Tuesday, 29 July 2014



An excellent collection by a Gaelic poet from Scotland - read it if you can

(A slightly edited version of this review was published in An tUltach, Meitheamh/June 2014)

Is bailiúchán dánta é‘Fo Stiùir a Faire’ leis an fhile as Oileán Leòdhas na hAlban, Màiri NicGumaraid. Is sa Ghàidhlig atá na bun-dánta, ansin leaganacha taobh leo leis an fhile Liam Prút. Agus an leabhar seo léite agam, thuig mé go ndearna mé neamart as gan an file breá seo a léamh roimhe.

Cruthaíonn na dánta go bhfuil saibhreas i gcónaí sa dá Gaeilge. Tá an file sna luath-50idí. Is sin an ghlúin go gcuirtear ina leith gan Gaeilge, mar a bhíodh, bheith acu. Tá cónaí uirthi sa Pháirc, ceantar ar ar chósta thoir Leòdhais. Tá sé amuigh ar an cheantar go bhfuil an Gàidhlig lag ann. Níl sé chomh lag sin, nó tá saibhreas teangan ar achan leathanach anseo.

Tá an file préamhaithe i saol saol Leòdhais. Baineann a cuid dánta le h-idir saol comhaimseartha an oileáin, agus leis an dúchas ann. Baineann ‘A Ruith Nam Faileasan’ (‘A’ Rás na Scáth’) lena a h-óige féin sna luath-80idí, í ag dul amach go Steòrnabhaigh (an baile mór ar an oileán) oíche Aoine ‘a dhanns ar falbh na seachtaine’ (‘ag damhsa uainn an tseachtain’). Ní scléip amháin a bhíonn ar shiúil ag deireadh na seachtaine: tá an creideamh Cailvineach ina dhlúth-chuid de shaol an phobail. Tá sé sa dán ‘Aois Leòdhais III’: ‘’S air an cùl còisir ciùil/ guidhe maitheantais bheith dlùth/ gach call a d’fhulaing gach dachaigh.’ (‘S ar a gcúl chóisir ceoil/ ag guí maithiúnas a bheith gar/ in aghaidh gach caillteanais a d’fhulaing gach teach’).

Tá omós chomh maith do cheann de na dánta móra Gàidhlig, ‘Clann-Nighean An Sgadain’ le Ruaraidh MacThòmais (go ndearna Cathal Ó Searcaigh leagan dhe sa Ghaeilge againn féin). Tá ‘Aidhleaceadh Nighean a Sgadain’ ag Nic Gumaraid: ‘Robh fhios agat idir/ guna scrìobh fear òran mu heidhinn do sheòrs’. (‘An raibh a fhios agat in aon chor/ gur scríobh fear amhrán mar gheall ar do shórt’). Tugann an dán omós don sár-dán, agus do na mná óga a bhíodh ag obair i dtionscal na scadán thart ar 100 bliain ó shoin.

Ní ar a h-áit dúchas amhain atá aird an fhile, ná baol air. I measc na ndánta anseo, tá omós do Bobby Sands, ‘Bobby Sands a Chaochail’ (‘Bobby Sands a d’Éag’).
Is file í a scríobhann cuid mhór, b’fhéidir an iomarca. Is é ‘For Paula Yates’ an t-aon dán Béarla anseo. Ní éiríonn leis mar dhán. Tá sin ainneoin an lámh in uachtar bheith ag an Bhéarla, go fiú ag daoine gur Gaeilge ón gcliabhán atá acu. Tá sé le sonrú sa dán nach bhfuil rithim an Bhéarla ag an fhile, malairt an ghreim atá aici ar rithim an Gàidhlig.
‘Fo Stiùir a Faire’ le Màiri Nic Gumaraid. Coiscéim €12/£10


No comments:

Post a Comment