Saturday, 12 July 2014



View of the Scottish Referendum from a Gaelic-speaking island.

A slightly edited version of this piece was published in An tUltach, Meitheamh (June) 2014). The piece is based on interviews with people on Barra. From those, it seems that younger people are more pro-Independence: the older wary of change.

le hAnton Mac Cába

Dala pobal na hAlban i gcoitinne, beidh pobal Eileain Bharraigh ag vótáil sa reifreann ar an neamhspléachas Mí Mhéain Fómhair. Tá an t-oileán Gaeltachta sin 60 míle amach ó chósta thiar na hAlban. Is le Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba an toghcheantar, ag an dá phairlimint. Ainneoin sin, is beag iomrá atá ar fheachtas – bíodh sé sin dearfach nó séantach.

Agus mé ann Mí na Bealtaine, chuir mé ceathrar faoi agallamh.

Is pinsinéar í Curstie Peggy Mac Leòid, í an-gafa le cúrsaí Gàidhlig. “Níl fhios agam an mbeidh mé ag vótáil ‘tá’ nó ‘níl’, nó níl oiread sin eolais agam faoi,” ar sise. “.Níl athrú de dhíth orm, nó tá mé breá sásta an dóigh go bhfuil sinn.” Ní bhfuair sí  go leoir eolais ó ceachtar den dá thaobh “agus mar Gaeilgeoir, ní dóigh liom go mbeadh tionchar ar bith aige ar an teanga, bealach amháin nó bealach eile.”

Tá sí míshásta nár tháinig ceachtar taobh go Barraigh le ceisteanna a fhreagairt. “Ní raibh rud ar bith againn ar an oileán,” ar sise. D’éist le gach rud ar an raidió agus teilifís “agus ó thaobh lucht ‘Tá’, níor fhreagair siad na ceisteanna atá riachtanach againn.”

Tá seans ann go mbeadh buntáistí le neamhspléachas. “Táimid ró-fhada chun siúil ó Westminster,” ar sise. “Sílim go bhfuilimid go fírínneach ar an imeall, agus thiocfadh dó go mbeimis níos fearr as (dá mbeadh neamhspléachas ann).” Ar an taobh eile, is ar tír mhór atá an chuid is mó dá teaghlach, imní uirthi faoi chúrsaí fostaíochta acusan.

Ní ábhar mór cainte an Reifreann. Tá cuid mhór den mhuintir lena mbíonn sí ag meascadh ina h-aoisgrúpa féin, iad bainte le cúrsaí traidisiúin. “An barúil a fhaighim uathu, ná cosúil liom féin nach bhfuil athrú de dhíth orthu,” ar sise. Ábhar eile imní “má vótáileann tú ‘tá’, níl bealach ar bith pillte ann.” Dar léi gurb iad an t-aon óg is mó atá ar son an neamhspléachais, dála garmhac léi atá 16.


Baineann Patricia Ross leis an ghlúin sin, í ina macléinn meánscoile 16 bliain atá ag caitheamh vóta don chéad uair. “Tá mise ag dul a vótáil ‘tá’ mé féin, agus sílim go mbeidh sé go hiontach d’Albain,” ar sise. Bheadh neamhspléachas ar leas an chultúir i gcoitinne. “Sílim go mbeidh an Gàidhlig níos feiceálaí ná mar atá anois,” ar sise. Aithníonn sí nach bhfuil aois-grúpa s’aici ar aon tuairim, ach í den bharúil go bhfuil a dtacaíocht ag dul I dtreo an neamhspléachais. Tá an-suim ag an aois-grúpa sa reifreann. “Tá cuid mhór cainte ar scoil, nó tá (an Reifreann) ag teacht Mí Mheáin Fómhair,” ar sise.

Níor mhaith léi a rá cén toradh a bheidh ann. “B’fhéidir ‘ní’ ag an bhomaite, ach de réir mar a thagann an rud níos cóngaraí, gheobhaidh siad amach níos mó faoi,” ar sise. “Níl móran eolais ag tromlach mo chairde faoi go fóíll.”

Is ar ábhair difriúla a dhiúltaíonn cuid dá cairde don neamhspléachas. “Mar nach mbeifimis ag fanacht san Eoraip,” ar sise. “Ní maith leo Alex Salmond chomh maith – agus NATO, tá siad rud beag ait faoi sin, deir siad nach mbeidh Sasana dá gcosaint níos mó – agus leithéidí gan an púnt Sasanach bheith níos mó acu. Ach is mion-rudaí iad sin, dar liom.”


