Wednesday, 12 March 2014



Broadcaster and writer is link in a long tradition

(This was first published in An tUltach, February 2014)

le hAnton Mac Cába

Bhuail mé le Diarmuid Ó Tuama sa chaifé ag an Chultúrlann i mBéal Feirste le leabhar agus sraith raidió s’aige ar Chogadh na gCarad a phlé. Tar éis cúpla bomaite ag ól caifé leis, thuig mé go raibh mé le nasc beo leis an stair. Tháinig a shean-athair aneas as Corcaigh go Béal Feirste. Bhí sé ag stopadh le Francis Joseph Biggar, ansin le James Connolly. Bhí athair Dhiarmuid, Seamus Twomey, ina cheannaire ar an IRA (Sealadach) i mBéal Feirste ag tús na dTrioblóidí, ansin ina Cheann Fóirne.

“Thaobhaigh mo mhuintir ar fad leis na hIrregulars (na Poblactaigh, nuair a scoilt an IRA i 1922 – A Mac C) agus bhí mo shean-athair amuigh i naoi gcéad déag is a sé déag,” ar seisean. “Agus bhí gliondar orm sin a chluinstin, nuair a chuir an Bureau of Military History an t-eolas ar an idirlíon.” Ní raibh sé ábalta teacht ar a sheanathair sna cáipéisí ón dtréimhse 1919-21 “agus shíl mé go raibh m’athair ag insint bréaga. Chuaigh mé siar go dtí naoi gcéad déag is a sé déag, agus ceart go leoir, b’shin ainm s’aige – Mary Street, Belfast, James Twomey - Séamas a bhí air ach scríobh siad ‘James’. Bhí mé iontach bródúil as sin. Thaobhaigh seisean leis na Irregulars. Chuaigh a dheartháireacha in éadán an Chonartha. Chuaigh a mhuintir ar fad i gCorcaigh – b’as Corcaigh dó – in éadán an Chonartha.”

Cuireadh an Seamus Twomey seo go Béal Feirste le h-eagar a chur ar na Fianna. Gabhadh agus cuireadh faoi ghlas i 1910 é as postaeir a chur suas in éadán earcaíochta san arm Ba Seán Mac Diarmada a shínígh bannaí dó. “Bhí sé ag stopadh le Francis Joseph Biggar,” arsa Diarmuid. “Nuair a fuair Biggar amach go raibh sé gníomhach, chuir Biggar amach as a theach é, agus bhí air dul a stopadh le James Connolly.” Bhí an Seamus Twomey seo sna lár-déaga ag an am.

Fuair an sean-athair bás agus Diarmuid ina dhéagóir. Is cuimhin le Diarmuid é  i 1966. “Nuair a bhain Sasana i gCorn an Domhain, thobair nár chuir sé a bhróg fríd an teilifís,” arsa Diarmuid.

Agus é óg, bhíodh Diarmuid ag dul thart chuig comórthaí i dteannta a shean-athair, gur bhuail le cuid mhór sean-óglach. “Casadh Stephen Fuller orm, a pléascadh ag Ballyseedy (mar ar dúnmaraíodh ochtar cime poblachtach le linn Cogaidh na gCarad – A Mac C),” ar seisean. “Bhí fhios again ar tharla i mBallyseedy sula raibh fhios ag an chuid eile den phobal. Tháinig an scéal amach go hoifigiúil i naoi gcéad déag ochtó’s a sé, sílim, nuair a chuir RTE an clár sin ‘Ballyseedy’ amach.”

Ba mhinic Uinseann Mac Eoin, a scríobh ‘Survivors’, tí tuismitheoirí Dhiarmuid, nó gur cairde iad. Bhain sé úsáid as ‘Survivors’ sa leabhar s’aige féin, mar leabhar tagartha, nó tá an scéal oifigiúil “i bhfad ró-fhada ón fhírínne.”

Beart a spreag é le scríobh faoi Cogadh na gCarad, ná go raibh náire ar an stát ó dheas as. “Ní raibh i gCogadh na gCarad ach an dara leath den chéad cogadh (an Cogadh Angla-Éireannach),” ar seisean. “ Sílim go raibh an sos cogaidh  míle naoi gcéad déan fiche’s a h-aon ina chinéal leath-am ag an rud.”

Sa sos cogaidh tháinig daoine amach “agus bhí fhios ag achan duine cé rinne cad é, agus eile.” Cúpla mí den sos agus bheadh “achan duine ag ceoil, ag ól” agus ag pilleadh ar an saol a bhí acu mar shibhialtaigh. Ba chuid sin den phlean ag na Sasanaigh go mbeadh saol arais acu, agus nár mhaith leo dul arais ag troid.

“Ins an chéad leath den chogadh, buaileadh Sasana go h-olc,” arsa Diarmuid. “Ins an dara leath, bhain Sasana.

