Jack Johnston, a campaigner for townlands
(A slightly edited version of this was published in An tUltach, October 2015)
Tá
Jack Johnston ón
gClochar i dTír
Eoghan sáite
sa stair áitiúil.
Bhí
sé
feiliúnach
gur bhuail mé
leis i Rannóg
na Staire Áitiúla
sa leabharlann ar an Ómaigh,
áit
mar a raibh sé
i mbun taighde ar shean-nuachtáin.
Tá
aithne chomh maith ansin air gur aimsigh an fhoireann seomra ciúin
dúinn.
Is
sin an chúis
is ansa leis ná
cosaint na mbailtí
fearann. Dar leis go bhfuil siad faoi bhagairt sa Tuaisceart, i
ndiaidh gur tugadh isteach postchóid
ag tús
na 70idí.
“Tá
siad faoi bhagairt mar nach bhfuil úsáid
dá
bhaint astu, mar ba cheart a dhéanamh”
ar seisean. “Agus tá
a bheag a dhéanamh
an t-am ar fad d'ainmneacha na mbailte fearann, don chuid is mó,
de bharr ainmneacha na mbóithre.”
Dar le daoine nach bhfuil ainmneacha na mbailte fearann chomh
h-inmhuiníneach
sin mar sheoladh. mar sin téann
siad le h-ainm an bhóthair
agus uimhir an tí.
Fágann
sin go gcailleann siad “saibhreas na h-áite
mar a bhfuil cónaí
orthu go fírínneach,
seachas ainm a chruthaigh Oifig an Phoist.”
Is
ceantar tuaithe traidisiúnta
go maith é
Paróiste
an Chlochair. Ainneoin sin, tá
dearmad dá
dhéanamh
ar bhailte fearann ann – dála
a bhfuil ag tarlú
achan áit
eile. “Ní
dóigh
liom go bhfuil sé
níos
measa ar an Chlochar,” arsa Jack. “Bainim féin
úsáid
as mo bhaile fearann, agus ní
théann
mo chuid litreacha amú
in am ar bith. Má
tá
ainm an bhaile fearann air, tagann sé
chugam. Agus is dóigh
liom go bhfuil fhios ag fir poist an cheantair nach nglacfaidh mé
le post a thagann chuid seoladh a cumadh – nó
go ndéanfaidh
mé
mo dhícheall
gan glacadh leis. Áitim
go mbeadh ainm mo bhaile fearann air – agus sílim
gur bealach é
go dtig linn ainmneacha na mbailte fearann a choinneáil
beo sa phobal. Muna mbaintear úsáid
astu, gheobhaidh siad bás.”
Baineann
go leoir le glúnta.
“An áit
mar a bhfuil an sean-ghlúin,
tá
úsáid
dá
mbaint astu ar fad,” ar seisean. “Tá
lanúnacha
óga
nua-phósta
– níl
mé
ag cur locht orthu – b'fhéidir
nach eol dóibh
baile fearann s'acu, ní
cuid dá
bhféiniúlacht
é.
Is dócha
gur aistrigh siad ón
áit
gurb as dóibh
– mar a mbeadh an baile fearann ar eolas acu.”
Tá
eagla ar Jack go bhfaighfidh ainmneacha na mbailte fearann bás
leis an sean-ghlúin.
“Tá
sin le feiceáil
go soiléar
cheana,” ar seisean. “Cuir tusa ceist ar dhuine – mar shampla,
tríocha
bliain d'aois – ainmneacha cúig
nó
deich mbaile fearann thart orthu a thabhairt – gheobhaidh siad
triúr
nó
ceathrar, ansin beidh siad i dtrioblóid.
Ach má
cuireann tú
ceist ar dhuine seasca nó
seachtó
bliain d'aois, beidh siad ábalta
cúigear
déag
nó
fiche a ainmniú
láithreach
bonn. Is léir
go bhfuil laghdú
chuile lá
ar an úsáid
atá
dá
bhaint as an bhaile fearann. Agus, ar ndóigh,
ní
bhaineann gníomhachtaí
rialtais úsáid
as an bhaile fearann, baineann siad úsáid
as an seoladh poist.”
Le
blianta, bhí
Fear Manach ar an cheantar deireannach ó
Thuaidh a sheas leis na bailtí
fearann, iad mar chuid den saol ann. Thug Jack tacaíocht
don seasaimh sin, ag obair le cumainn áitiúla
staire. Faraor, thréig
Comhairle Fhear Manach na mbailtí
fearann faoi dheireadh cúpla
bliain ó
shoin.
“Sháraigh
idir comhlachtaí
fón
póca
agus gnóanna
móra
iad, dreamanna a bhaineann úsáid
as bunachair sonraí, agus a deir nach dtig leo an baile fearann a
ionchorpú
sa bunachar sonraí,” ar seisean. “Tá
cuid mhóir
rudaí
ag obair in éadan
an bhaile fearann, agus tá
eagla orm go rachaidh Fear Manach an bealach céanna
agus a chuaigh achan áit
eile.”
