Sunday, 1 February 2015



The Massacre at Charlie Hebdo

(first published in An tUltach, January 2015)

#JeSuisCharlie

Is guth beag atá againne leis ‘An tUltach’. Mar sin, tá sé tábhachtach go nglacfaimis seasamh ar an ár a rinneadh ar fhoireann ‘Charlie Hebdo’.

Ba bhuille do shaoirse na meán é, do shaoirse cainte, dúinn uilig atá ag éirí eolais a chur ar fáil – sea, agus don lucht léitheoireachta atá ag iarraidh eolais. Ní h-aon Charlie Hebdo é ‘An tUltach’. Mar sin féin, is iris é a thugann guth do mhionlach, Geaeilgeoirí Chúige Uladh.

Ba ghuth ag mionlach sa bhFrainc é Charlie Hebdo. Bhain sé le traidisiún áirithe francach den aor agus den mhagadh – tráidisiún nach bhfuil ar bhlas an uile duine, dála an scéil. Pillfimid ar sin ar ball.

Chuaigh ar tharla go mór i bhfeidhm ar mhuintir na Fraince, nó ba chuid de dhúchas s’acu é – dúchas a chuaigh siar go dtí na meánaoiseanna.

Dúirt James Overton, iriseoir atá ina Chathaoirleach, Craobh Phárais, Aontas na nIriseoirí, gur tháinig Páras ina lán-stad ag meán lae an 8ú Eanáir. “Bhí mé ag stáisiún metro an Place d’Italie nuair a d’fhógair bolscaire ar an chóras fógartha poiblí go mbeadh bomaite ciúnas ag meán lae,” ar seisean. “D’fhan na traenacha ag an ardán na doirse ar oscailt. Thuirling daoine, gur bhain díobh a gcuid hataí. Bhí foireann córas iompair na cathrach ina seasamh ar aire. Bhí bean meán-aosta amháin agus caoineadh. Agus, ós rud é gur seo metro Phárais, bhí paisinéar mire amháin ag scairteadh leis gan ciall ag bun carráiste amháin.”

Faraor, tharla macallaí an ruda a tharla sa bhFrainc anseo. Tá sé 14 bliain ó dúnmaraíodh an t-iriseoir Marty O’Hagan, cara agus comhghleacaí liom, ar an Lurgan. B’iad an LVF (Fórsa na nÓglach Dílseach) a dhúnmaraigh é.

Bhíodh Marty i gcónaí dá bhfíosrú. Bhí sé go háirithe ag fiosrú na nascanna a bhí idir an LVF agus daoine sna fórsaí slándála. Nuair a dúnmaraíodh é, bhí sé ag obair ar scéal a bhain le péas sinsearach áirithe. Níor cionntaíodh duine ar bith riamh as an dúnmharú, cé go luaitear ainmneacha go forleathan. Tá sé amuigh ar chúpla duine acu go raibh siad ina ngníomhairí ag na fórsaí slándála.

Is suntasach amharc ar an difear idir an dóigh gur láimhsíodh cás Marty agus cás Veronica Guerin. B’úafásach agus ba thragóideach é dúnmharú Guerin.

Cionntaíodh daoine as an dúnmharú. Ar ndóigh, bhí an dúnmharú sin oiriúnach don leagan oifigiúil. Ba lucht díolta drugaí a dhúnmharaigh ise.

Caithfear a rá lom amach: bhí bagáiste ag Marty. B’iar cime poblachtach é, a chaith seal faoi ghlas as bheith ina óglach san IRA Oifigiúil. Mar sin, bhí siad ann a sheachain cás s’aige. Leis, tá ceisteanna faoi lucht a mharuithe, agus an ceangal idir iad agus daoine sna fórsaí slándála.

Bhí dúnmharú Marty ar an sampla ba chríochnaithe ar an imeaglú ar iriseoirí sa Tuaisceart. Rinneadh bagairtí ar go leoir again: dílseoirí ba mhó, ach níl na grúpaí éagsúla poblachtacha gan locht. Tá an stát ag déanamh bagairtí chomh maith. Is é sin, tá siad ag iarraidh ar iriseoirí pictiúirí agus nótaí a chur ar fáil: beart a chuireann sinn i mbaol. Bíonn sé deacair go maith bheith ag plé le dreamanna áirithe anseo – gan iad bheith den bharúil go bhfuilimid ag obair ar son na bhfórsaí slándála.

Thug ár Phárais an t-imeaglú seo go croí-lár na hEorpa. Bhí seo ar an ár ba mheasa dá ndearnadh ar iriseoirí san Eoraip.

Níorbh é, faraor, an t-ár ba mheasa dá ndearnadh ar domhain. Rinneadh sin in ár Maguidanao ar Oileán Mindanao sna hOileáin Fhilipíneacha. Sé bhliain ó shoin, dúnmaraíodh 34 iriseoir, agus 24 eile. Bhí na h-iriseoirí ag tuairisciú ar pholaiteoir áitiúil, a bhí ag tabhairt dúshláin ghobharnóra an chúige. Rinne 100 fir armtha de lucht tacaíochta an ghobharnóra ionsaí orthu. Rinneadh éigniú ar ceathrar ban-iriseoir a dúnmaraíodh. Dála cás Mharty, luaitear ainmneacha na ndúnmharfóirí go forleathan: go dtí seo, níor cionntaíodh duine ar bith.

