Monday, 5 January 2015



Controversy over use of Irish in 'Super Council'

(December 2014)

Tá An Ghaeilge ina chnámh spáirne polaitiúil arís ó thuaidh. Dúirt comhairleoir ón DUP go raibh sé ‘frith-Briotanach’ agus ‘frith-Aontachtach’ nuair a vótáil Scáth-Comhairle Fear Manach agus na hÓmaí go mbeadh Béarla agus Gaeilge ar comharthaíocht agus páipéarachas an Chomhairle. Thug Sinn Féin agus an SDLP tacaíocht don mholadh. Diúltaíodh do mholadh ón DUP agus UUP (Páirtí Aontachtach Uladh) gur Béarla, Gaeilge agus Ultais a bheadh ann.

Dúirt an Comhairleoir Barry McNally ó Shinn Féin gurbh fearr le páirtí s’aige Gaeilge amháin, agus gur comhréiteach a bheadh sna comharthaí Béarla-Gaeilge. Sa daonáireamh is déanaí, dúirt suas le 20% de phobal cheantair na hÓmaí go raibh Gaeilge acu, agus 15% de phobal Fhear Manach.

Dúirt an Comhairleoir Errol Thompson ón DUP go raibh cuid mhór cinntí dá ndearna an comhairle ‘frith-Briotanach’ agus ‘frith-Aontachtach.’ “Níl tú ag tabhairt measa domsa nó do thraidisiún s’agam leis an rud ata sibh ag déanamh anseo anocht,” ar seisean.

Dúirt an Comhairleoir Chris Smyth (UUP – Páirtí Aontachtach Uladh) go raibh an comhairle ag déanamh “beag is fiú” 40% den phobal.

Dúirt Smyth le Tuairisc i ndiaidh an chruinniuithe gurbh fhearr le páirtí s’aige gur Béarla amháin a bheadh ann. Ba comhréiteach moladh s’acu. “Níl fadhb agam leis an Ghaeilge,” ar seisean. “Tá fadhb agam leis nuair a déantar arm cogaidh as.” Dar leis go raibh Sinn Féin ag baint úsáide as Gaeilge le teachtaireacht a thabhairt do dhaoine “níl fáilte romhat anseo. Chaitheamar vóta ar an bhonn – bíodh do chuid Gaeilge agat má fhaigheann muidne rud éigean anseo.”

B’ag droch-am, dar leis, a rinneadh an moladh. “Dúirt Adams an rud faoi Chapall Adhmaid na Traí,” arsa Smyth. “Agus an comhionnanas bheith mar arm.” Chuir sin deireadh le “hands across the divide.”

Toghadh an Scáth-Comhairle mar chuid d’athruithe ar comhairlí áitiúla ó thuaidh. Tugann sé ceantaracha comhairlí Fear Manach agus na hÓmaí lena gcéile.


Promoting Irish in Derry – Michaeline Donnelly

(first published in An tUltach, December 2014)

Is bean gnóthach í Michaeline Donnelly, Oifigeach Forbartha le Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Bhí orainn fanacht leis an agallamh a dhéanamh sa chaifé ag an Chultúrlann Uí Chanáin, nó í ag déanamh agallaimh ar Raidió na Gaeltachta – agus ansin ag eagrú seoladh ‘An Bhean Feasa’ le Alan Titley an oíche sin.

Tá an suim a chuireann sí i rudaí tógálach. Thug sí cóip de ‘An Bhean Feasa’ dom agus mé ag ól chaifé. Faoin am gur thosaigh an t-agallamh, bhí oiread sin den leabhar léite agam gur cheannaigh mé é.

Tugann an post spreagadh di. Dar léi gurb é a céad dualgas ná feiceálacht na Gaeilge sa chathair a ardú. Tá obair an-éagsúil ansin. “Comharthaí dá-theangach, turasóireacht cultúrtha a spreagadh, cuidiú leis na scoileanna, gnóthaí pobail, imeachtaí a reachtáil – is cineál obair pobail atá ann,” ar sise. Tá club óige atá ag dul “ó neart go neart.”

