Tuesday, 26 August 2014



Valuable new book tells of Tyrone in a period of upheaval

(This piece was first published in An tUltach, July-August 2014)

Baineann leabhar Fheargail Mhic Bhloscaidh ‘The Irish Revolution 1920-23 Tyrone’ lena dhúchas féin. Léim sin amach chugam thart ar bhomaite i ndiaidh buaileadh leis sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Go fiú sula bhfuaireamar cúinne ciúin thuas staighre sa Chultúrlann le labhairt, bhí sé ag gabháil don ábhar.

Is as Dún Geanainn dó, gur Poblachtach agus Marcsach é, é anois ina mhúinteoir i gColáiste Feirste. “Is as cúlra measartha poblachtánach mé, agus bhí mé i gcónaí i mo bhall den lucht oibre,” ar seisean. Agus é ag fás aníos, bhí scéalta fá Tom Clarke, agus poblachtaigh aitheanta eile an cheantair, thart air. “Níor chuala mé faoi na rudaí seo ar scoil, ach bhí siad i gcónaí sa chúlra,” ar seisean.

Thug sé bua leis óna óige. “Bhí mé ceisteach mar dhuine óg, agus sin an rud is tábhachtaí faoin stair,” ar seisean. Rinne sé freastal ar Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn, tráth dá raibh an tAthair Denis Faul ina Ard-Mháistir. Ní bhíodh siad bheirt ar aon intinn. Bhí sé d’ádh air go raibh múinteoir staire den céad scoth aige, Vivienne Quinn, a spreag é agus é ag gabháil don Ard-Léibhéal.

Rinne sé staidéar ar an stair in Ollscoil na Banríona, eispéireas mí-shásúil. “Bhí an áit sáite leis an athbhreithniúchas, agus bhí rogha ann, nó glacadh le seo agus mo dhearcadh féin a athrú, nó b’fhéidir dul tríd an próiséas ar fad agus rud éigean a chruthú,” ar seisean. Bhí Feargal díríthe ar “stair ón bun, stair na ngnáth-daoine” agus shocraigh sé leanúint leis an ábhar “an stair ó mo dhearcadh féin, ní dearcadh na h-ollscoile, agus sin an rud atá déanta agam leis an leabhar beag seo.”

Trín staidéar mhéadaigh a thuiscint ar stair Thír Eoghan. “D’fhoghlaim mé gur imir muintir Thír Eoghan, agus ach go háirithe beirt eile, tionchar ar stair na réime seo, ná Joseph McGarrity agus Pádraig McCartan (beirt ón dTearmann – A Mac C),” ar seisean. Tháinig siad amach as traidisiún láidir poblachtach.

“Agus ansin thuig mé féin gur tháinig mé ón gcúlra céanna, agus gur fhág mo shinsear agus mo mhuintir féin lorg ar stair an chontae,” ar seiseann. “Sula bhfuair sí bás cúpla bliain ó shoin, rinne mé comhrá den scoth le mo sheanmháthair, mo Mhamó. Mar bhí mé ag déanamh taighde sna nuachtáin, agus fuair mé amach go raibh mó shin-seanathair, gur cuireadh faoi ghlas é ar feadh míosa nó bhí sé ag glacadh páirte i stailc agus go ndearna sé ionsaí ar cheann de na cosa dubha, na blacklegs. Agus chuaigh mé isteach sa chartlann chomh maith, agus nach raibh ainm s’aige scríofa ar an rolla a bhí ag na hÓglaigh.”

Rud a théann i bhfeidhm ar Fheargal “an neart a bhí ag an phoblachtachas i measc na ngnáth-daoine i dTír Eoghan.” Dar leis gur “scríobhadh poblachtánaigh Thír Eoghan amach as an stair,” nó “stair na ndaoine seo, ní cluintear faoi sna hollscoileanna.” Cinnte,bhí ról cinniúnach ag polaiteoirí agus eile “ach tá ról ar leith ag na gnáth-daoine.”

Bhí ról ar leith ag na Fíníní. “Má amharcann tú ar na Fíníní i dTír Eoghan, tagann siad ó cúlra thar a bheith bocht,” ar seisean. “Chuir na péas síos orthu mar ‘lacking completely in intelligence and influence’” Tá ard-mheas ag Feargal orthu. “Bhí na daoine seo ar an eite clé,” ar seisean. “Má amharcann tú ar an Phoblachtachas, tá comhionnannas mar dhlúth-chuid. Ní amháin go raibh na daoine bochta seo gafa leis an Phoblachtachas. Bhí siad ag éirí domhain níos fearr a chruthú amach anseo, nó domhain níos cothroime. Agus d’amharc siad ar an saol mar a bhí i dTír Eoghan, ní amháin ó thaobh na nAontachtaithe, ach ó thaobh na Náisiúnaithe, agus an tionchar a bhí ag baicle beag ar pholaitíocht an náisiúnachais i dTír Eoghan. Agus sheas siad ina éadan seo.”

