Low-Key ending to case of Disappeared House on Tory Island
Bhí deireadh ciúin sa Chúirt Uachtarach Deardaoin seo caite le ceann de na cásanna Ardchúirte ba dhrámatúla dar bhain riamh le Dún na nGall. Díbheann an Chúirt Uachtarach achmharc ó Patrick Doohan, iar-úinéar Ostáin Thoraigh, in éadán bhreithiúnais Ardchúirte gur leag sé teach an scannánaí Neville Presho ar Oileán Thoraigh mar gur sheas an teach idir an tOstán agus radharc na farraige.
Tharraing an cás cáil domhanda ar Thoraigh.
Chuir duine nó daoine anaithnid teach Phresho trí thine Mí Eanáir 1993. Cuireadh fios ar na Gardaí, ach chuaigh sé seachtaine thart sula ndeachaigh Garda aonair go Toraigh. Thar bliain, leagadh ballaí an tí le JCB. Bhí Presho ar imirce sa Nua tSéalainn ag an am.
D'fhill Presho ar chuairt go hÉireann i samhradh 1994. Tháinig seisean, a bhean agus a gclann isteach go Toraigh ar an bhád. Chonaic sé ón mbád go raibh teach s'aige sciobtha chun siúil, carrchlós an Ostáin ina ionad. “It's gone, the house is gone,” adúirt sé arís agus arís eile. Níorbh eol do dhuine ar bith i dToraigh ar tharla, ach fear amháin a dúirt: “It would be better if you didn't ask about that.”
Ní raibh Presho riamh mar a bhí. Ní dhearna sé scannán ar bith eile. Fuair an dúlagar agus an t-ól araon greim air. Chuir sé isteach sealanna fada in oispidéil. Shíl dochtúr gur comhartha meabhair-ghalair a bhí ann nuair a d'innis sé scéal s'aige. Theip glan air a chearta a bhaint amach. Ansin, Sathairn na Cásca 2003, tharla go raibh mé ar an bhád isteach go Toraigh. Chuir fear forrán cainte orm: dar leis go raibh an cuma orm gur duine suimiúil mé. Presho a bhí ann.
B'eol dom ar bhain don teach, ó bean ar an oileán. Chuir mé Presho i dteangmháil leis an dlíodóir Michael Gillespie sna Rosa.
Thóg sé sé bhliain ar Gillespie an cás a thabhairt chun na hArdcúirte. Bhí an céad éisteacht i Leitir Ceanainn Mí Márta 2009.
Thug Presho fianaise dramatúil i nguth ciúin faoi theacht isteach go Toraigh, ag tabhairt faoi deara gur sciobadh teach s'aige chun siúil, agus an dóigh gur bhuail tinneas é. Chluinfeá biorán ag titim.
An lá dar gcionn, bhí an scéal sna cinnlíntí.
Níor tugadh breithiúnas go dtí Mí na Samhna 2009. Rialaigh an Breitheamh Roderick Murphy gur scrios Doohan an teach, agus d'ordaigh dó cúiteamh €46,000 a dhíol le Presho.
D'iarr Doohan agus comhlacht s'aige, Ostán Thoraigh achamharc chun na Cúirte Uachtaraigh. Mar choinníoll bhí air an €46,000 a thaisceadh i gcúntas speisialta banc. Dhíbheann an Chúirt achamharc na comhlachta Mí na Samhna anuraidh, agus díoladh an €46,000 le Presho.
Thug Doohan le fios go raibh sé ag leanúint le hachamharc lena ainm a ghlanadh, ach ní raibh seisean nó dlíodóir thar a cheann sa Chúirt Deardaoin seo caite. Dhíol sé Ostán Thoraigh trí bliain ó shoin, é anois ag tiomáint bus i Londain. Tá Presho ina chónaí i gCo an Dúin, an sláinte teipthe air, é i ndiaidh sé mhí a chur isteach in oispidéal.
No comments:
Post a Comment