The Culturlanns under threat?
(An edited version of this was published in An tUltach June 2017)
Tá
tábhacht ag an dá chultúrlann do lucht na Gaeilge sa Tuaisceart.
Tá, anois, iad faoi bhagairt mar go bhfuil comhairliúcháin ar bun
ag Foras na Gaeilge le h-athbhreithniú a dhéanamh ar mhaoiniú na
h-ionaid Ghaeilge
Is
siombal é den dul chun cinn atá déanta ag an Ghaeilge an
Chultúrlann i mBéal Feirste, é ar an phríomh-bóthar tríd an
chuid Náisiúnach den chathair.
Is
Oifigeach Imeachtaí sa Chultúrlann é Conchubhar Ó Liatháin,
Corcaíoch atá ag cur faoi I mBéal Feirste gan puinn de bhlas
Mhúscraí caillte aige. Dar leis go bhfuil Foras na Gaeilge ag
déanamh roinnte mhícothrom ar an chiste agus maoiniú dá
bhronnadh.
“Ó
1999, nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge mar thoradh ar Chomhaontú
Aoine an Chéasta, tá maoiniú á fháíl ag Cultúrlann McAdam Ó
Fiaich, a bunaíodh i 1991, agus tá maoiniú á fháil freisin le
tamall de bhlianta ag Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire,” arsa
Conchubar. “Is scéim dúnta é an socrú faoina bhfaigheann an dá
ionad seo maoiniú - mar sin níl cead ag aon ionad eile cur isteach
ar mhaoiniú cé go bhfuair Gaelionad Mhic Ardghaill in Iúr Chinn
Trá deontas le h-aghaidh imeachtaí faoin scéim.”
Sa
doiciméad comhairliúcháin, deir Foras na Gaeilge gur mian leo
“tacaíocht a chur ar fáil do na hionaid Ghaeilge ar fud na
tíre le deiseanna a chur ar fáil don phobal úsáid a bhaint as a
gcuid Gaeilge. Tugann taighde le fios dúinn, má bhíonn 'spás
sábháilte' ar fáil ag daoine a labhraíonn mionteanga go gcuireann
sin go mór le húsáid na Gaeilge sa phobal.”
Tá
sprioc ag an bhForas go mbeadh “go leor ionaid Ghaeilge ar fud na
tíre a bheadh in ann deiseanna úra úsáide Gaeilge a chur ar fáil
don phobal dá mbeadh tacaíocht deontais ar fáil acu. Dá mbeadh
deontas ar fáil, thiocfadh forbairt a dhéanamh ar chlár
gníomhaíochtaí do na pobail bhríomhara Gaeilge mar ‘spás
sábháilte’.” Sa doiciméad, ainmnítear roinnt ionad, Thuaidh
agus Theas, nach bhfuil an Foras dá maoiniú – ach gur mhaith leis
an Fhoras sin a dhéanamh. Is é an ról lárnach a bheadh ag Ionaid
Gaeilge ná “deiseanna úsáidte do phobail na Gaeilge a spreagadh
laistigh de thimpeallacht shóisialta.”
Faoi
láthair, tá an Foras ag maoiniú Cultúrlanna Bhéil Feirste agus
Doire amháin. Dar leis an doiciméad gur mhaith leis an Fhoras
“freastal níos leithne a dhéanamh ar éileamh ó phobail na
Gaeilge in áiteanna a bhfuil ionaid a bheadh in ann feidhmiú mar
ionad Gaeilge. Táimid ag iarraidh sin a dhéanamh laistigh den
chiste reatha maoinithe atá againn d’ionaid.”
Tá
ceithre rogha i ndoiciméan an Fhorais: gan
scéim úr a reáchtáil agus leanúint den socrú reatha maoinithe
leis an dá Chultúrlann: scéim úr a reáchtáil, agus buiséad a
aimsiú ó fhoinsí eile laistigh de bhuiséad Fhoras na Gaeilge,
agus leanúint de na socruithe maoinithe reatha an dá Chultúrlann:
laghdú a dhéanamh laistigh d’aon bhliain amháin ar mhaoiniú an
dá Chultúrlann (ó £100,000 go £50,000 i gcás Bhéil Feirste,
agus £123,000 go £50,000 i gcás Dhoire): an maoiniú bliantúil
don dá chultúrlann ó Thuaidh a laghdú (go £50,000) thar
thréimhse de 3 bliana (2018-2021), le ciste a chur ar fáil do scéim
úr Ionaid Ghaeilge.
