Catalonia - strong movement for independence
(An edited version of this piece was published in An tUltach, November 2014)
Tá neamhslpéachas ar na bacáin sa Chatalóin. Tá bratach na
Catalóine ar foluain ó blocanna árasán chuile áit ar fud fad Barcelona, an príomh-cathair. Bhí suas le dhá
mhilliún ar léirsiú, rud beag níos mó ná an ceathrú cuid de dhaonra na tire.
Bhí reifreann comhairleach le bheith Mí na Samhna. Chuir Cúirt Bunreachtúil na
Spáinne cosc air, beart a chothaigh fearg.
Tá féinriail ag dúiche na Catalóine ar thaobh na Spáinne den
teorainn. Is é an Generalitat de Catalunya an rialtas réigiúnda, mar gurb é Convergència
i Unió an páirtí is mó. Tá sin ina shaghas Fianna Fáil na Catalóine. Is leis an
rialtas, rialtas a fhaigheann tacaíocht ón Esquerra Repu blicana de Catalunya, páirtí
daonlathach-sóisialach agus náisiúnach.
Tá Ariadna Jou ina h-urlabhraí idirnáisiúnta ag na Joventuts d’Esquerra Republicana (JERC), an ghluaiseacht óige.
Is macléinn iar-céime i in Ollscoil Pompe Fabreu i mBarcelona. Bhuail mé
léi i mbialann na hollcoile thart ar am tae, gan ach dornán macléinn fágtha
ann. Bhí sí ag teacht ó léacht, ar a bealach chun na leabharlainne le píosa
oibre a chríochnú – ach gan í ag brostú an agallaimh.
Tugann páirtí s’aici lán-tacaíocht don neamhspléachas.“An rud atá
rialtas na Catalóine ag déanamh anois – agus is de bharr brú ón Esquerra Republicana
agus páirtithe eile a thugann tacaíocht don neamhspléachas atá siad dá dhéanamh
– is ag déanamh réidh don fheachtas don Reifreann Comhairleach atá siad,” ar
sise. Tá siad tabhairt dúshlán Rialtais na Spáinne.
Rialaigh rialtas na Spáinne nach mbeadh cead ag oibrithe sa tseirbhís
poiblí obair a dhéanamh leis an Reifreann Comhairleach a ullmhú. “Bhí
ansin díomá ar rialtas na Catalóine, ní as an rud a bhainfeadh dóibhsean, ach
an rud a bhainfeadh dóibh siúd a bhí ag obair san earnáil phoiblí,” ar sise.
Ainneoin sin ar fad, tá sí dóchasach. “Tá an rialtas leis an rud a dhéanamh
agus a mhól páirtí s’againne, agus an feachtas a thabhairt go cionn spríce ar
achan rud, le gur féidir an Reifreann Comhairleach a ghairm,” ar sise. Tá a bhfeachtais féin ag na páirtithe
difriúla, agus ag Rialtas na Catalóine.
Tá níos mó ná páirtithe ann. “Ar an lámh eile, tá an tArdán
Náisiúnta Catalóineach, mar a bhfuil an uile duine – múinteoirí, micléinn,” ar
sise. “Tig leat bheith ag obair i siopa (mar shampla, agus clárú ann). Tá
an-chuid imeachtaí ar siúil acu, a rá leis an rialtas ‘Bígí cróga, gabhaigí ar
son an Chomhairliúcháin.’”
Bhí na páirtithe ar son an Reifrinn Comhairligh ag buaileadh
lena gcéile chuile lá, agus mé ag labhairt le hAriadna i lár Mhí Deireadh Fómhair.
“Sílim gur mhaith leis an rialtas (sa Spáinn) céim a dhéanamh ar gcúr,” ar
sise. “Mar, rialtas Convergència i Unió, ní ar a leas a bheadh sé gan dul ar aghaidh leis
an Reifreann Comhairleach.
“Seachtain ó shoin, bhí áthas orainn uilig, nó dhealraigh sé go mbeadh
a leithéidí agus Reifreann Comhairleach. An seachtain seo, tá éiginnteacht ann,
nó tá cruinniú ann agus níl fhios againn cad é tá ar shiúil acu. Níl
siad chun rud ar bith a rá go poiblí go dtí an deireadh. Tá súil againn go
mbeidh moladh againn.”
Tá fadhb ann leis an chlár toghthóirí, nó tá sé cúig bliain
ó bhí an daonáireamh ag stát na Spáinne. “Tá daonáireamh eile de dhíth orainn,
le go mbeidh liosta vótóirí againn roimh an Reifrinn,” ar sise.
Tá Ariadna anois iontach gafa anois leis an fheachtas. “Is é
an sprioc mór atá romhainn ná reifreann bheith againn, agus vóta a chaitheamh.
Tá dóchas orm, agus creidim go dtarlóidh an Reifreann Comhairleach. Sílim go
dtarlóidh, fiú má tá orainn ár gclár toghthóirí féin a dhéanamh.
