Sunday, 31 December 2017

Journalist publishes work on the forgotten Irish language of Co Down

(a slightly edited version was published in An tUltach November 2017)

Bhí aithne i dtús báire ag lucht na Gaeilge ar Chiarán Dunbar mar iriseoir, ag scríobh do Lá Nua, ansin ina eagarthóir ar an nuachtán seachtainiúil Ghaelscéal a bhí lonnaithe i gConamara – beart a fhágann corr-macalla as Conamara le cluinstin ina chuid Gaeilge. Ina dhiaidh sin, chuir lucht an Bhéarla aithne air mar iriseoir le BBC Tuaisceart Éireann. Bhí sé ag teacht ó seal na maidine ansin nuair a bhuaileamar le céile Caifé Nero i Mór-Shráid Victoria i mBéal Feirste.

Ní amháin go raibh cíocras bia air, bhí cíocras Gaeilge an Dúin ar an fhear seo as Paróiste Chluain Dáimh ar an taobh ó thuaidh de na Beanna Boirche. Níl taifead fuaime de Ghaeilge an Dúin ann, ach b'ann don chanúint beagnach le cuimhne na ndaoine. Tá sé le léamh sa leabhar ó Ciarán 'Cnuasach Focail as an Dún'.

Go fiú i measc Gaeilgeoirí, ní luaitear Gaeilge dúchasach leis an Dún. “Muintir an Dúin Theas, ní thuigeann siad aon bhaint bheith ag an Ghaeilge le ceantar s'acu,” arsa Ciarán. “Chuala mé scéalta maidir le duine a bhí ag teagasc Gaeilge i Ros Treabhair agus bhí daoine ag caint faoi na logainmneacha, agus an bunús Gaeilge a bhí leofa, agus ghlac muintir na háite leis go raibh Gaeilge ar bheagnach gach logainm i Ros Treabhair ar an ábhar go dtáinig daoine as Deisceart Ard Mhacha agus as Óméith, agus gur bhaistigh siad an ceantar. Bhí na daoine seo ag foghlaim na Gaeilge, ach cha raibh siad ábalta a thuigbheáil go raibh an Ghaeilge ann, go háirithe ins na Gleanntaí ós comhar Ros Treabhair.” B'shin ag dul isteach sna Beanna Boirche. Tá leagan amach Gaelach ar fhothracha na mbailtí tréigthe thuas ansin.

Fiú staraithe áitiúla, níl siad ábalta a ghlacadh cé chomh fada agus a mhair an Ghaeilge sa cheantar sin, fiú nuair a chuireann tú an t-eolas amach níl siad ábalta glacadh leis.” Tugann sé 'change deniers' orthu, go ndeachaigh galldú go mór i bhfeidhm orthu.

Mar sin, is laoch mór aige an Dr Ciarán Ó Doibhín, as an Iúr ó dhúchas, a scríobh 'The Irish Language in County Down'. Rinne an Doibhíneach an-chuid bun-oibre. “Sin ceann de na bun-fhoinsí a bhí agam don leabhrán seo,” ar seisean. “Agus sílim go ndearna sé éacht. Sílim gurb iontach an deis agat, más Gael thú, buaileadh le do laochra, agus caithfidh mise a rá go bhfuil mise iontach sásta gur chaith mé tamall le duine cosúil le Ciarán Ó Doibhín,” ar seisean.

Laoch eile aige ná Séamas Mac Seáin agus ceannródaithe eile Bhóthair Seoighe. “Ní aontódh achan duine le hAodán Mac Póilin, ach b'é a chuir ar bhóthar Gaeilge Oirthir Uladh mé, mar go dtí gur bhuail mé leis cha raibh fhios agam go raibh taifeadán ann, go raibh stair ann, “Maidir le Contae an Dúin, ní amháin gur mhair an Ghaeilge suas go lár an Fichiú Aois, na sean-daoine deireannacha mar a deirfeá, ach tamaillín roimhe sin bhíodh traidisiún iontach láidir ann, bhí na lámhscríbhinní ann, bhí Gaeltacht agus mar sin dhe. Bhí paróistí ann, agus mheas John O'Donovan gurbh Gaeltachtaí iad in ocht gcéad tríocha a h-ocht nuair a bhí seisean ann. Protastúnaigh bunús na ndaoine a bhí agus atá ina gcónaí ansin. Agus labhair sé le daoine, Protastúnaigh, gur Gaeilge a bhí acu. Léiríonn sin an láidreacht a bhí ag an Ghaeilge.