Is Gaeilgeoir eile é Seonaidh Beaton, pinsinéar, agus seanóir in Eaglais na h-Alba.
“Go pearsanta, níl aon ró-shuim agam ann,” ar seisean. “Chaith mé mo shaol sa chabhlach trádála, ceathracha’s a naoi bliain dhe, agus d’oibrigh mé amach as Londain, Learpholl, Glaschú, agus fuair mé amach go raibh na Sasanaigh go raibh mé ag obair leo níos sásta cuidiú liom ná an mhuintir lena raibh mé ag obair in Albain. Ar chúis simplí – ba cuma leis an Sasanach cé tú, nó cad é rinne tú, nó cén creideamh a bhí agat – má bhí tú oiriúnach don phost, fuair tú an post. In Albain, ba cheist eile ar fad a bhí ann. Tháinig mé ar dhaoine ait agus mé ag éirí post a fháil, iad ag éirí rudaí a fháil amach – nár thaitin liom.”

Níl fhios aige, fiú, an bhfuil sé ag dul a vótáil – cé, tríd is tríd, gurbh fhearr leis Albain fanacht mar atá.

Dála Curstie Peggy, tá sé gafa le cúrsaí pobail, agus ní rud é a pléitear go forleathan. Tá Riaghaltas na h-Alba chomh fada chun siúil le Rialtas Westminster. “Tá siad chomh fada chun siúil i nDùn Èideann agus a thiocfadh leo a bheith,” ar seisean. “Go fiú i Steòrnabhaigh (mar a bhfuil ceannceathrú Comhairle nan Eilean Siar), tá siad chomh fada chun siúil agus is féidir a bheith ó Bharraigh.

“Chomh fada agus a bhaineann leis na h-Eileanan an Iar, is áit é Dùn Èideann nach raibh baint ar bith againn leis. Ba Ghlaschú an príomh-áit mar a mbíodh muid ag tarraingt. Bhí sé mar a bheadh an dara baile againn. Bhí mé féin i mo chónaí ann le 30 bliain. Dùn Èideann – ní dóigh liom go raibh mé i nDùn Èideann leath-dhosaen uair le mo shaol. “

Dar leis nach ndéanfadh rialtas neamhspléach níos mó ná mar atá dá dhéanamh faoi láthair. Ó thaobh na polaitíochta, tá caitheamh aige i ndiaidh na Líobrálaigh, nó “b’iad an t-aon dream a rinne rud ar bith do na crótéir.”


Tá bialann agus greim gasta ag Rahul Bahri. Tá sé ar an tacadóir is aitheanta de chuid Rangers i mBarraigh. Ní cleachtaíonn sé níos mó an creideamh Musulmach lenár tógadh é.

Dar leis gur mhaith an rud é go mbeadh rogha ag daoine. “Tá mise ag dul a vótáil tá,” ar seisean. Tagann an chúis “ón gcroí don chuid is mó. Ní saineolaí mé ar chúrsaí gheilleagair, ach níl mé dall orthu ach oiread.” Aithníonn sé nach bhfuil eacnamaithe ar aon intinn. “Dar liom féin go mbeimis níos fearr as, agus b’fhearr liom dá dtarlódh sé daichead bliain ó shoin nuair a fuarthas an t-ola.” Tá tábhacht le cúrsaí gheilleagair “ach is ón gcroí atá cuid dhe. Is tír faoi leith é Albain. Ní thuigim cad chuige go bhfuil eagla ar dhaoine roimh seo. Ní fheicim rud ar bith atá ag dul a tharlú go bunúsach, ó thaobh na teangmhála le Sasana.”

Dar leis go vótáilfeadh an tromlach ar Bharraigh ar son an neamhspléachais. Níl sé iomlán cinnte “ach sin an mothú a fhaighim.” Beidh an t-aos óg ag vótáil ar son an neamhspléachais.

“Dar liom go ndearna an feachtas ‘Ní’ praiseach den bhfeachtas s’acu, ní de bharr bheith chomh séantach sin amháin, ach na rudaí áibhéalacha a deireann siad – mothaíonn tú go bhfuil cuid den mhuintir seo den bharúil go mbeidh deireadh leis an domhain má fhaigheann Albain neamhspléachas,” ar seisean. “Sílim go raibh an tAontas ar leas phoibail na Breataine – b’fhéidir ní ar leas na ndaoine sa dúiche gurb as do m’athair agus mo mháthair.” Fiú ansin, thug an tImpireacht buntáistí. Ainneoin coireanna, níorbh iad na Sasanaigh na cóilinigh ba mheasa, ach “tá a lá thart.”

Is mionlach iad na hAlbanaigh sa Bhreatain. “Is cuma cén vóta a chaitheann muidne, táimid ag dul an rud atá de dhíth orthusan a fháil cibé ar bith,” ar seisean. Is náisiún ársa é Albain, níos sine ná an Ríocht Aontaithe. Is don náisiún ársa sin atá dílseacht Rahul.

No comments:

Post a Comment