Saturday, 31 October 2015

Jack Johnston, a campaigner for townlands

(A slightly edited version of this was published in An tUltach, October 2015)

Tá Jack Johnston ón gClochar i dTír Eoghan sáite sa stair áitiúil. Bhí sé feiliúnach gur bhuail mé leis i Rannóg na Staire Áitiúla sa leabharlann ar an Ómaigh, áit mar a raibh sé i mbun taighde ar shean-nuachtáin. Tá aithne chomh maith ansin air gur aimsigh an fhoireann seomra ciúin dúinn.

Is sin an chúis is ansa leis ná cosaint na mbailtí fearann. Dar leis go bhfuil siad faoi bhagairt sa Tuaisceart, i ndiaidh gur tugadh isteach postchóid ag tús na 70idí.

Tá siad faoi bhagairt mar nach bhfuil úsáid dá bhaint astu, mar ba cheart a dhéanamh” ar seisean. “Agus tá a bheag a dhéanamh an t-am ar fad d'ainmneacha na mbailte fearann, don chuid is mó, de bharr ainmneacha na mbóithre.” Dar le daoine nach bhfuil ainmneacha na mbailte fearann chomh h-inmhuiníneach sin mar sheoladh. mar sin téann siad le h-ainm an bhóthair agus uimhir an tí. Fágann sin go gcailleann siad “saibhreas na h-áite mar a bhfuil cónaí orthu go fírínneach, seachas ainm a chruthaigh Oifig an Phoist.”

Is ceantar tuaithe traidisiúnta go maith é Paróiste an Chlochair. Ainneoin sin, tá dearmad dá dhéanamh ar bhailte fearann ann – dála a bhfuil ag tarlú achan áit eile. “Ní dóigh liom go bhfuil sé níos measa ar an Chlochar,” arsa Jack. “Bainim féin úsáid as mo bhaile fearann, agus ní théann mo chuid litreacha amú in am ar bith. Má tá ainm an bhaile fearann air, tagann sé chugam. Agus is dóigh liom go bhfuil fhios ag fir poist an cheantair nach nglacfaidh mé le post a thagann chuid seoladh a cumadh – nó go ndéanfaidh mé mo dhícheall gan glacadh leis. Áitim go mbeadh ainm mo bhaile fearann air – agus sílim gur bealach é go dtig linn ainmneacha na mbailte fearann a choinneáil beo sa phobal. Muna mbaintear úsáid astu, gheobhaidh siad bás.”

Baineann go leoir le glúnta. “An áit mar a bhfuil an sean-ghlúin, tá úsáid dá mbaint astu ar fad,” ar seisean. “Tá lanúnacha óga nua-phósta – níl mé ag cur locht orthu – b'fhéidir nach eol dóibh baile fearann s'acu, ní cuid dá bhféiniúlacht é. Is dócha gur aistrigh siad ón áit gurb as dóibh – mar a mbeadh an baile fearann ar eolas acu.”

Tá eagla ar Jack go bhfaighfidh ainmneacha na mbailte fearann bás leis an sean-ghlúin. “Tá sin le feiceáil go soiléar cheana,” ar seisean. “Cuir tusa ceist ar dhuine – mar shampla, tríocha bliain d'aois – ainmneacha cúig nó deich mbaile fearann thart orthu a thabhairt – gheobhaidh siad triúr nó ceathrar, ansin beidh siad i dtrioblóid. Ach má cuireann tú ceist ar dhuine seasca nó seachtó bliain d'aois, beidh siad ábalta cúigear déag nó fiche a ainmniú láithreach bonn. Is léir go bhfuil laghdú chuile lá ar an úsáid atá dá bhaint as an bhaile fearann. Agus, ar ndóigh, ní bhaineann gníomhachtaí rialtais úsáid as an bhaile fearann, baineann siad úsáid as an seoladh poist.”

Le blianta, bhí Fear Manach ar an cheantar deireannach ó Thuaidh a sheas leis na bailtí fearann, iad mar chuid den saol ann. Thug Jack tacaíocht don seasaimh sin, ag obair le cumainn áitiúla staire. Faraor, thréig Comhairle Fhear Manach na mbailtí fearann faoi dheireadh cúpla bliain ó shoin.

Sháraigh idir comhlachtaí fón póca agus gnóanna móra iad, dreamanna a bhaineann úsáid as bunachair sonraí, agus a deir nach dtig leo an baile fearann a ionchorpú sa bunachar sonraí,” ar seisean. “Tá cuid mhóir rudaí ag obair in éadan an bhaile fearann, agus tá eagla orm go rachaidh Fear Manach an bealach céanna agus a chuaigh achan áit eile.”