Ach tháinig an tost. Tháinig an deireadh. Agus, faraor, cé gur mhair an Ghaeilge i gContae an Dúin go dtí gur tháinig taifeadóirí, níl focal dhe ar thaifead agus níl aon dhe scríofa síos. Mar sin, is cinéal de seandálaíochta teangeolaíochta atá ar shiúil againne chun níos mó a fháil amach faoi Chontae an Dúin. Ach is féidir pictiúr an-bheacht a chur lena chéile as an eolas atá ar fáil as an eolas. Chomh maith leis an Dochtúr Ó Doibhín, bunaíodh cuid mhaith de mo leabhrán ar shaothar Mhichíl Uí Mháinín agus a chomhghleacaithe insan an Tionscadal Logainmneacha, mar tig cuid mhór den eolas ó na logainmneacha, ach tar rud ar bith, is éan leabhar seo mar chuid de iarracht le rá daoine go raibh an Ghaeilge dá labhairt ag daoine i gContae an Dúin ar na mallaibh.”

Ba idir paróistí Chluain Dáimh agus Chill Cua a bhí tromlach na gcainteoirí deireannacha. Luaitear gur i naoin gcéad déag daichead's a cúig a fuair an cainteoir deireannach bás. Dar le Ciarán nárbh cainteoirí líofa an dream deireannach.

Bhí an t-ádh orainn go raibh fear againn (i bParóiste Chluain Dáimh – A MacC) darbh ainm an Dochtúr Mac Poilin, a mhaireann fós mar thaibhse sa cheantar,” arsa Ciarán. “Chuir seisean suim sa bhéaloideas agus sa Ghaeilge sna daichidí agus chuaigh seisean thart agus labhair sé le daoine, agus bhí daoine ag rá 'Bh Gaeilge ag m'athair mar ní raibh ach Gaeilge ag mo sheanmháthair', agus ní raibh Gaeilge ag an duine seo. Feiceann tú an briseadh cultúrtha, sóisialta, sin nach raibh garmhac ábalta labhairt leis na sean-tuismitheoirí. Agus daoine ag rá 'Ó bhí m'athair ag labhairt leis an sagart sna naoi gcéad déag fichidí i nGaeilge. Is léir go raibh cainteoirí líofa ann an t-am sin. Agus cúig bliana fichead ina dhiaidh sin, cha raibh ann ach daoine go raibh cúpla focal acu. Sin na riantaí deireannacha.”

Níl daoine ar an eolas faoi seo “agus bheadh an-obair leis an mheoin sin a athrú. Tá sé cosúil le ceantaracha i nGaeltacht na hAlban, mar ar mhair an Ghaeilge go fiche bliain ó shoin, agus rinne daoine dearmad go raibh an Ghaeilge ann.” Séanann daoine go raibh a leitheidí sa cheantar.

Feiceann Ciarán cosúlacht idir ceantar dúchas s'aige agus Inis Bó Finne na Gaillimhe. “Fuair mé léarscáil den áit, agus bunús na logainmneacha, bhí siad i nGaeilge, agus sa Ghaeilge amháin,” ar seisean. Chuir sé ceist ar dhaoine san áit cén t-am go bhfuair an Ghaeilge bás. “Ó, ceithre céad bliain ó shoin,” an freagra a fuair sé. Tá fhios aici a leithéidí i dTír Eoin – bean a chuala a sin-seanathair ag labhairt Gaeilge, ach nár admhaigh an teaghlach gurb amhlaidh a bhí.

Rugadh agus tógadh Ciarán féin fá Bhaile Hill, gan fhios aige Gaeilge bheith sa cheantar cúpla glúin roimhe féin. Dar leis go raibh siad ann agus a sheanmháthair beo, ach gan cuimhne aici orthu.

Ach amháin an Dr Mac Poilin bheith ina ardmháistir scoile, meas ag daoine sa cheantar air, iad sásat labhairt leis, ní bheadh a bhfuil de scéal na Gaeilge sa cheantar againn. Eisean féin, bhí fhios aige go raibh, faraoe, náire ar dhaoine as an Ghaeilge agus na sean-scéalta a bhí acu.

Cnuasach Focal as an Dún Agus nótaí eile. Ciarán Dunbar. Coiscéim €7.50.




No comments:

Post a Comment