Scotland goes nationalist
(An edited version of this piece was published in An tUltach, April 2015)
Tá Joyce MacMillan ar dhuine de na tráchtáirí is aitheanta
in Albain. Scríobhann sí go rialta don’Scotsman’.
Dar léi gur léir go bhfuil athrú oll-mhór ag tarlú leis an
toghchan seo. “Tá daoine sásta vótáil do Phàrtaidh Nàiseanta na
h-Alba do Westminster”
arsa Joyce. “Cúig bliain ó shoin, bhí Pàrtaidh Nàiseanta na
h-Alba mar Riaghaltas na h-Alba, iad ag déanamh go maith. Ach chaith pobal na
hAlban vóta do Pháirtí an Lucht Oibre.”
Dúradh riamh in Albain gur gá vótáil don
Lucht Oibre leis na Tóraithe a choinneáil amach. Le leathchéad bliain anuas, tá
Albain ag vótáil don Lucht Oibre – agus rialtas coiméadach mar sin féin i Westminster.
Tá deireadh ag teacht le sin. “Tá siad den
bharúil nach leoir an difear idir an Lucht Oibre agus na Tóraithe ar
cheisteanna tábhachtacha,” arsa Joyce. Neartaíodh an bharúil sin go mór nuair a
chonaic siad an Lucht Oibre taobh leis na Tóraithe sa Reifreann ar an
neamhspléachas. Chonaic siad, leis, an Lucht Oibre ag vótáil don déine – taobh
leis na Tóraithe.
Is ceist na déine a shocraigh, dar léi. “Tá
sé sa mhiotaseolaíocht ag Phàrtaidh Nàiseanta na h-Alba gur ceist an diuracháin
admhaigh ‘Trident’ a d’athraigh daoine,” ar sise. “Níl an bharúil anseo chomh
difriúil sin agus atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. Theip ar an Lucht
Oibre polásaí éagsúil eacnamaíochta a chur ar fáil.”
Ní amháin go bhfuil an déine dá chur i
bhfeidhm, tá achan saghas scannaill i Westminster.
“Níl Páirtí an Lucht Oibre ag déanamh critice ar seo,” ar sí. “Cibé locht atá
ar Phàrtaidh Nàiseanta na h-Alba, tá siad ag déanamh sin.”
Ní féiniúlacht náisiúnach atá ag spreagadh na
tacaíochta, ach fís de shaol níos cothroime. “Níl siad in éadán an rialtais mar
gur rialtas Sasanach é, ach mar go bhfuil sé ag cur déine i bhfeidhm,” ar sise.
Tá go leoir den phobal ag amharc ar leithéidí Syriza sa Ghréig.
Sa toghchan, tá an t-ádh le Pàrtaidh
Nàiseanta na h-Alba. Ní páirtí imeallach iad. Ní bhaineann an toghchan le
Riaghaltas na h-Alba, mar sin níl siad dá gcáineadh as a ndearna sin. Tá táithí
ag an pháirtí – gan bheith ciontach as an rud atá ag tarlú i Westminster.
Dar le Joyce gur idir 25 suíochán, ar a
laghad, agus 35, ar a mhéid, a bheidh ag Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba.
“Má bheidh Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba ar an
pháirtí is mó (in Albain), beidh athrú stairiúil ann,” ar sise. “Níor tharla a
leithéidí seo ó bhí na náisiúnaithe Éireannacha ann sa naoú céad déag.”
Fágfaidh sin go mbeidh athrú dochúlaithe ann,
dar léi.
Is griangrafadóir agus ceardchumannaí é Nick McGowan Lowe,
go bhfuil cónaí air i nDùn Bhlàthain i Siorrachd Pheairt. Rugadh agus tógadh i Sasana é, agus
tugann sé tacaíocht don neamshpléachas.
Tá mmeas aige ar Phàrtaidh Nàiseanta na h-Alba.
“Ó toghadh iad, tá siad thar a bheith maith,” ar seisean. “Ní raibh tromlach
acu agus iad sa rialtas ar dtús. Bunaíodh Pàrlamaid na h-Alba ar dóigh le nach
mbeadh duine ar bith ábalta tromlach a fháil ann.” B’shin, ar ndóigh, a rinne
an Pàrtaidh Nàiseanta.
Dar leis nach dtuigeann meáin Shasana Albain.
“Tá an t-íomhá a thugann preas Londain difriúil ón dearcadh atá ag daoine ar an
sráid,” ar seisean. “Níl Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba chomh fada sin ar an eite
chlé, nó chomh náisiúnach sin.”