Déanann sin freastal ar dhéagóirí. Níl meánscoil Gaeilge ann “agus níl na scoileanna (Béarla) ag freastal ar na páistí a thagann amach as na bunscoileanna.” Níl an Ghaeilge mar ábhar ach i gcúpla ceann acu. “Tá cinéal bearna ann, agus feiceann mo dhuine go bhfuil sé orainn na bearnaí sin a líonadh,” ar sise.

Tá bród uirthi as an Chultúrlann, mar a bhfuil 400 ag freastal ar ranganna Gaeilge – ag achan léibhéal “ó lán-tosaitheoirí go léibhéal dioplóma,” chomh maith le ranganna ceoil, damhsa, sean-nós agus eile. Níl go leoir spáis ann anois. “Tá sean-eaglais agus mansa ceannaithe againn béal dorais,” ar sise. “Acadamh Ceoil Caoimhín Ó Dochartaigh a bhéas ann.”

Tá dul chun cinn maith déanta ó thaobh na Gaeilge i nDoire, ach “ní thiocfadh leat a rá go bhfuil sé chomh feiceálach agus atá in áiteann áirithe i mBéal Feirste…. Tá pobal dlúth anseo, iontach dlúth. Níl sé chomh scaipthe agus atá sé i mBéal Feirste. Tagann daoine anseo, sa Derby bíonn ciorcal comhrá againn, in Ostán na Cathrach ciorcal comhrá eile, sa Leabharlann, sa Grand Central, i gCnoc na Rós. Bíonn an-chuid imeachtaí ar siúil. Tá oifigeach forbartha thar barr againn sa Comhairle, Pól Friel.

Tá pleananna le go mbeidh a ‘Cheantar Gaeltachta’  féin ag Doire. “Tá dhá saghas sruth ann,” ar sise. “Sa ghearrthéarma, ceathrú cultúrtha, ceathrú turasóireachta, mar sin, thart ar an sráid seo (Sráid Mór Shéamais), thart ar Waterloo Street agus mar sin, mar a bhfuil an saol san oíche agus rudaí mar sin,” ar sise. “Tá go leoir ag tarlú sa cheantar sin, agus ansin tá sraith eile ann, cinéal tionscadal níos leithne tríd an cheantar ar fad – Tobar an Fhíoruisce, Taobh an Bhogaigh, an Creagán. Tá na daoine ins na ceantaracha sin iontach bródúil as an teanga, agus ba mhaith linn sin a chothú agus a chur chun cinn, agus go mbeadh a fhios ag daoine go bhfuil luach eacnamaíochta ag an teanga, agus í a úsáid i measc an phobail.”

Tá bród ar Mhichaeline mar “tagann daoine ó gach cuid den phobal anseo, ón dá phobal. Bíonn cruinniú leis an Londonderry Bands Forum b’fhéidir uair gach coicís nó mar sin.

Tá sin mar go bhfuil cuid mhór oibre trasphobail ar shiúil ó thaobh na Gaeilge. “Tá oifigeach trasphobal againn anseo, agus le linn Fleadh Ceoil na hÉireann, bhuel, b’shin nuair a chonaiceamar go raibh an-rachairt air,” ar sise. “Tháinig an Londonderry Bands Forum agus an Cultúrlann le céile, agus bhí na bannaí ceoil ag seinm le linn na Fleadha, bhí siad ag an Fhéile Pan-Ceilteach, agus bhí siad i Sligeach ag Fleadh Ceoil na hÉireann i mbliana fosta.” Tá súil tógáil ar an obair seo le féile pobail, agus Paráid Lá Fhéile Pádraig, nó an Cultúrlann ag amharc ar an dóigh “leis na teorainneacha sin a leathnú, agus leis an rud a bhrú amach.

