Sunday, 5 June 2016

Is Irish becoming a girls' language in schools?

by

Anton McCabe 

(an edited version of this piece was published in An tUltach, May 2016)

Tá athrú suntasach agus tobann ann ó thús an chéid mar a bhaineann le Gaeilge sna scoileanna ó Thuaidh. Is cailíní níos mó agus níos mó atá ag tabhairt faoi.

Tá sin le feiceáil sna staitisticí.

I 2002, rinne 2771 Gaeilge ag GCSE. Bhí sé beagnach chomh cothrom agus is féidir a bheith. Bhí 1359 gasúr agus 1412 cailín ann. Sna scoileanna ‘Neamh-Gramadaigh’ (na sean-scoileanna idirmheánacha don chuid ba mhó) bhí rud beag nìos mó gasúr ann, 682 malairt 659 cailín.

I 2015, rinne 1,830 Gaeilge ag GCSE. Bhí 1,136 cailín ann, agus gan ach 694 buachall. Taobh amuigh de na scoileanna gramadaigh, ba cailíní beagnach 75% a thug faoi.

Is tuar dóchais nach amháin go bhfuil an Ghaeilge ag coinneáil ag A Léibhéal, ach go bhfuil méadú ann. Is a mhalairt atá ag tarlú do theangacha eile. Rinne 253 an A Léibhéal i 2002. Bhí 160 cailín ann, malairt 93 buachall. Ba laghdú sin ó 329 trí bliana roimhe.

I 2015 rinne 330 A Léibhéal Gaeilge. Tá an feabhas sin maith, ach go gcaithfear bheith cúramach leis. Ba cailíní go huile is go hiomlán a spreag an méadú. Bhí 239 acu ann, malairt 91 buachall. Taobh amuigh de na scoileanna gramadaigh, ba cailíní 81.5% orthu siúd a chuaigh faoin scrúdú.
Cinnte, cúis atá leis ná go bhfuil athrú ar oideachas. Tá níos mó ábhar ar fáil, roghanna nach raibh ann san am a chuaigh thart. Chríochnaigh mise an A Léibhéal i 1971, i Scoil Gramadach na mBráithre ar an Ómaigh. Ba scoil measartha mór é. Bhí ocht n-ábhar ar fáil ag A Léibhéal, agus trí cinn déag ag O-Léibhéal (GCSE anois). Tá anois dualgas ar scoileanna 27 ábhar a chur ar fail ag GCSE, agus 24 ag A Léibhéal.

Is comhartha arathruithe go bhfuil laghdú ar Ghaeilge i roinnt de na scoileanna gramadaigh a bhíodh láidre. Nuair a bhí mé ar an scoil, bhí tréan scoláire ó na scoileanna sin go raibh Gaeilge acu.  Cuid acu, is ar éigean más ann don Gaeilge iontu ag A Léibhéal anois.

Aithníonn múinteoirí gur labhair mé leo go bhfuil fadhb ann ó thaobh buachaillí agus Gaeilge. Tá claonadh ag gasúir dul le hábhair atá praicticiúla, nó bainte le spórt. Bíonn cailíní níos tugtha d’ábhair acadúla i gcoitinne. D’inis múinteoir amháin dom go raibh sí ag teagasc i scoil a bhí láidir ó thaobh na Gaeilge. Dá mbeadh 15 i rang Gaeilge, bheadh beirt nó triúr gasúr ar a mhéid. Ag an tríú léibhéal, is maith más é an ceathrú cuid den rang a bhíonn i gceist.

Baineann seo, chomh maith, leis an ísliú céime a fuair teangacha i gcoitinne sa chóras oideachais. Nìl nua-theanga riachtanach ag GCSE ó 2004 i leith. Ba rialtas Tony Blair a ghlac an cinneadh. Dá mba rialtas de chuid an Lucht Oibre é, bhí fealsúnacht ‘Little England’ Thatcher agus na dTóraithe go smior iontu.