“Bhí Collins agus Duffy agus Griffith iontach cliste. Chuaigh siad thart mar a rinneadh inniu, agus dúirt siad ‘Look, ní seo an deireadh, ná bí buartha, beidh mo dhuine arais ag troid.’ Agus bhí fhios acu go rí-mhaith nach mbeadh siad arais ag troid.

“Bhí baicle daoine a tháinig chun tosaigh le linn an sosa cogaidh, leithéidí Cosgrave, Desmond Fitzgerald, na leaids sin ar fad, agus sin na daoine a bhunaith rialtas an Saorstáit.”

Agus Collins ag troid, bhí siadsan ag bailiú cumhachta. Taobh thiar díobh, feiceann Diarmuid Andy Cope, an Leas Fó-Rúnaí na hÉireann deireannach ag na Sasanaigh. Bhí dlúth-teangmháil aige le polaiteoirí seo Shinn Féin. B’eisean a leag síos polasaí s’acu “ ná glac príosúnaigh, maraigh achan duine. Deir siad gur mharaigh siad seachtó’s a seacht, ach mharaigh siad na céadta.”

Dar le Diarmuid go raibh sé suntasach nár tharla seo go dtí gur maraíodh Michael Collins.

“Sílim gur ghlac muidne go ró-fhada leis an chraic gur na hÓglaigh a rinne é,” arsa Diarmuid. “Ní creidin gurb iad na hÓglaigh a rinne é. Scríobh fear ar pháipéar i mBaile Átha Cliath – ní cuimhin liom anois a ainm – nuair a bhí (An Maor-Ginearál Emmet) Dalton fós beo, dúirt sé gur scaoil Seirbhís Rúnda Shasana Michael Collins: an fear a rinne é, gur tugadh jab dó i rialtas an tSaorstáit ina dhiaidh, agus ina dhiaidh sin d’fhág sé rialtas an tSaorstáit agus chuaigh sé arais le Seirbhís Rúnda Shasana, agus bhí sé ag obair san Éigipt agus san Eoraip ina dhiaidh sin. Agus ní raibh i gceist ach duine amháin ansin, Emmet Dalton.”

Léigh Diarmuid ráitisí a scríobh beirt shaighdiúr a bhí in éineacht le Collins nuair a maraíodh é. “The IRA could not possible have killed General Collins as he had not come round the corner and he was in no line of fire,” arsa fear amháin. “Dúirt an fear eile go bhfaca sé Dalton ag scaoileadh Collins marbh,” arsa Diarmuid. “Dúirt sé go bhfaca sé Dalton ina sheasamh ag corp Collins agus gunna ina lámh aige, fear taobh leis, an tiománaí a bhí ag Collins an lá sin ná fear darbh ainm Corry, iar-shaighdiúr Shasanach, agus bhí Collins timpeallaithe acu.”

Bhí Cope den bharúil nach dtiocfadh leis brath ar Collins, bhí sé chomh taghdach sin, agus ina ‘Thadhg an Trí Thaobh’. “Bhí sé ag rá leis na Státairí ‘We’ll fight these Republicans agus gheobhfaimid an bua orthu’,” arsa Diarmuid. “Bhí sé ag rá leis na Poblachtánaigh ‘Stop an cogadh, agus rachaimid ó thuaidh’. Agus bhí sé ag rá leis na Sasanaigh ‘Troidfidh mise an cogadh’.

“Chreid cuid mhór de na hóglaigh i mBéal Feirste é, agus chuaigh cuid mhór acu le hArm an tSaorstáit, rud a chuir iontas orm, cé nach ndeachaigh mo mhuintir féin leo.”

Briseadh go tubaisteach ar na hÓglaigh. “Bunaíodh dhá stát, ar an dóigh go dteipfeadh ar an rud a bhí acu,” arsa Diarmuid. “Bhunaigh siad an stáitín ó thuaidh a bhí seicteach, ciníoch, Albanach, salach, agus ar an taobh eile chuir siad stáitín ar shiúil a bhí lofa ón dtús, a bhí Caitliceach, a bhí i gcoinne na feirmeoirí beaga, a bhí ann do lucht an rachmais a bhí go mór i bhfách le Fine Gael, nó Cumann na nGael mar a bhí ag an am.”

Léiríonn ar tharla ina dhiaidh go raibh ciall le Cogadh na gCarad. “Bhí na daoine seo ag troid ar son poblachta,” arsa Diarmuid. “Ní raibh siad ag troid ar son dhá stáitín lofa.”

‘Cogadh na gCarad’ le Diarmuid Ó Tuama. Coiscéim, €10. Na cláracha raidió ar an idirlíon @ https://www.rte.ie/rnag/fuinneog-feirste/programmes/2013/0730/465472-fuinneog-feirste-d-mirt-30-iil-2013/?clipid=1278818

No comments:

Post a Comment