Beart a chuireann as do Jack ná nach bhfuil an slad ar na bailtí fearann riachtanach. Tá a leithéidí de sheoltaí i nGàidhealtacht agus in oileáin na hAlban, agus sa Bhreatain Bheag. Níl sé riachtanach ansin go gcumfí ainmneacha bóthair mar seoltaí. “Aithnítear daoine as an áit mar a bhfuil cónaí orthu, agus ní fheicim ábhar ar bith nárbh fhéidir a leithí a dhéanamh i dTuaisceart Éireann,” ar seisean.

Dar leis go mbeidh deachtrachtaí ann agus an daonáiremmh dá chur lena chéile “mar go ndéanann siad daoine a mhapáil de réir baile fearainne agus an daonáireamh dá chur lena chéile. Má dhéanann tú iarracht é a dhéanamh bealach ar bith eile, tá tú i dtrioblóid. Cá tosnaíonn bóthar, agus cá bhfuil críoch leis? Ach tá teorann deimhin ag baile fearann, agus tig leat líon na ndaoine sa limistéar mapáilte sin a chomháireamh. Is fadhb sin a bheidh ag méadú amach anseo – sonraithe a bhailiú.” Beidh impleachtaí le sin ó thaobh soláthar seirbhísí poiblí.

Tá feachtas láidir leanúnach ann le hainmnithe na mbailte fearann a chaomhnú. Tá na cumainn staire áitiúla staire ach go háirithe gníomhacha. Bhí feachtas 'Save Our Townlands' ag an Federation for Ulster Local Studies ag deireadh na 70idí agus tús na 80idí. Ainneoin chomh láidir agus a bhí, bhí idir comhairlí áitiúla agus an rialtas lárnach ró-láidir.

Fuair – agus faigheann – an feachtas tacaíocht mhaith “go háirithe i measc na glúine sin atá ag dul in aois a thuig chomh luachmhar agus na bhí na bailtí fearann ó thaobh na féiniúlachta. Is iomaí teaghlach a aithnítear as ainm an bhaile fearann mar a bhfuil cónaí orthu. Ba dhlúth-chuid de dhúchas a dteaghlach é. Tá borradh ann sa spéis le hainmneacha na mbailte fearann a chaomhnú. Ní an sean-dream amháin, ach iad siúd sa dream óg go bhfuil suim acu ina n-áit féin.”

Tá imní ar chuid mhór den dream óg seo go sciobfar na h-ainmneacha seo chun siúil muna ndéantear rud éigean. Aithníonn Jack go bhfuil, ar an taobh eile, go leoir den dream seo i muinín fón póca “agus dar leo nach dtig leo fón nua a fháil muna bhfuil ainm s'acu ar bhunachar sonraí. Déanann sin leatrom ar ainm bhaile fearann – munar ainm bhóthair faoi leith é.”

Mar sin féin, tuigeann daoine gur minic a ndúchas féin mar chuid d'ainm bhaile fearainne – mar shampla Ballymacaffry lámh leis an tIompú Deiseal i bhFear Manach. Insíonn an t-ainm go maireann – nó gur mhair – teaghlach áirithe ann.

Dá gcaillfí na h-ainmneacha seo, bheadh aimnéise staire ar an phobal, agus má cailltear iad, is beag an sans iad a fháil arais. Is minic gur sine iad ná na paróistí, agus is cinnte gur sine iad ná na contaethe, nó nár tháinig siadsan ach le deireadh an 16ú Chéid.

Dar le Jack gur sa diaspóra ach go háirithe atá an suim ag méadú, tithe agus feirmeacha i gCeanada, san Astráil agus sa Nua Séalainn dá n-ainmniú as baile fearann dúchas an úinéara in Éirinn – nó bíonn daoine ar lorg a bhféiniúlachta féin.

Tuigeann Jack luach an dúchais. Tá fhios aige go cinnte go dtéann a mhuintir siar trí glúin sa bhaile fearann s'aige, agus naoi glúin fán Clochar – agus níos faide siar, ach gan an fhianise dearfa sin bheith aige. Ón dtaobh proifisiúnta, is staraí é Jack, céimí de chuid Coláiste na Trionóide. Spreagann an dá thaobh suim s'aige sna bailtí fearann. “Chonaic mé a luach ó thaobh na staire,” ar seisean. Mar staraí, tá sé ag obair leo chuile lá. “Ní thiocfadh liom maireachtáil gan iad,” ar seisean, ag gáire.