Beart
a chuireann as do Jack ná
nach bhfuil an slad ar na bailtí
fearann riachtanach. Tá a leithéidí de sheoltaí i nGàidhealtacht
agus in oileáin na hAlban, agus sa Bhreatain Bheag. Níl sé
riachtanach ansin go gcumfí ainmneacha bóthair mar seoltaí.
“Aithnítear daoine as an áit mar a bhfuil cónaí orthu, agus ní
fheicim ábhar ar bith nárbh fhéidir a leithí a dhéanamh i
dTuaisceart Éireann,” ar seisean.
Dar
leis go mbeidh deachtrachtaí ann agus an daonáiremmh dá chur lena
chéile “mar go ndéanann siad daoine a mhapáil de réir baile
fearainne agus an daonáireamh dá chur lena chéile. Má dhéanann
tú iarracht é a dhéanamh bealach ar bith eile, tá tú i
dtrioblóid. Cá tosnaíonn bóthar, agus cá bhfuil críoch leis?
Ach tá teorann deimhin ag baile fearann, agus tig leat líon na
ndaoine sa limistéar mapáilte sin a chomháireamh. Is fadhb sin a
bheidh ag méadú amach anseo – sonraithe a bhailiú.” Beidh
impleachtaí le sin ó thaobh soláthar seirbhísí poiblí.
Tá
feachtas láidir leanúnach ann le hainmnithe na mbailte fearann a
chaomhnú. Tá na cumainn staire áitiúla staire ach go háirithe
gníomhacha. Bhí feachtas 'Save Our Townlands' ag an Federation for
Ulster Local Studies ag deireadh na 70idí agus tús na 80idí.
Ainneoin chomh láidir agus a bhí, bhí idir comhairlí áitiúla
agus an rialtas lárnach ró-láidir.
Fuair
– agus faigheann – an feachtas tacaíocht mhaith “go háirithe
i measc na glúine sin atá ag dul in aois a thuig chomh luachmhar
agus na bhí na bailtí fearann ó thaobh na féiniúlachta. Is iomaí
teaghlach a aithnítear as ainm an bhaile fearann mar a bhfuil cónaí
orthu. Ba dhlúth-chuid de dhúchas a dteaghlach é. Tá borradh ann
sa spéis le hainmneacha na mbailte fearann a chaomhnú. Ní an
sean-dream amháin, ach iad siúd sa dream óg go bhfuil suim acu ina
n-áit féin.”
Tá
imní ar chuid mhór den dream óg seo go sciobfar na h-ainmneacha
seo chun siúil muna ndéantear rud éigean. Aithníonn Jack go
bhfuil, ar an taobh eile, go leoir den dream seo i muinín fón póca
“agus dar leo nach dtig leo fón nua a fháil muna bhfuil ainm
s'acu ar bhunachar sonraí. Déanann sin leatrom ar ainm bhaile
fearann – munar ainm bhóthair faoi leith é.”
Mar
sin féin, tuigeann daoine gur minic a ndúchas féin mar chuid
d'ainm bhaile fearainne – mar shampla Ballymacaffry
lámh
leis an tIompú
Deiseal i bhFear Manach. Insíonn
an t-ainm go maireann – nó
gur mhair – teaghlach áirithe
ann.
Dá
gcaillfí
na h-ainmneacha seo, bheadh aimnéise
staire ar an phobal, agus má
cailltear iad, is beag an sans iad a fháil arais. Is minic gur sine
iad ná na paróistí, agus is cinnte gur sine iad ná na contaethe,
nó nár tháinig siadsan ach le deireadh an 16ú Chéid.
Dar
le Jack gur sa diaspóra ach go háirithe atá an suim ag méadú,
tithe agus feirmeacha i gCeanada, san Astráil agus sa Nua Séalainn
dá n-ainmniú as baile fearann dúchas an úinéara
in Éirinn – nó bíonn daoine ar lorg a bhféiniúlachta féin.
Tuigeann
Jack luach an dúchais. Tá fhios aige go cinnte go dtéann a
mhuintir siar trí
glúin
sa bhaile fearann s'aige, agus naoi glúin
fán
Clochar – agus níos
faide siar, ach gan an fhianise dearfa sin bheith aige. Ón dtaobh
proifisiúnta, is
staraí é Jack, céimí de chuid Coláiste na Trionóide. Spreagann
an dá thaobh suim s'aige sna bailtí fearann. “Chonaic mé a luach
ó thaobh na staire,” ar seisean. Mar staraí, tá sé ag obair leo
chuile lá. “Ní thiocfadh liom maireachtáil gan iad,” ar
seisean, ag gáire.
No comments:
Post a Comment