Monday, 13 January 2014



Writer discusses 30th anniversary of seminal modern Irish Language Novel (first published - An tUltach, December 2013)

le hAnton Mac Cába

Tá sé 30 bliain ó phléasc Cuaifeach Mo Londubh Buí isteach ar litríocht na Gaeilge. Léirigh an scríobhneoir, Séamas Mac Annaidh, beocht ar fad nuair a bhuaileamar i gcaifé Rebecca sa Mhargadh Ime ar oileán Inis Ceithleann. Is caifé úr go maith é, ach i gceart-lár láithreach traidisiúnta, mar sin idir scríobhneoir agus caifé cosúil lena gcéile. Bhíomar cúpla céad slat ón dteach inar tógadh Séamas.

Ba díreach i ndiaidh dó pilleadh ar Inis Ceithleann a scríobh sé an Cuaifeach. “Is dócha, i ndiaidh dom bheith ar an Ollscoil i gCuil Raithin, go raibh m’intinn lán de smaointí agus de thuairimí agus lán de litríocht agus den gramadach,” ar seisean. “Agus nuair a tháinig mé arais go hInis Ceithleainn, ní raibh outlet ar bith agam, nó ó tharla go raibh oideachas tríú léibhéal agam, ní raibh móran daoine ann den ghlúin s’agam féin. So bhí mé liom féin ar bhealach, agus bhí an oiread sin den eolas agus den oideachas sin, agus b’éigean dom rud éigean a dhéanamh leis, ag méadú agus ag at istigh i m’intinn, agus i ndeireadh na dála phléasc sé. Tháinig sé amach i rabharta mór amháin.”

Sa leabhar “bhí mé ag éirí míshástacht áirithe a léiriú. Bhí mé bréan den sean-rud Gaelach. Is dócha go n-aithním anois, b’fhéidir nár aithin mé ag an am, an rud a bhí mé ag éirí a léiriú gur teanga nua-aoiseach Eorpach í an Ghaeilge, go mbaineann sí leis an lá atá inniu ann, go dtig léi plé a dhéanamh ar ábhar ar bith. Bíodh sí cian-aosta, níl sí ar bhealach ar bith sean-caite. B’shin an fath go ndeachaigh mé siar chomh fada le h-eipic Gilgamesh, an litríocht is sine, b’fhéidir, i litríocht an Iarthair, agus go ndeachaigh mé chomh fada suas le Comórtas Amhránaíochta na hEurófíse.”

Bhí sé ag éirí an an réimse iomlán sin a chlúdach. Ba trí thaisme a tháinig sé ar eipic Gilagmesh, atá lárnach sa Chuaifeach. Bhí Iráineach ag stopadh in éineacht le Séamas sna hallaí cónaithe ag an Ollscoil. “Bhíodh seisean i gcónaí ag maíomh as traidisiún s’aige féin,” arsa Séamas. “Lá amháin tháinig mé ar cóip dara láimhe, Penguin Classics.” Léigh sé sin, go bhfaca na cosúlachtaí le teanga an Bhíobla agus na béaloideasa. Bhí sé iontach fóirsteanadh don Ghaeilge, nó ann bhí “an t-athrá, freagraí agus ceisteanna.”

Dhiúltaigh an Cuaifeach do chrot traidisiúnta na h-úrscéala Gaeilg, nó “bhí dóigh eile agam le h-amharc ar an saol, níorbh ionann an dearcadh saoil a bhí agam an t-am sin agus an dearcadh atá ag seanduine ar an taobh thiar den Earagal. Bhain mise le saol na hollscoile, le saol na ndéagóirí, agus ní raibh an saol chomh simplí.” Mar sin, sa Chuaifeach, tá ceithre scéal ar shiúil san am céanna, an t-úrscéal ag bogadh ó ceann amháin go ceann eile “mar a dhéanann tú channel surfing ar an teilifís.”

Bhí eolas aige ar oidhreacht liteartha na Gaeilge, nó ar an Ollscoil, rinne sé staidéar ar leithéidí Séamas agus Seosamh Mac Grianna, agus Myles na gCopaleen. Aithníonn sé gur scríobhneoirí fiúntacha iad, ach bhain úsáid as cuid acu chun pastiche a dhéanamh, mar go bhfaca “an taobh greannmhar agus an taobh áiféiseach den saothar sin chomh maith.”

Bhí Séamas ag machnamh tamall ar an Chuaifeach sular thug sé faoi Mí Lúnasa 1982. Shocraigh sé guar ar aon lá amháin a tharlódh. “Roghnaigh mé lá, agus chuaigh mé amach an lá sin, agus bhreac mé síos cuid de na rudaí a tharla, cuid de na daoine a casadh orm, cuid de na smaointí a bhí agam, agus ansin thug mé faoin leabhar,” ar seisean. “An plean a bhí agam cúig leathanach a scríobh san oíche, cúig lá sa tseachtain, ar feadh deich seachtaine.”

