Belfast native campaigns for his Donegal Gaeltacht home
(A slightly edited version of this was published in An tUltach, October 2017)
Tá
Danny Brown tógtha
faoi bhánú
na tuaithe, agus na Gaeltachta ach go háirithe.
Tá
an fadhb thart air chuile lá
i Rann na Feirste. B'fhuarasta dallamullóg
a chur ort féin
agus tú
ag amharc ar an áit.
Tá
go leoir tithe nua ann. Is tithe saoire cuid mhór
acu. Tá
roinnt daoine óga
ag siúil
an bhóthair.
Is scoláirí
ón
gColáiste
Samhraidh iad.
Is
as Béal
Feirste do Danny, ach é
anois préamhaithe
sa cheantar. Bhuaileamar lena gcéile
tí
s'aige, sean-teach go bhfuil dóigh
maith curtha air.
Chuaigh
sé
leis an línitheoireacht
nuair a d'fhág sé Coláiste
Naomh Maolmhaodhóg
i mBéal Feirste. “Dfhág mé Béal Feirste i naoi gcéad déag
seachtó is a hocht,” ar seisean. D'aistrigh sé go Doire, Leitir
Ceanainn, Baile Átha Cliath,Oileán Manainn, agus arais go Baile
Átha Cliath. “I dtrátha an ama sin, thit an tóin as an cheird a
bhí agam, mar tugadh ríomhairí isteach, agus bhí deireadh nach
mór leis an cheird,” ar seisean.
D'athraigh
sé a cheird. “Thosaigh mé ag scríobh do Lá agus corr-rud thall
is abhus,” ar seisean. “Nuair a thosaigh Fiosrúchán Domhnach na
Fola, bhí mé ag freastal ar sin beagnach chuile lá. Bhí mé ag
tuairisceoireacht do Raidió na Gaeltachta. Ag an tús, ní raibh ann
ach Fiosrúchán Domhnach na Fola ach de réir a chéile thosaigh
siad ag glaoch orm faoin rudaí eile a bhí ag titim amach i nDoire.”
Chomh maith “bhí sé i gcónaí mar chaitheamh aimsire agam
scéalta beaga a scríobh.”
Ansin,
tháinig cor eile ina shaol. “Chonaic mé go raibh obair ag dul i
nGaoth Dobhair, obair a mhairfeadh sé mhí, ag scríobh scripte fá
choinne clár teilifíse,” ar seisean. “Chuir mé sin isteach,
agus bhí agallamh agam, agus fuair mé an post. Bhí foireann againn
ann ag déanamh an sraith seo.” Chaith sé sé mhí i nGaoth
Dobhair. “Ansin, in áit dul arais go Doire, rinne mé cinneadh
fanacht,” ar seisean.
Bhí
cairde sa cheantar aige. Leis “thosaig mé ag dul amach le mo
bhean. Bhí aithne agam uirthi roimhe seo i nDoire. Bhí sise ag
bogadh chuig an cheantair seo ar mhaithe lena cuid oibre, agus táimid
le céile ó shoin. Bhí an teach seo ceannaithe aici, agus bhog mise
isteach sa teach, agus sin an fáth go bhfuil mé mi Rann na
Feirste.”
Ba
i bhfad roimhe sin, ina óige, a thosaigh a shuim sa Ghaeilge.
“Bhí
mo dheirfiúr dhá bhliain níos sine ná mé,” ar seisean.
“Thosaigh sise ar Scoil Doiminic ar Bhóthar na bhFál.” Mar sin,
bhí leabhair Gaeilge aici – gan fhios ag Danny cad ba Gaeilge ann.
“Thosaigh mé ag crá mo dheirfiúr, ag iarraidh uirthi na focail a
bhí ar an leabhar seo a fhuaimniú,” ar seisean. “Agus bhí sise
díreach ag tosnú ag foghlaim Gaeilge.”
Chuala
sé go raibh ranganna i gCumann Cluain Ard, thart an coirnéal uaidh,
agus thosaigh ag freastal orthu. Muna raibh sé iontach díograiseach,
bhí bunshraith Gaeilge aige nuair a thosaigh sé ar an mhéanscoil.
Ba Muiris Ó Droighneán an múinteoir a bhí ansin aige. “Bhí
seisean iontach maith mar mhúinteoir, níl mise ag rá go raibh
muidne iontach maith mar dáltaí,” arsa Danny.
Mhéadaigh
a shuim, cé gur thit Cumann Cluain Ard i leataobh. “Ansin, nuair a
bhí mé ceithre bhliain déag d'aois, thosaigh na Trioblóidí,”
arsa Danny. “Mhúscail na Trioblóidí rud éigean ionam, go raibh
tábhacht leis an rud a bhí ag dul ar aghaidh i gCumann Cluain Ard.”