Dar leis, chomh maith, go bhfuil na
pobalbreitheanna ag insint na fírínne fán líon suíochan a bheidh ag an
Phàrtaidh Nàiseanta, nó tá siad comhsheasmhach.
Beart tábhachtach ná go bhfuil meas ag an
phobal ar Nicola Sturgeon, an Prìomh Mhinistear. “Níl sí cosúil le ‘marmite’
mar a bhí Alex Salmond,” arsa McGowan Lowe. “Ach tá an-táithí aici, bhí sí
thart le blianta. Tá meas ag daoine i bPàrlamaid na
h-Alba uirthi.”
Chas an pholaitíocht leis an reifreann ar an neamhspléachas, dar le
McGowan Lowe. “Cé gur chaill siad, chreid 45% i rud éigean,” ar seisean. “Chuaigh
na daoine sin chuig Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba.” Tá anois
tairseach criticiúil ag an pháirtí.
Beart a spreag sin ná iompar an Chomhrialtais
i Londain i ndiaidh don vóta diúltach buachaint. Go fiú an mhuintir a chaith
vóta diúltach, chuir iompar na bpáirtithe sa Chomhrialtas, roimh an Reifrinn agus
ina dhiaidh, olc orthu.
Tá, cinnte, athrú mór polaitiúil ar na
bacáin. Bé Páirtí an Lucht Oibre an páirtí ba mhó in Albain le blianta. Dar le
McGowan Lowe go bhfuil sin anois ar seachrán – agus go bhfulaingeoidh sé. “Má
tá Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba ag dul an lámh in uachtar a fháil ar pháirtí ar
bith, ís iad an Lucht Oibre agus na Daonlaithe Liobrálacha a chaillfidh,” ar
seisean. “Níl ach an t-aon suíochán amháin ag na Coiméadaithe in Albain.”
Chonaic sé féin an taoide ag casadh. Tá sé gníomhach
in Aontas Náiseanta na nIriseoirí – agus ní eol dó ach ach duine amháin i
gcraobh s’aige a chaith vóta in éadán an neamshpléachais.
Is iriseoir í Janice Ross, go bhfuil cónaí uirthi i
gCamas Lang, ar imeall thoir-theas Ghlaschú. Is ceantar traidisiúnta ag Páirtí
an Lucht Oibre sin. Bhíodh idir mianaigh guail, monarchain móra
innealtóireachta agus oibreacha cruach ann.
Is de bhunadh na hÉireann tromlach an phobail Chaitlicigh ann. Tá
siadsan, chomh maith, ag tacú le Pàrtaidh Nàiseanta na
h-Alba.
“Is athrú seismeach atá ag tarlú, agus tá sé ag dul i dtreo Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba,” arsa Janice.
Níl Páirtí an Lucht Oibre uile-cumhachtach
níos mó. “Chuir an vóta mór ar son an neamhspléachais eagla ar an Lucht Oibre,”
ar sise. “Thuig siad amach go raibh an sean-vóta traidisiúnta a bhíodh ann, nach raibh sin ar fáil. Is léir
anois óna n-iompar go bhfuil eagla orthu – agus an cheart acu. Tá lucht
tacaíochta an Lucht Oibre ag rá ‘Beidh mé ag vótáil do Phàrtaidh Nàiseanta na
h-Alba’.”
Tá tacaíocht súntasach ag an Ord Buí sa
cheantar, go leoir acu a thugann tacaíocht do Rangers. Níl h-eol go beacht do
Janice cad a dhéanfaidh siad. Mar sin féin, dar léi go gcaithfidh siad vóta ar
an dóigh traidisiúnta. “Rachaidh an vóta buí don Lucht Oibre,” ar sise.
Vótáil 50% ar son an neamhspléachais sa
cheantar sa Reifreann anuraidh. Go dtí seo, ní fhaca sí oiread agus billeog
amháin sa cheantar ón Lucht Oibre, ó na Tóraithe, nó ó na Daonlathaithe
Liobrálacha.
Dar léi go bhfuil daoine ag dul i dtreo
Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba mar go bhfuil clár forásach aige. “Is rudaí
indéanta iad, leithéidí deireadh leis na táillí ar oidis,” ar sise. “Níl an
Lucht Oibre ach ag gealladh tuilleadh ciorruithe.”
Tá fhios aici féin an t-athrú. Is de bhunadh
Caitliceach, Éireannach í, a vótáileadh don Lucht Oibre – í anois ina comhalta
de Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba
No comments:
Post a Comment