Chloígh sé le sin. Ní dheachaigh sé níos faide ná cúig leathanach “fiú má bhí ábhar agam. Bhí sé níos fusa toiseacht an céad lá eile. Ní raibh mé ag toiseacht fuar, mar a deirfeá, bhí sé níos fusa leanúint ar aghaidh leis an scéal, bhí mé i lár an tsrutha.”

I ndiaidh na Nollag, chuaigh sé chuig Lár-Ionad Tyrone Guthrie i gCo Muineachán, go ndearna an t-iomlán a athscríobh. B’shin roimh ré an ríomhaire. Ní raibh síntí fada ar clóscríobhán, mar sin “b’éigean dom seachtain a chaitheamh ag cur na síntí fada isteach. Agus mar a deirim i gcónaí, bhí síntí fada i mo dhinnéar, bhí síntí fada ag léimint thar claí, i mo chodladh. Bhí siad achan áit.”

Bhí an t-ádh ar an Chuaifeach. D’éirigh Pádraig Ó Snodaigh air an lámhscríbhínn a chur chuige, ansin “an rud a tharla gur ghlaoigh sé lá amháin agus mé amuigh, agus an rud a dúirt sé le mó mháthair: ‘Abair le Séamas go raibh a fhoilsitheoir ar an ghuthán’.”

Níor cruthaíodh an scríobhneoir thar oíche. Bhí Séamas ag scríobh ó bhí sé ar an bhunscoil. “Ba ghnáth linn bheith ag scríobh abairtí sa bhunscoil, agus ba ghnáth liomsa na h-abairtí a chur lena gcéile i bhfoirm scéal,” ar seisean. Dhéanadh sé sraith-scéal dhe. Bhíodh comórtas ann gach maidin, eisean agus gasúir eile ag léamh amach a scéalta féin. Choinnigh sé leis an scríobhneoireacht, ainneoin bheith ar mheánscoil “mar nár tugadh móran airde ar an litríocht nó na h-ealaíona. Le fírínne, muna raibh cos maith peile agat, ní raibh móran suime acu ionat.” Choinníodh sé dialann i nGaeilge ann “bíodh is nach raibh mo chuid Gaeilge thar moladh beirte.” Fuair sé spreagadh ar an Ollscoil. Foilsíodh cúpla rud leis ar An t-Ultach agus ar an nuachtán Inniu.

Tá sé riachtanach aige ar fad rud éigean a scríobh gach lá. “Bím go bhfuil ag scríobh liom go rialta, níl oiread sin deifre orm rudaí a chur i gcló,” ar seisean. “Tá fhios agat nuar atá tú i do dhéagóir agus sna fichidí, tá práinn ag baint le h-achan rud, ach anois agus mé méan-aosta, mar a deirfeá, níl oireadh sin deifre orm.” Tosnaíonn sé ag scríobh ar maidin nuair a imíonn a iníon, Raphaelle, ar scoil. Déanann sé cúpla uair a chloig ansin, cúpla uair a chloig eile istoíche.

Mar oileánach de chuid Inis Ceithleainn, roghnaigh sé an Ghaeilge ainneoin gan aon ró-cáil Gaeilge bheith nó ar an bhaile, nó ar an mheánscoil mar a raibh sé. “Is dócha go raibh mé ag éirí bheith réabhlóideach nó conspóideach,” ar seisean. Bhraith sé compórdach sa Ghaeilge. Ba theanga príobháideach dá chuid féin é “ní raibh móran daoine thart anseo go raibh Gaeilge acu, rud a d’fhág go raibh saoirse iomlán agam mo rogha rud a scríobh.”

Bhí Gaeilge sa teaghlach, nó thóg uncail i mBaile Átha Cliath a chlann le Gaeilge. Léim sé isteach sa Ghaeilge in Árann Mór an samhradh i ndiaidh dó an scoil a fhágáil. “Léigh mé cóip de ‘Le Clapsholas’ le Máire,” ar seisean. “B’shin an céad uair go ndearna mé iarracht leabhar Gaeilge a léamh. Agus tá fhios agat féin, taobh istigh de trí nó ceithre bliain, bhí leabhar scríofa agam féin, mar gur tháinig oiread sin de fás agus de bhorradh ar mo chumas Gaeilge taobh istigh de thréimhse gairid. B’fhéidir gurb é an momentum sin a chuidigh liom leis an saothar sin a chur i gcrích – agus b’é Cuaifeach Mo Lon Dubh Buí an toradh a bhí ar sin.”


No comments:

Post a Comment