Tuesday, 26 September 2017

Veteran Donegal trade unionist

(An edited version of this was published in An tUltach Samhradh 2017)

Tá Séamas Mac Ruairí mar dhuine den bheagán atá gnóthach sa pholaitíocht ar fad, agus a bhí le Sinn Féin sular tharla an scoilt idir 'Sealadaigh' agus 'Oifigiúilaigh' i 1970. Bhí sé beagnach dhá scór bliain ina Chomhairleoir do cheantar na nGleanntaí ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; le Sinn Féin i dtús báire, ansin Sinn Féin (Oifigiúil), ansin Sinn Féin-Páirtí na nOibrí, ansin Páirtí na nOibrí. Tháinig sé tríd an dara scoilt ansin, go ndeachaigh leis an Daonlathas Clé, agus go ndeachaigh isteach i bPáirtí an Lucht Oibre leis an Daonlathas Clé.

Chaith sé a shaol mar cheardchumannach chomh maith. Ba rúnaí craoibhe le Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Il t-Saothair na hÉireann é, agus ansin leis an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil. Thosaigh sé ag freastal ar oibrithe ina cheantar féin, ach faoi dheireadh bhí freagracht Dhún na nGall air.

Bhuaileamar lena gcéile tí s'aige, ar imeall Anagaire, ag amharc amach ar an chladach.

Tógadh leis an pholaitíocht é, idir poblachtachas agus dáimh leis an eite chlé. “Bhí cúlra polaitiúil ag mo mhuintir, nó bhí mo mháthair ansin ag tús na bhfichidí agus cúpla deirfiúr léi i gCumann na mBan anseo,” ar seisean. “Bhí m'athair go mór ceangailte le gluaiseacht poblachtach an eite chlé, agus bhí sean-uncail liom a mhair go dtí céad bliain agus a fuair bás cúpla bliain eile ansin,bhí sé gníomhachin Alban i gConradh na Gaeilge, agus bhí sé sna sean-Óglaigh fosta ag an am.” Ar dhá thaobh a mhuintire “bhí meas mór acu ar Pheadar Ó Dónaill agus Patrick McGill as na Gleanntaí ansin.

Nuair a tháinig Fianna Fáil ar an saol, b'fhéidir gur shíl cuid acu go raibh siad le dul ar aghaidh agus rudaí fiúntacha a dhéanamh,” ar seisean. Dar le Séamas gur mhínigh sean-duine ar tharla, oíche amháin tí s'aige. Cuireadh i leith an fhir seo gur athraigh sé a chuid polaitíochta mar gur fhág sé Fianna Fáil chun dul le Clann na Poblachta. “Ní mise a d'athraigh cor ar bith ach iadsan a d'athraigh,” arsa an sean-fhear.

Bhí a thuismitheoirí ansin ceangailte le Páirtí an Lucht Oibre. “Bhí iarrthóir áitiúil anseo acu, ach níor éirigh leis, Dónal C Ó Baoill as an Mhullach Mór, tá sé ar shlua na marbh anois,” ar seisean. “Ansin, tháinig Clann na Poblachta agus bhí m'athair gníomhach i gClann na Poblachta.”

Faoin am go raibh Séamas sna fichidí, tháinig toghchan áitiúil 1960. Shocraigh sé go rachadh sé chun tosaigh, mar iarrthóir ag Sinn Féin. Shíl sé go ndéanfadh sé go measartha maith, cé nach sin an bharúil a bhí ag comhairleoir sinsearach de chuid Fianna Fáil sa cheantar.

Mar a tharla, bhí Séamas chun tosaigh ar an chomhairleoir céanna sa vóta. Tá bród ar fad air as an vóta a fuair sé, nó bhí iarrthóirí láidre seana-bunaithe ó na Fianna Fáil agus Fine Gael san iomaíocht, leithéidí na Teachtaí Dála Cormac Bresin agus Pa O'Donnell agus an Seanadóir Louis Walsh.

An rud a dhéanfainn i gcónaí cinnte dhó, is cuma cé a thagadh chuig mo dhoras, is cuma cén creideamh nó gan creideamh, nó polaitíocht a bhí acu, chuideóinn le hachan duine acu,” ar seisean. “Toghadh mise fá choinne an cheantair agus na daoine uilig. Bhí suim mhór agam san áit áitiúil anseo, Ceantar na nGleanntaí, agus sa phobal, agus as in amach thug mé seirbhís do na daoine agus don áit seo ar an Chomhairle Contae.”