Tá sampla de sprid na bpoblachtánach sa leabhar. Bhí an ciorcal de chuid Bhráithreachais na Poblachta in Ard Both ag bailiú airgid le gunnaí a cheannach. Nuair a chuala siad an géarleanúint a bhí dá dhéanamh ar náisiúnaithe na hInde, chuir siad sciar den airgead chucusan chun cudiú leis an streachailt ansin.

Bhí tábhacht leis an oidhreacht a fuair Poblachtánaithe Thír Eoghan ó na hÉireannaigh Aontaithe. “Bhí rogha acu,” ar seisean. “Bhí Ord Ársa na nIbeirneach ann, agus b’eagraíocht sin a bhí seicteach go smior, mar cinéal íomhá scáthanach den Ord Buí.” Cáineann sé thraidisiún an náisiúnachais bunreachtúla. “An fadhb atá agamsa leis an náisiúnachas bunreachtúil, ní raibh ansin ach íomhá scathánach den seicteachas sin,” ar seisean. Bhí an poblachtachas ag éirí sin a bhriseadh - ach dar leis an t-athbhreithiúnas tá an Poblachtánachas foréigneach go smior, frithgníomhach.

Cuireann lucht an athbhreithiúnachais fearg air, nó cuirtear síos ar na daoine atá ag éirí saol níos fearr a chruthú mar frithgníomhaithe: agus ar an mhuintir atá dá gcoinneáil síos mar íobartaigh. Ar ndóigh “na buaiteoirí a scríobhann an stair.”

Séanann sé aon cur chuige cúng, náisiúnach, nó tá tuigbheáil ar chúrsaí idirnáisiúnta riachtanach le stair na hÉireann a thuiscint, go háirithe tuigbhéail ar an streachailt ar son an daonlathais i Sasana. “Ní thig leat rudaí sa tír seo a thuiscint gan rudaí a bhí ag tarlú in áiteanna eile,” ar seisean. “Cad chuige gur roghnaigh Coiméadaigh Shasana ceist Uladh chun seasamh in éadan dul chun cinn daonlathais Shasana?”

Ainneoin chomh h-eolach agus a bhí sé ar an ábhar, tháinig sé ar eolas  nua ina chuid taighde: “Neart an cheardchumannachais, agus treas an scoilt seicteach i naoi gcéad déag is a h-ocht déag agus naoi gcéad déag is a naoi déag. Nuair a smaoiníonn tú ar Réabhlóid na hÉireann, smaoiníonn tú ar Sinn Féin agus Óglaigh na hÉireann. Naoin gcéad déag is a hocht déag agus naoi gcéad déag agus a naoi déag i dTír Eoghan, bhí na ceardchumainn ní ba thábhachtaí. Bhí stailceanna ann ar fud Thír Eoghan. Bhí siad ag tarlú sna bailtí móra agus faoin dtuath. Bhí sé do-creidte. Má amharcann tú istigh sa leabhar, bhí b’fhéidir níos mó daoine bainte leis an chinéal sin polaitíochta ná mar a bhí gníomhach le Sinn Féin.”

Níl meas aige ar Shinn Féin na linne sin. “Bhí Sinn Féin mar chuid den fríth-Réabhlóid i dTír Eoghan,” ar seisean. “Nó an rud a tharla gur, na daoine a bhí i gceannas ar an náisiúnachas bunreachtúil, chonaic siad an dóigh go raibh an pobal ag dul, léim siad ar bórd, fuair siad gréim ar an rud, agus thacht siad an réabhlóideachas as. Tá litir a scríobh George Murnaghan ar an Ómaigh, agus dúirt sé: ‘Ní creidim sa Phoblacht. Ní creidim sa Phoblachtachas. Ach is fearr a bheith anseo leis an rud a stiúrú.”

An dream seo “thosaigh siad amach mar an Irish National Leagus, agus b’shin iar-bunreachtúlaithe, meascán scarúnaithe bunreachtúla agus na Healyites. Na Healyites, b’shin an dream ba coiméadaí i dTír Eoghan, agus chríochnaigh siad ar an dream a bhí i gceannas ar an Phoblachtachas – gur sheas siad go huile is go hiomlán ina éadán, go bhfaca siad an dóigh go raibh an ghaoth ag séideadh.”

Rinne siad seo feall ar a muintir féin, nó ghlac siad leis an Críochdeighilt, gur scuab Poblachtaigh Thír Eoghan isteach i stát nua an Tuaiscirt. Críochnaíonn an leabhar leis an úafás sin.

‘The Irish Revolution 19120-23 Tyrone’ le Fergal McCluskey. Four Courts Press. €19.95

No comments:

Post a Comment