“Tá na daoine sin iontach oscailte don Gaeilge. Bhuail mé le fear cúpla seachtain ó shoin agus é clúdaithe le tattoos. Tá seisean mar bhall den Fóram sin, agus ní thig leis fanacht go dtí go bhfuil sé ábalta Gaeilge a fhoghlaim. Tá daoine ag teacht ar an tuiscint gur leis an phobal ar fad, gur le achan duine, an Ghaeilge.

“Agus sin an fáth gur chuir muidne Pobal ar an Iúl ar an chraobh nua de Chonradh na Gaeilge ar an Ómaigh. Ba mhaith linne go bhfeicfeadh daoine gur le hachan pobal é, go mbaineann sé le hachan pobal. Ba mhaith linn an pobal ar fad a fheiceáil ag teacht le céile tríd an Gaeilge. ‘Pobal ar an Iúl’ – b’shin an sean-Gaeilge a bhí i dTír Eoghan ar phobal ag teacht le céile. Sin an príomh-aidhm atá againn. Tá na baill iontach tiomanta do rudaí Gaeilge agus iontach paiseanta.”

Tá pleananna acu. “Beimid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge ag an tábla don champas nua ar an Ómaigh (mar a mbeidh na meánscoileanna uilig ag teacht le céile ar an aon suíomh amháin – A MacC),” ar sise.

Tá cleachtadh leathan ag Michaeline. Sula ndeachaigh sí go Doire, bhí sí ag obair le Pobal: ina haistritheoir ag CCEA: le tionscadal na logainmneacha in Ollscoil na Ríona: agus le Tobar Productions, comhlacht teilifíse.

Ba bhean í a bhí riamh sásta múnlaí a bhriseadh. Rinne sí rud a dhéanann fíor-bheagán Tuaisceartach, agus chuaigh ar an ollscoil i nGallimh. “Eispearas faoi leith a bhí i nGallimh, caithfidh mé a rá,” ar sise. “Chuaigh mé ann le mo chara is fearr, Sinéad, atá ina gníomhaí oll-mhór teanga. Tá mé iontach, iontach buíoch go raibh an seans agam dul go Gallimh. Tá aithne agam ar an mhéid sin Gaeilgeoirí ó cionn cionn na tire, mar gheall go raibh mé i nGallimh. D’athraigh sé go mór an cinéal peirspeictíochta a bhí agam. Tá dearcadh níos leithne againn i leith na Gaeilge ná dá mba rud é go ndeachaigh muid go Doire nó go Cuil Raithin… Bhí muid iontach bródúil gur Ultaigh sinn. Chuaigh muid chuig cúpla leachtóirí le rá nach raibh muid sásta, ceal ábhar Tuaisceartach. Bhí fhios acu cé muid – bhí muid ag seasamh an fhóid ar son na hUltaigh.”

Ainneoin Gallimh bheith ar thairseach Gaeltachta Chonamara “mhothaigh mé níos Gaelaí nuair a chuaigh mé go Béal Feirste ná mar a mhothaigh mé i nGallimh. B’fhéidir, bhí mé ar an ollscoil, agus nár mhothaigh mé mar chuid de phobal ar bith. Nuair a bhog mé go Béal Feirste, mhothaigh mé ar an toirt – seo daoine cosúil liomsa.”

Is as an Achadh Leathan, taobh amuigh den Ómaigh, di. “Nuair a bhí mé sa dara bliain (ar an mheánscoil), chuaigh mé chun na Gaeltachta i Machaire Rabhartaigh, agus thit mé i ngrá leis an áit agus leis na daoine agus leis an Ghaeilge,” ar sise. “Gael go smior mé anois, sílim. Bhí mo Mhámaí ag caint le duine cúpla lá ó shoin, agus dúirt sí mar gheall ormsa ‘She eats, sleeps and dreams Irish.’”