Tá sé bainte ar fad le go leoir eagraíochtaí, ina measc Amnesty International, Comhairle an Iarthair, Cumann Lúthcleas Gael – mar a raibh sé ina chathaoirleach ar Choiste an Chontae siar sna 60idí, an RNLI, agus eagraíochtaí a dhéanann freastal ar dhaoine le mí-chumas. Molann sé Jan O'Sullivan, iar-Aire de chuid an Lucht Oibre, as an chuidiú a thug sí dó ó thaobh na muintire a bhí faoi mhí-chumas. “Tá trí theach ag an Chomhairle anois le ceithre sheomra le cur suas – tá cead pleanála istigh, ar Chnoc an Aonaigh ar an Chlochan Liath,” ar seisean.

Cuireann seo ach go háirithe bród air. “Bhí mé i gcónaí sáite leis an ghnáth-duine, agus sin an mhuintir gur sheasaigh mé leo,” ar seisean.

Bhí 10 bliain curtha isteach ag Séamas ar an Chomhairle Contae nuair a tharla an scoilt
i nGluaiseacht na Poblachta i 1970. Bhí teaghlach poblachach i nDún na nGall, agus scoilt sin. Doirteadh fuil i mBéal Feirste, ach níor tharla a leithéidí i nDún na nGall. “Choinnigh mé teangmháil le daoine a chuaigh an bealach eile ansin,” ar seisean.

B'é an locht a fuair sé ar na 'Sealadaigh' ná go raibh siad “ag díriú isteach ar ath-aontú na tíre.” B'fhearr leisean díriú ar “shaibhreas na tíre, maoin na tíre, agus rudaí mar sin. Chomh maith le sin, sílim ag deireadh an lae d'athraigh an mhuintir a shiúil amach (as Ard-Fheis Shinn Féin i 1970), nó go leoir acu. Ní raibh siad ag éirí dul isteach i dTeach Laighean, ach i ndeireadh an lae ní raibh dóigh ar bith eile ach é a dhéanamh.”

Chomh maith le bheith ina chomhairleoir, rinne sé leis freastal ar an phobal mar oifigeach lán-aimseartha ceardchumann le 16 nó 17 bliain, an post lonnaithe i Leitir Ceanainn, ag freastal ar chomhaltaí den cheardchumann ar fud an chontae. “Is cuimhneach liom, b'fhéidir, dul isteach I mBéal Átha Seannaigh maidin amháin agus críochnóinn i gCarn Domhnaigh,” ar seisean. “Bhí sé marfach go leoir. Ach ina dhiaidh sin, bhuail mé le léar mór daoine, agus castar cuid acu orm go fóill.”

Ba ré difriúil sin, glúin ó shoin, nó bhí tréan fostaíochta ann sa déantúsaíocht. Bhí go maith thar an míle ag obair san Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair. D'imigh na comhlachtaí seo “gur chuir an líon daoine a bhí fostaithe síos go h-íséal. Creidim go raibh daoine ag cailleadh a n-uchtach agus mar sin. An rud a chuireann isteach go mór orm, nuair a bheadh áit dá dhruid nó daoine a chur chun bealaigh, shílfeá an dóigh go bhfuil na daoine seo suite, an bhfuil iasacht acu ar theach cónaí, cén teacht isteach atá acu.”

Minic go maith, caitheadh go holc le daoine. Is cuimhin leis fear ón Ísíltír go raibh monarchan beag aige i gCarn Domhnaigh ag déanamh “potaí agus mar sin fá choinne plándaí agus rudaí deasa. Bhí sé ansin cúpla bliain, agus ansin chuaigh muid síos maidin amháin chun buaileadh leis, acu cad é fuair muid amach. Tháinig sé isteach maidin amháin agus leoraí nó trucal leis agus ghlan sé na rudaí amach agus d'fhág sé na daoine ansin ar an ghannchuid.” Malairt mar atá anois “ní raibh clúdach ar bith ag na daoine bochta seo airgead scartha a fháil.”

D'éirigh sé as an obair leis an cheardchumann 15 bliain ó shoin, ach is ann atá a chroí. Bhí aithne agus meas aige ar Pheadar Ó Dónaill as na Rosa, an scríobhneoir a rinne sár-obair mar cheardchumannaí. Ba mhaith leis “an blár a choinneáil lasta” ar shon an Dálaigh. Dar leis go bhfuil buíochas ag gabháil don choiste beag in Árann Mór, mar “tá siad ag déanamh sár-obair ansin agus tá siad ag coinneáil cuimhne Pheadair beo.” Tá súil aige féin bheith ar an oileán do cheiliúradh saol an Dálaigh, ar an chéad deireadh seachtaine de Mhí Mheáin Fómhair.