Anuraidh, rinneadh ár ar iriseoirí ar fud an domhain. Ba sa ‘Tríú Domhain’ a bhformhór. Maraíodh naonúr san Afganastáin: maraíodh seachtar san Iráic: níl aon ionadh go bhfuileamar chomh dall ar a bhfuil d’úafáis ag tarlú sa dá thír sin. Ní i dtíortha iargúlta amháin atá iriseoirí dá marú: maraíodh cúigear i Meicsiceo, tír atá forbartha ar go leoir dóigheanna agus ar thairseach na Stát Aontaithe. Tá an tír i mbaol titime as a chéile de bharr nirt gnó na ndrugaí, agus an nasc atá idir lucht drugaí, péas, agus polaiteoirí.

Faraor, ní tugtar aird ar úafáis sa ‘Tríú Domhain’, muna mbíonn daoine geala ina n-íobartaigh. Tá na meáin sna tíortha forbartha ag déanamh ciorruithe, go háirithe ar thuairisceoireacht idirnáisiúnta. An tuairisceoireacht a déantar, is saor-iriseoirí ar bheagán pá ó na tíortha bochta is mó a dhéanann – gur beag aird, faraor, a tugtar orthu. Mar a deir an sean-nath: “Anyone here been raped and speak English.”

Na buncreidmhigh a rinne an t-ionsaí ar Charlie Hebdo, bhain siad le dream atá ag déanamh áir ar iriseoirí sna tíortha Musulmacha le blianta. Dúnmaraíodh 58 iriseoir san Ailgéir ó 1992.

Tá sé i bhfad ró-shimplí a rá gurb iad tíortha an Iarthair a chruthaigh na fórsaí seo. Tá sé fíor a rá gur thug an t-Iarthar tacaíocht dóibh, mar gur fórsaí coiméadacha a bhí iontu. Ba san Afganastáin ach go háirithe a tháinig siad chun tosaigh, ag troid in éadán an Aontais Sóibhéidigh ó 1979 amach. Tugadh tacaíocht dóibh mar go raibh siad ag troid in éadán Sadaam Hussein san Iráic, Ghaddafi sa Libia, agus an Uachtaráin Assad sa tSír. Nár chuala rialtais an Iarthair riamh faoi Frankenstein?

Bhain an bheirt a dhúnmharaigh iriseoirí Charlie Hebdo le ‘Gréasán Buttes-Chaumont’, gréasán scéimhleoireachta atá bainte le Daesh (an Stát Ioslamach). Dhúnmharaigh an gréasán sin beirt den eite chlé sa Túinis dhá bhliain ó shoin. Rinneadh sin chun bac a chur ar t-iompú i dtreo an daonlathais.  

Ar ndóigh, bhí siad naimhdeach do sprid Charlie Hebdo. Cinnte, ní raibh Charlie Hebdo ar bhlas an uile duine. Ba mhinic gáirsiúil, maslach, Diamhaslach, ainsrianta é. Ba mhinic, dar le cuid mhór daoine, gan greannmhar é. Ach tá sé riachtanach go mbeadh saoirse cainte aige.

Tá an Front National agus dreamanna eile ón eite dheis ag éirí teacht i dtír ar an ionsaí. Dúirt Marine Le Pen, ceannaire an Front National, gur “íde-eolaíocht dúnmharfach” a bhí ciontach. Thugadh Charlie Hebdo fúithi go fíochmhar – níos fíochmhaire ná faoin Ioslamachas.

Cinnte, dhiúltódh na h-íobartaigh le tacaíocht óna leithéidí. Bhain siad uilig leis an eite chlé, le gluaiseachtaí frith- caipitlí, frith-ciníoch. Ba de bhunadh Musulmach beirt orthu siúd a dúnmaraíodh. Tá eite clé na Fraince, chomh scaipthe agus atá, ag déanamh a dhícheall le hoidhreacht s’acu a chosc uirthi. Faraor, tá an cuma ar chúrsaí gur ar a leas a bheidh an t-úafás a tharla.

Nó tá préamhacha doimhne ag an eite dheis sa bhFrainc. Luaitear ‘Ioslamach’ agus ‘scéimhleoireacht’ le céile anois. Ach níorbh Ioslamaigh a bhí ciontach as an t-eachtra scéimhleoireachta ba mheasa sa bhFrainc. Mharaigh scéimhleoirí an Organisation armée secrete (OAS – antoiscigh a sheas in éadán neamhspléachais na hAilgéire) 27 nuair a phléasc siad traen idir Strasbourg agus Páras Mí Meitheamh 1961.

Agus seo dá scríobh, trí lá i ndiaidh an eachtra, tá ionsaithe dá ndéanamh ar Mhusulmaigh sa bhFrainc. Bheadh íobartaigh Charlie Hebdo orthu siúd a dhéanfadh a gcomharsan Musulmacha a chosaint.

Piceanna: Patrick Kamenka + SDLP


No comments:

Post a Comment