Bhí O-Léibhéal sa Ghaeilge ag a máthair. Bhí meirg air le blianta, ach tá sí ag déanamh dioplóma sa Ghaeilge anois – bród ar a h-iníon chomh díograiseach agus atá. Nó, ar ndóígh, baineann sliocht mháthair Michaeline le ceann de Gaeltachtaí dearmadta Chúige Uladh, Gaeltacht Shliabh Beatha. Tá cuid da muintirse, na ‘Art’ McElroys as an Chorr Liatháin i dTír Eoghan, i ndaonáireamh 1901 – agus Gaeilge ag an teaghlach ar fad.



Niall Vallely - Civil Rights leader

(first published 'Irish Times' January 3rd 2015)

Niall Vallely – born August 13th 1942, died December 14th 2014

Niall Vallely from Armagh City, who has died suddenly, was a significant figure in the early years of the North’s Civil Rights Movement. He was one of the most militant and uncompromising leaders of revolutionary socialist organisation People’s Democracy, the most militant and uncompromising wing of the movement. He was a fierce opponent both of the Unionist regime in Stormont and of the ‘Green Tories’ of the old Nationalist Party. In every speech, he made sure to attack them as well as Unionism.

He was part of historic events. As a leader of People’s Democracy, he was present at Burntollet Bridge in January 1969 when police failed to protect Civil Rights’ marchers from a fierce attack by Loyalists, leading to many injuries.

The first man shot dead in the ‘Troubles’ was killed after a meeting he addressed in Armagh City.  That was on August 15th 1969. Shortly after the meeting members of the Protestant ‘B Special’ police reserve force shot dead John Gallagher, a Catholic civilian. Vallely had been on crutches at the meeting, having earlier been attacked by Loyalists.

Vallely led the Armagh Branch of People’s Democracy, the organisation’s most active, and which had support in the City. It regularly picketed meetings of the Unionist-controlled City Council. It was about economic as well as civil rights. Housing conditions in Armagh were appalling in the late 60s, with one street suffering regular typhoid outbreaks during the summer. A number of councillors were landlords: they opposed building social housing, because they wanted to keep rental income from their tenants.

Vallely was imprisoned twice in the early days of the Troubles. A reflection of his socialism was that one term was for picketing in support of strikers during the big Irish Cement strike of 1970.

Vallely avoided being caught in the internment swoop on August 9th 1969. Minutes before soldiers arrived he was tipped off internment was underway, and fled.

People’s Democracy subsequently suffered division and decline, and Vallely moved to Newry and joined Sinn Féin. He was active at a local level. In more recent years, he helped write speeches for prominent party members. He also used his abilities to argue for policies, such as support for the police, which many Republican supporters doubted.

Vallely was involved in building links with the Protestant and Loyalist communities. His witty personality was a great advantage. As well as being a negotiator, he could take the edge out of a situation with a joke all could laugh at.

Niall Vallely was born in August 1942, second of five children to John Vallely, a primary teacher and native of Armagh: and his wife Mary (née Eaton), also a teacher and native of Ballyhaunis, Co Mayo. The family was steeped in all things Irish. John Vallely was manager of the Armagh Gaelic football team. Mary Vallely was an Irish speaker and musician.

He was educated at Blundell’s Grange Primary School; the Christian Brothers’ Grammar School in Armagh; then at Queen’s University, Belfast, where he graduated in Celtic Studies and Economics. After a brief stint in the Civil Service, he entered teaching, and taught in Banbridge till retirement.

Politics was only part of his life. He was an excellent bodhrán player, playing it in the traditional way, and a fine singer of traditional song with a love for the Gaelic poets of South Armagh.

Niall Vallely is survived by his daughter Eimear: sons Niall and Ruairí: grandchildren Saoirse, Maebh and Roisin: sisters Lorraine and Máire: and brothers Brian and Dara. He was predeceased by his wife Una.