Thursday, 15 June 2017

Irish scholar was a Renaissance man

(a slightly edited version of this piece has been published on Tuairisc.ie)

B'fhear ildánach é Diarmaid Ó Doibhlin, a fuair bás in aois a 75 bliain tí s'aige i Machaire Fíolta, Co Doire. Ba léachtóir spreagúil le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúl Raithin, é. Ba scoláire é, go raibh saineolas aige ar chuid mhór gnéanna den Ghaeilge. B'fhear é a bhí ag croí-lár imeachtaí Gaeilge ina cheantar féin é. Ba staraí é. B'fhile é, go mairfidh a shaothar. Ba pheileadóir maith Gaelach é.

Rinne sé na glúnta macléinn a theagasc ar an Ollscoil, thar 30 bliain mar léachtóir. Thar aon rud eile, bhí sé ar thaobh na macléinn. Thuig sé gur daoine iad, go mbeadh fadhbanna acu, agus rinne a dhícheall cuidiú leo.

Ní ábhar teibí sa tseomra ranga aige an Ghaeilge. Bhí rang ag déanamh staidéir ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire. Thug sé go Muscraí iad, go ndeachaigh siad ar thuras thart ar na háiteanna mar ar tharla na heachtraí.

Leis, thug sé cead a gcinn do mhicléinn. Bhí dualgas orthu tráchtas a dhéanamh sa bhliain deireannach don chéim. Lig sé do Shéamas Mac Annaidh scríobhneoireacht cruaitheach a dhéanamh in ionad tráchtais. Cuireadh cuid den ábhar a cumadh isteach san úrscéal Cuaifeach Mo Londubh Buí.

Mar scoláire, bhí cur amach leitheadach aige ar chuid mhór gnéanna den Ghaeilge, ó ré na luath-Críostaíochta go dtí an nua-litríocht – agus beagnach chuile rud eatarthu. Bhí fhios aige go háirithe an tábhacht atá leis an Ghaeltacht, agus an t-oidhreacht beo atá ann.

Thug sé leis an chuid is fearr den oiliúint acadúil ón sean-ghlúin scoláirí a chuaigh roimhe. Bhí cur amach aige ar an Laidin, a d'fhág beachtaíocht aige agus ceangal le léann na hEorpa. Thug sé sin isteach sa dearcadh nua-aimseartha a bhí aige.

Ní rud acadúil aige an Ghaeilge, ach cuid dá shaol. Bhí sé ag croí-lár imeachtaí Gaelacha ina cheantar féin. Minic go maith, ba obair chiúin é, a leag síos bunshraith do bhorradh atá anois ann. Siar i 70idí an chéid seo caite, bhí sé ar bhunaitheoirí an South Derry Gaelic Centre. D'eagraigh sin ranganna agus cainteanna i mbailte sa cheantar. Ainneoin gur ceantar an-corraithe ag na Trioblóidí é, bhí an Centre ábalta dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh oibre trasphobail. Theip ar an tógra faoi dheireadh, le chomh corraithe agus a bhí na blianta sin.

Ba staraí áitiúil é, a rinne taighde agus a bhí ar bhunaitheoirí an South Derry Historical Society.

B'fhile cumasach é, a chuir dhá chnuasach amach. Mairfidh a shaothar, go háirithe b'fhéidir 'Loch na Craoibhe', a bhaineann leis an dúchas aige: “Amuigh ar an oileán chraobhach sin/ Ionad foscaidh ag Gaeil, port aireachais na muintire.”

Ba pheileadóir maith é, é mar chaptaen ar míonúir Dhoire agus foireann Choláiste Phádraig, Ard Mhacha. D'imir sé tamall dá chlub féin, An Lúb. I ndiaidh dó éirí as an imirt, bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Chontae ag Cumann Lúthchleas Gael.

Rugadh ar an Lúb i ndeisceart Dhoire é. Baineann sin leis an chuid de Cho Doire atá i nDeoise Ard Mhacha, mar sin fuair sé meánscolaíocht i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha. Bhí an Ghaeilge láidir sa scoil ag an am.

Chuaigh sé ansin go Má Nuad, mar ábhar sagairt ag déanamh céime sa léann Ceilteach. Shocraigh sé gan dul leis an sagartóireacht, agus rinne MA i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Chaith sé sealanna ag teagasc i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha agus Coláiste Oiliúna Naomh Muire i mBéal Feirste, sula ndeachaigh sé go hOllscoil Uladh.

Fágann sé folús i saol na Gaeilge: ach crónófar go háirithe é mar fear céile ag Theresa; athair ag Crónán, Medb, Sinéad, Éamonn, Cáitlín agus Donncha: sean-athair: agus mar cara maith ag cuid mhór daoine.
deireadh



No comments:

Post a Comment