“Nuair atá dhá mhilliún duine ar an sráid ar Fhéile
Náisiúnta na Catalóine, nuair atá Tionól Náisiúnta na Catalóine ann, beidh
linn.”
Bíonn imeachtaí d’achan saghas ann. Is sampla beag ná go
gcuirtear dath buí ar an uile rud sna bailte móra, sin dath bratach na
Catalóine. “Tá sé anois ina ghluaiseacht chomh mór sin gur dóigh liomsa nach
féidir stop a chur leis,” arsa Ariadna. “Sílim go mbeimid ábalta an Reifreann
Comhairleach a dhéanamh, agus muna mbeimid ábalta é a dhéanamh, níl sé mar a
bheadh deireadh ann, nó leanfaimid orainn ag obair, agus beidh toghchan
againn.” San am céanna, ní bheadh Ariadna iomlán sásta le sin, nó “tá mé den
bharúil go bhfuil an reifreann ar an rud daonlathach is fearr go dtig linn a
dhéanamh. Ach tá dóigheanna malartacha againn, dóigheanna le táispeáint don
chuid eile den saol, gur mhaith le pobal na Catalóine smacht bheith acu ar a
dtodhchaí féin, bheith neamhspléach.”
Agus í ag súil le Reifreann “níl fhios agam an freagra
deireannach a bheidh ón Spáinn. Má dheanfaimid é, níl fhios againn an rud atá
siadsan ag dul a dhéanamh.” Ar ndóigh, cibé freagra a thiocfaidh ó rialtas
Mhadrid tá an Reifreann Comhairleach ar an bhealach is fearr.
Mar dhuine óg, baineann Ariadna leis an ghlúin atá níos
láidre ar son an eamhspléachais ná an mhuintir níos aosta – díreach mar atá ag
tarlú in Albain. Dála na hAlban chomh maith, tá géarchéim ann sa ghéilleagar.
Thosaigh sin sa Spáinn i 2007. “D’fhásamar suas chomh maith agus rialtas
s’againn ag glacadh páirte i gcogaidh thar lear,” ar sise. Dar leis an ghlúin
óg is tír faoi leith an Chatalóin. “Mhair an dream níos aosta níos faide faoi
réimeas na Spáinne, agus b’fhéidir mar sin go bhfuil níos mó táithí acu ar sin,”
ar sise. Ainneoin sin, tá céadatán súntasach den dream is sine i bhfabhar an
neamshpléachais. “Bíonn siad ag déanamh comhghairdeas linn as obair s’againn,”
ar sise.
D’fhulaing an ghlúin sin faoi dheachtóireacht Franco idir
1938 agus 1975. Ní raibh cead Catalóinís a labhairt le linn go leoir de na
blianta sin, an cultúr na Catalónach i gcoitinne faoi chois. “Bíonn daoine óga
níos cróga, nó ní dheacamar tri seo,” arsa Ariadna. “Tá níos mó ídéalachais
ionainn.”
Bhí an Chatalóinis ina shiombal réabhlóide faoin
deachtóireacht. “Nuair a bhím ag labhairt le mo mhuintir, deir siad liom go
raibh cosc ar an Chatalóinís,” ar sise. “Mar shampla ní thiocfadh leo
Catalóinís a labhairt ar an sráid, nó ní thiocfadh leo Catalóinís a fhoghlaim
ar scoil. Bhí ranganna mídhleathacha ann. Sa bhaile agus le do chairde,
labhairt tú Catalóinis. Nuair a thagadh duine éigean ó na húdaráis, bheadh
orthu an teanga a bhí dá labhairt a mhalartú.”
Baineann Ariadna le glúin a rugadh ina dhiaidh sin.
Chláraigh sí le JERC i 2008, í 16 agus ar an mheánscoil. Faoin am sin, bhí
neart táithí aici ar bheith gníomhach ó bhí sí ina cailín óg. “Chonaic mé gur
JERC an ghluaiseacht óige ba mhó a bhí ar aon dul le mo chuid smaointí,” ar
sise. “Chláraigh mé mar gnáth-ball, gan cúraimí faoi leith agam.”
Tá sí préamhaithe sa Chatalóin, nó is as Girona di, cathair
soir ó thuaidh ó Barcelona.
B’í an Chatalóinis teanga an tí. Is de bhunadh na Catalóine í, díomaite de
sheanmháthair amháin a rugadh san Ostair – ach gurb as Andalucia i ndeisceart
na Spáinne dá tuismitheoirí siúd. Buntáiste atá le Girona, dar léi, ná nuair a
aistríonn stráinséirí isteach ann, go mbíonn deiseanna acu le Catalóinís a
fhoghlaim “le go mbeadh an uile duine ar an bhonn céanna.” Is sin an saghas
tire neamhspléaigh atá de dhíth uirthi.
No comments:
Post a Comment