D'fhill sé ar an Chumann agus “fuair mé amach go raibh saol eile,
rúnda, in Iarthar Bhéil Feirste.Sampla de sin go raibh siopa ar
Bhóthar Kashmir, ag coirnéal Sráid Clonard, bhí sé céad slat ón
teach s'againne – Houstons. An t-aon eolas a bhí agam ná gur
cuireadh chuig Houstons mé fá choinne prátaí (agus eile) –
greengrocers a bhí ann.”
Ansin,
lá, bhuail sé isteach chuig Houstons. “Thosaigh Mrs Houston ag
labhairt liom, agus níor thuig mé focal,” arsa Danny. “Ansin,
dúirt sí 'práta' 'prátaí' – ah! Gaeilge! B'as Baile na Finne
í. As sin, dhiúltaigh sí Béarla a labhairt liom.”
Leis,
b'iad a dream a thóg Gaeltacht Bhóthair Seoighe a rinne Sráid
Bombay in aice leis a ath-tógáil i ndiaidh gur dódh Mí Lúnasa
1969 é. “Bhí siad sin ag caint i nGaeilge eatarthu féin,” ar
seisean. “Go tobann, bhí an saol sin a bhí i bhfolach amuigh
ansin go foscailte.”
Bhí
sé ag tarraingt ar an Chluain Ard go dtí gur aistrigh sé go Doire.
Mhair an suim, gan bheith, b'fhéidir, in amannaí chomh láidir agus
a bhí. Agus é ar Oileán Mhanainn “bhí mé amuigh sa phub oíche
amháin agus bhí fear b'fhéidir caoga bliain d'aois le fear óg
agus bhí sé just ag cur síos ar rudaí. Shíl mé gur
droch-Gaeilge a bhí ann. Agus chuir mé ceist air – an é sin
Gaeilge? Agus dúirt sé – Mannanais – agus bhí cúpla oíche
agam leofa siúd.”
Chomh
maith lena shuim sa Ghaeilge, is sóisialach é Danny. Ba
cheardchumannach a athair, chuala sé caint ar an sóisialachas óna
óige. “Ní raibh leisc ar mo thuismitheoirí labhairt faoi na
rudaí a bhí ag tarlú sa domhain,” ar seisean. “Mar shampla, an
leas-ainm a bhí ag mo mháthair orm nuair a bhí mé thart fá ocht
déag ach 'Fiddle' – ní raibh baint aige le h-uirlisí ceoil ach
le Fidel Castro.
“An
míniú atá agamsa ar an rud atá ag tarlú sa Ghaeltacht, tagann sé
ón gcúlra sin,” ar seisean. “Tá fhios agam go bhfuil an córas
go bhfuilimid beo ann, go bhfuil sé ann ar leas dream ar leith
daoine, agus go bhfuil an chuid eile againn ann le déanamh cinnte go
bhfuil stíl beatha acusan, go leanfaidh sé, go gcoinneoidh siad
gréim ar cibé buntáistí atá acu.” Bhíodh pobal bríomhara
faoin dtuath, ach tá rudaí dá lárnú isteach sna bailtí móra,
gan troid ina éadán. “Tá rud ar leith ag tarlú sna pobail
Gaeltachta, mar, chomh maith le bánú na tuaithe, táimid ag
cailleadh oidhreacht atá ag dul siar cúpla míle bliain,” ar
seisean. “Níl freagra ar bith ag an chóras, ag an stát, ar sin.”
Tá
'perfect storm' anois ann. Sna 70idi, nuair a bhí géarchéim i
nGaeltacht Chonamara, chuir dream óg Gluaiseacht Cearta Sibhialta na
Gaeltachta ar bun, throid siad, bhain siad rudaí amach, ach “níl
na daoine óga ann leis an troid a dhéanamh. Beidh deireadh leis an
Ghaeltacht muna ndéanfear athruithe bunúsacha. Caithfidh seo tarlú
iontach, iontach, gasta. Níl fostaíocht ar bith ann. Fiú nuair a
chruthaíonn siad fostaíocht, cuireann siad sin ar fáil ar an
Chlochán Liath, ní ins an Ghaeltacht cheart ach ceann de na
ceantaracha is laige Gaeilge i limistéar na Gaeltachta oifigiúla.
In ionad buntáiste a thabhairt do na ceantaracha is láidre Gaeilge,
bunaíonn siad monarchana i gceann de na ceantaracha is laige
Gaeilge.”
Leis,
is comhlachtaí eachtrannacha a mealltear isteach, agus Béarla an
teanga cumarsáide. Tá impleachtaí leis seo. “Má tá tú ag éirí
dul ar aghaidh sa tsaol, caithfidh tú do theanga, do chultúr, a
fhágáil ag an doras,” ar seisean.
Molann
Danny comharchumainn áitiúla, a bheadh fóirsteanach don líon
oibrí agus na scileanna sna ceantaracha. “Tchítear domsa gur sin
an t-aon bealach go dtig leis an Ghaeltacht teacht slán as seo,”
ar seisean.