátaí (agus eile) – greengrocers a bhí ann.”

Ansin, lá, bhuail sé isteach chuig Houstons. “Thosaigh Mrs Houston ag labhairt liom, agus níor thuig mé focal,” arsa Danny. “Ansin, dúirt sí 'práta' 'prátaí' – ah! Gaeilge! B'as Baile na Finne í. As sin, dhiúltaigh sí Béarla a labhairt liom.”

Leis, b'iad a dream a thóg Gaeltacht Bhóthair Seoighe a rinne Sráid Bombay in aice leis a ath-tógáil i ndiaidh gur dódh Mí Lúnasa 1969 é. “Bhí siad sin ag caint i nGaeilge eatarthu féin,” ar seisean. “Go tobann, bhí an saol sin a bhí i bhfolach amuigh ansin go foscailte.”

Bhí sé ag tarraingt ar an Chluain Ard go dtí gur aistrigh sé go Doire. Mhair an suim, gan bheith, b'fhéidir, in amannaí chomh láidir agus a bhí. Agus é ar Oileán Mhanainn “bhí mé amuigh sa phub oíche amháin agus bhí fear b'fhéidir caoga bliain d'aois le fear óg agus bhí sé just ag cur síos ar rudaí. Shíl mé gur droch-Gaeilge a bhí ann. Agus chuir mé ceist air – an é sin Gaeilge? Agus dúirt sé – Mannanais – agus bhí cúpla oíche agam leofa siúd.”

Chomh maith lena shuim sa Ghaeilge, is sóisialach é Danny. Ba cheardchumannach a athair, chuala sé caint ar an sóisialachas óna óige. “Ní raibh leisc ar mo thuismitheoirí labhairt faoi na rudaí a bhí ag tarlú sa domhain,” ar seisean. “Mar shampla, an leas-ainm a bhí ag mo mháthair orm nuair a bhí mé thart fá ocht déag ach 'Fiddle' – ní raibh baint aige le h-uirlisí ceoil ach le Fidel Castro.

An míniú atá agamsa ar an rud atá ag tarlú sa Ghaeltacht, tagann sé ón gcúlra sin,” ar seisean. “Tá fhios agam go bhfuil an córas go bhfuilimid beo ann, go bhfuil sé ann ar leas dream ar leith daoine, agus go bhfuil an chuid eile againn ann le déanamh cinnte go bhfuil stíl beatha acusan, go leanfaidh sé, go gcoinneoidh siad gréim ar cibé buntáistí atá acu.” Bhíodh pobal bríomhara faoin dtuath, ach tá rudaí dá lárnú isteach sna bailtí móra, gan troid ina éadán. “Tá rud ar leith ag tarlú sna pobail Gaeltachta, mar, chomh maith le bánú na tuaithe, táimid ag cailleadh oidhreacht atá ag dul siar cúpla míle bliain,” ar seisean. “Níl freagra ar bith ag an chóras, ag an stát, ar sin.”

Tá 'perfect storm' anois ann. Sna 70idi, nuair a bhí géarchéim i nGaeltacht Chonamara, chuir dream óg Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta ar bun, throid siad, bhain siad rudaí amach, ach “níl na daoine óga ann leis an troid a dhéanamh. Beidh deireadh leis an Ghaeltacht muna ndéanfear athruithe bunúsacha. Caithfidh seo tarlú iontach, iontach, gasta. Níl fostaíocht ar bith ann. Fiú nuair a chruthaíonn siad fostaíocht, cuireann siad sin ar fáil ar an Chlochán Liath, ní ins an Ghaeltacht cheart ach ceann de na ceantaracha is laige Gaeilge i limistéar na Gaeltachta oifigiúla. In ionad buntáiste a thabhairt do na ceantaracha is láidre Gaeilge, bunaíonn siad monarchana i gceann de na ceantaracha is laige Gaeilge.”

Leis, is comhlachtaí eachtrannacha a mealltear isteach, agus Béarla an teanga cumarsáide. Tá impleachtaí leis seo. “Má tá tú ag éirí dul ar aghaidh sa tsaol, caithfidh tú do theanga, do chultúr, a fhágáil ag an doras,” ar seisean.

Molann Danny comharchumainn áitiúla, a bheadh fóirsteanach don líon oibrí agus na scileanna sna ceantaracha. “Tchítear domsa gur sin an t-aon bealach go dtig leis an Ghaeltacht teacht slán as seo,” ar seisean.





No comments:

Post a Comment