Táimid faoi thionchar na fealsúnachta sin, faraor. Sampla den toradh atá air ná go bhfuil deireadh le teagasc na Gearmáiníse in Ollscoil na Ríona, agus deireadh dá chur leis in Ollscoil Uladh go luath.
Cinnte, tá scoláirí an lae inniu faoi bhrú le torthaí maithe a fháil. Sa chomhthéacs ain, tá tuilleadh brú ar theangacha. Tá sé amuigh ar theangacha go bhfuil sé deacra. Tá cuid den fhírínne ansin, go háirithe sa Tuaisceart, ó tugadh isteach ‘controlled assessment’ tamall de bhlianta ó shoin.
Caithfear a rá, mar sin féin, go bhfuil rian maith den scéal gan bhunús ar an ‘deacracht le teangacha’ i scrúdaithe. I Sasana agus an Bhreatain Beag anuraidh ag GCSE, fuair 74% d’iarrthóirí C nó níos fear sa Gearmáinís, 71% sin sa bhFraincís, agus gan ach 63% sa Mhatamatic. Seans, b’fhéidir, go raibh na daoine a rinne teangacha níos tiománta, ach an míniú iomlán sin?

Cinnte, tá impleachtaí don Ghaeilge sa neamhaird ar theangacha. Tá toradh air sa Bhreatain, agus is cuid den stát céanna sin. Dúirt An British Academy go bhfuil an stat sin sáinnithe i ‘a vicious circle of monolingualism’. Níl 85% de phobal na Breataine ábalta comhrá a dhéanamh i dteanga eile, seachas an Béarla. Rinneadh suirbhé i 14 tír de chuid an Aontais Eorpaigh: bhí na scileanna teangan ba mheasa ag scoláirí na Breataine.

Tá rudaí ag dul in olcas. Le 10 bliain anus i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, tá laghdú 50% ar an lion atá ag gabháil don Gearmáinís, agus laghdú 40% ar an lion ag gabháil don bhFraincís. Tá impleachtaí tromcúiseacha ann d’achan gné den saol.

Agus sin mar chúlra, tá ag éirí go maith leis an Ghaeilge.

Tá níos mó suime sa Ghaeilge sa Tuaisceart ná mar a bhí riamh. Cinnte, is mionlach iad an mhuintir a chuireann suim ann. Níl siad teoranta don phobal Caitliceach nó náisiúnach. Tá buaine leis an athbheochan atá anois ann. Cinnte, bhí Conradh na Gaeilge ann ag tús an Chéid seo caite, sularbh ann don stát ó thuaidh. Ba thonn é a tháinig go tobann – agus a thráigh chomh tobann céanna. Cinnte, bhí níos mó páirteach. Ba bheag go maith an rian a d’fhág sé. Cinnte, tá cuid mhór den locht ar an chorraíl idir 1912 go 1923. Sciob sin a lán den obair chun siúil.

Tá impleachtaí ag a bhfuil ag tarlú sa chóras oideachais ó thuaidh don chóras oideachais ó dheas. Is léir don uile duine gur praiseach atá sa Ghaeilge éigeantach mar atá anois. Cinnte, dá gcuirfí deireadh leis, mhairfeadh an Ghaeilge mar ábhar scoile. Mhairfeadh tréan scoláire ag gabháil dó.
Ach tá fianaise ann go mbeadh na laigí céanna ag baint leis agus atá ag baint leis sa Tuaisceart. Is ésin, gur ábhar ag cailíní a bheadh ann.


Tá sé riachtanach go bhfanfadh Gaeilge ar churaclam na scoileanna ó Dheas, go mbeadh sé éigeantach, le go mbeadh tuiscint ag scoláirí ar chultúr agus dúchas s’acu. Leis, tá sé riachtanach go mbeadh bealach ann le buachaillí a spreagadh chun tabhairt faoin Ghaeilge, agus ní cailíní amháin. Nach don uile duine an Ghaeilge?

No comments:

Post a Comment