View of the Scottish Referendum from a Gaelic-speaking island.
A slightly edited version of this piece was published in An tUltach, Meitheamh (June) 2014). The piece is based on interviews with people on Barra. From those, it seems that younger people are more pro-Independence: the older wary of change.
le hAnton Mac Cába
Dala pobal na hAlban i gcoitinne, beidh pobal Eileain
Bharraigh ag vótáil sa reifreann ar an neamhspléachas Mí Mhéain Fómhair. Tá an
t-oileán Gaeltachta sin 60 míle amach ó chósta thiar na hAlban. Is le Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba an toghcheantar, ag an dá
phairlimint. Ainneoin sin, is beag iomrá atá ar fheachtas – bíodh sé sin
dearfach nó séantach.
Agus mé ann Mí na Bealtaine, chuir mé ceathrar faoi agallamh.
Is pinsinéar í Curstie Peggy Mac Leòid, í an-gafa le cúrsaí
Gàidhlig. “Níl fhios agam an mbeidh mé ag vótáil ‘tá’ nó ‘níl’, nó níl oiread
sin eolais agam faoi,” ar sise. “.Níl athrú de dhíth orm, nó tá mé breá sásta
an dóigh go bhfuil sinn.” Ní bhfuair sí go leoir eolais ó ceachtar den dá thaobh “agus
mar Gaeilgeoir, ní dóigh liom go mbeadh tionchar ar bith aige ar an teanga,
bealach amháin nó bealach eile.”
Tá sí míshásta nár tháinig ceachtar taobh go Barraigh le
ceisteanna a fhreagairt. “Ní raibh rud ar bith againn ar an oileán,” ar sise.
D’éist le gach rud ar an raidió agus teilifís “agus ó thaobh lucht ‘Tá’, níor
fhreagair siad na ceisteanna atá riachtanach againn.”
Tá seans ann go mbeadh buntáistí le neamhspléachas. “Táimid
ró-fhada chun siúil ó Westminster,”
ar sise. “Sílim go bhfuilimid go fírínneach ar an imeall, agus thiocfadh dó go
mbeimis níos fearr as (dá mbeadh neamhspléachas ann).” Ar an taobh eile, is ar
tír mhór atá an chuid is mó dá teaghlach, imní uirthi faoi chúrsaí fostaíochta
acusan.
Ní ábhar mór cainte an Reifreann. Tá cuid mhór den mhuintir
lena mbíonn sí ag meascadh ina h-aoisgrúpa féin, iad bainte le cúrsaí
traidisiúin. “An barúil a fhaighim uathu, ná cosúil liom féin nach bhfuil athrú
de dhíth orthu,” ar sise. Ábhar eile imní “má vótáileann tú ‘tá’, níl bealach
ar bith pillte ann.” Dar léi gurb iad an t-aon óg is mó atá ar son an
neamhspléachais, dála garmhac léi atá 16.
Baineann Patricia Ross leis an ghlúin sin, í ina macléinn
meánscoile 16 bliain atá ag caitheamh vóta don chéad uair. “Tá mise ag dul a
vótáil ‘tá’ mé féin, agus sílim go mbeidh sé go hiontach d’Albain,” ar sise.
Bheadh neamhspléachas ar leas an chultúir i gcoitinne. “Sílim go mbeidh an
Gàidhlig níos feiceálaí ná mar atá anois,” ar sise. Aithníonn sí nach bhfuil
aois-grúpa s’aici ar aon tuairim, ach í den bharúil go bhfuil a dtacaíocht ag
dul I dtreo an neamhspléachais. Tá an-suim ag an aois-grúpa sa reifreann. “Tá
cuid mhór cainte ar scoil, nó tá (an Reifreann) ag teacht Mí Mheáin Fómhair,”
ar sise.
Níor mhaith léi a rá cén toradh a bheidh ann. “B’fhéidir
‘ní’ ag an bhomaite, ach de réir mar a thagann an rud níos cóngaraí, gheobhaidh
siad amach níos mó faoi,” ar sise. “Níl móran eolais ag tromlach mo chairde
faoi go fóíll.”
Is ar ábhair difriúla a dhiúltaíonn cuid dá cairde don
neamhspléachas. “Mar nach mbeifimis ag fanacht san Eoraip,” ar sise. “Ní maith
leo Alex Salmond chomh maith – agus NATO, tá siad rud beag ait faoi sin, deir
siad nach mbeidh Sasana dá gcosaint níos mó – agus leithéidí gan an púnt
Sasanach bheith níos mó acu. Ach is mion-rudaí iad sin, dar liom.”
Is Gaeilgeoir eile é Seonaidh Beaton, pinsinéar, agus
seanóir in Eaglais na h-Alba.
“Go pearsanta, níl aon ró-shuim agam ann,” ar seisean. “Chaith
mé mo shaol sa chabhlach trádála, ceathracha’s a naoi bliain dhe, agus
d’oibrigh mé amach as Londain, Learpholl, Glaschú, agus fuair mé amach go raibh
na Sasanaigh go raibh mé ag obair leo níos sásta cuidiú liom ná an mhuintir
lena raibh mé ag obair in Albain. Ar chúis simplí – ba cuma leis an Sasanach cé
tú, nó cad é rinne tú, nó cén creideamh a bhí agat – má bhí tú oiriúnach don
phost, fuair tú an post. In Albain, ba cheist eile ar fad a bhí ann. Tháinig mé
ar dhaoine ait agus mé ag éirí post a fháil, iad ag éirí rudaí a fháil amach –
nár thaitin liom.”
Níl fhios aige, fiú, an bhfuil sé ag dul a vótáil – cé, tríd
is tríd, gurbh fhearr leis Albain fanacht mar atá.
Dála Curstie Peggy, tá sé gafa le cúrsaí pobail, agus ní rud
é a pléitear go forleathan. Tá Riaghaltas na h-Alba chomh fada chun siúil le
Rialtas Westminster. “Tá siad chomh fada chun siúil i nDùn Èideann agus a thiocfadh
leo a bheith,” ar seisean. “Go fiú i Steòrnabhaigh (mar a bhfuil ceannceathrú
Comhairle nan Eilean Siar), tá siad chomh fada chun siúil agus is féidir a
bheith ó Bharraigh.
“Chomh fada agus a bhaineann leis na h-Eileanan an Iar, is
áit é Dùn Èideann nach raibh baint ar bith againn leis. Ba Ghlaschú an
príomh-áit mar a mbíodh muid ag tarraingt. Bhí sé mar a bheadh an dara baile
againn. Bhí mé féin i mo chónaí ann le 30 bliain. Dùn Èideann – ní dóigh liom
go raibh mé i nDùn Èideann leath-dhosaen uair le mo shaol. “
Dar leis nach ndéanfadh rialtas neamhspléach níos mó ná mar
atá dá dhéanamh faoi láthair. Ó thaobh na polaitíochta, tá caitheamh aige i
ndiaidh na Líobrálaigh, nó “b’iad an t-aon dream a rinne rud ar bith do na crótéir.”
Tá bialann agus greim gasta ag Rahul Bahri. Tá sé ar an
tacadóir is aitheanta de chuid Rangers i mBarraigh. Ní cleachtaíonn sé níos mó
an creideamh Musulmach lenár tógadh é.
Dar leis gur mhaith an rud é go mbeadh rogha ag daoine. “Tá
mise ag dul a vótáil tá,” ar seisean. Tagann an chúis “ón gcroí don chuid is
mó. Ní saineolaí mé ar chúrsaí gheilleagair, ach níl mé dall orthu ach oiread.”
Aithníonn sé nach bhfuil eacnamaithe ar aon intinn. “Dar liom féin go mbeimis
níos fearr as, agus b’fhearr liom dá dtarlódh sé daichead bliain ó shoin nuair
a fuarthas an t-ola.” Tá tábhacht le cúrsaí gheilleagair “ach is ón gcroí atá
cuid dhe. Is tír faoi leith é Albain. Ní thuigim cad chuige go bhfuil eagla ar
dhaoine roimh seo. Ní fheicim rud ar bith atá ag dul a tharlú go bunúsach, ó
thaobh na teangmhála le Sasana.”
Dar leis go vótáilfeadh an tromlach ar Bharraigh ar son an
neamhspléachais. Níl sé iomlán cinnte “ach sin an mothú a fhaighim.” Beidh an
t-aos óg ag vótáil ar son an neamhspléachais.
“Dar liom go ndearna an feachtas ‘Ní’ praiseach den
bhfeachtas s’acu, ní de bharr bheith chomh séantach sin amháin, ach na rudaí
áibhéalacha a deireann siad – mothaíonn tú go bhfuil cuid den mhuintir seo den
bharúil go mbeidh deireadh leis an domhain má fhaigheann Albain
neamhspléachas,” ar seisean. “Sílim go raibh an tAontas ar leas phoibail na
Breataine – b’fhéidir ní ar leas na ndaoine sa dúiche gurb as do m’athair agus
mo mháthair.” Fiú ansin, thug an tImpireacht buntáistí. Ainneoin coireanna,
níorbh iad na Sasanaigh na cóilinigh ba mheasa, ach “tá a lá thart.”
Is mionlach iad na hAlbanaigh sa Bhreatain. “Is cuma cén
vóta a chaitheann muidne, táimid ag dul an rud atá de dhíth orthusan a fháil
cibé ar bith,” ar seisean. Is náisiún ársa é Albain, níos sine ná an Ríocht
Aontaithe. Is don náisiún ársa sin atá dílseacht Rahul.