Dar
leis an doiciméad féin, tá dhá thaobh leis na moltaí. Ar thaobh
amháin “Maolóidh an scéim mholta seo neamh-chomhionannas sa chás
seo trí spéis a spreagadh ó iarratasóirí cumasacha ó cheantair
eile a bhfuil Ionaid Ghaeilge iontu agus tabharfaidh an scéim deis
iomaíochta dóibh cur isteach ar chiste Fhoras na Gaeilge.” Ar an
taobh eile “Aithnítear go mbeidh laghdú mór ar mhaoiniú reatha
an dá chultúrlann ó thuaidh (Cultúrlann McAdam Ó Fiaich &
Cultúrlann Uí Chanáin)
chun an scéim mholta nua a chistiú.”
Níl
Concubhar sásta go molann trí den ceithre rogha ciorrú ar bhúiséid
na gCultúrlanna i mBéal Feirste agus Doire. Tá sé i bhfabhar
maoiniú a chur ar fáil do Chultúrlanna eile. Dar leis gur cheart
don bhFloras dul “in áít éigean eile chun an t-airgead atá de
dhith a chuardach, (agus) chuaigh mé ag cuardach mé féin an
bhfaighinn cúpla pingin sa bhreis ar chúl tolg éigean i gCearnóg
Mhuirfean (ceanncheathrú an Fhorais).”
Tá
moladh conspóideach aige. “B’fhéidir go bhfuilimíd ró fhada
síos an bóthar chun athshamhlú iomlán ar an bhForas a thionscnú
ach dá mbeadh furmhór mhór an Fhorais lonnaithe ó Thuaidh, idir
fhoireann agus oifigí, bheadh costas i bhfad níos lú ar an
institiúid teanga tras teorainn sna réimsí sin,” ar seisean.
Luaigh
sé tábla as Tuarascáil Bhliantiúil an Fhorais do 2015, an ceann
is déanaí atá ar fáil, mar a bhfuil cur síos ar thuarastail an
chúigir fostaí is sinsearaí. “Léiríonn an tábla go raibh na
feidhmeannaigh a d’oibrigh ó dheas den teorainn, i gceannaras an
Fhorais i mBaile Átha Cliath ag fáíl tuarastal i bhfad níos airde
ná mar a bhí á íoc le Leas Phríomh Fheidhmeannach an Fhorais,
Seán Ó Coinn ag an am sin, fiú is go raibh poist níos sóisirí
acu,” arsa Concubhar. “Fiú nuair a chuirtear san áíreamh go
raibh ráta malartaithe fabharach do sterling an uair úd, bhí an
tuarastal a bhí á íoc le feidhmeannaigh ó dheas céim
substaintiúil níos airde ná tuarastal an leas phríomh
fheidhmeannaigh ó thuaidh. Tá míniú simplí ar an mbearna, gan
amhras, sa mhéid is go bhfuil an leas phríomh fheidhmeannach
fostaithe de réir rataí tuarastail stat sheirbhsígh ó thuaidh
agus go bhfuil na feidhmeannaigh ó dheas fostaithe de réir rataí ó
dheas. Toisc go bhfuil furmhór mhór fhoireann an Fhorais fostaithe
ó dheas, áfach, ciallaínn sin go bhfuil cuid is mó den tuarastal
á íoc ó dheas den teorainn.”
Cuireann
sé tuarastal Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideach an Fhorais -
€90-95,000 i 2015 – i gcomparáid le tuarastal Stiúrthóir
Seirbhísí Corporáideach an Boord o' Ulster Scotch - £36,641
(€50,221). Tá, leis, rátaí míleáiste agus cothbhála a díoltar
níos airde ó Dheas, gur rátaí státseirbhíse an dá dlínse iad.
“Le
linn 2015 íocadh €180,621 (£131,114) i gcostaisi taistil agus
cothú,” ar seisean. “ Is é sin suim níos mó ná an méid a
bheadh le fáil ag an bhForas dá gcinnfí an ciorrú is mó a chur i
bhfeidhm ar an dhá Chultúrlann - is é sin €123,000.” Tá
“tromlach an chaiteachais inmheanaigh a dhéanann an Fhorais ar
thuarastail fhoireann an Fhorais, ar chostaisí ar nós cíos,
míleaiste agus costaisí eile ó dheas den teorainn. Nuair a
chuirtear san áireamh gur bunaíodh an Fhoras an chéad lá riamh
chun dul i ngleic leis an leatrom a deineadh ar phobal na Gaeilge ó
thuaidh agus páirc chothrom imeartha a chruthú tre infheistiú a
dhíriú ar an tuaisceart, tá sé deacair a thuiscint anois go
bhfuil focas an Fhoras ag athrú ón sprioc bunaithe sin an oiread is
atá le tabhairt faoi ndeara sna figiúirí atá luaite san alt
seo.”
Dúirt
urlabhraí thar cheann an Fhorais go bhfeidhmíonn sé ar bhonn uile
oileáin. “Reáchtálann
Foras na Gaeilge réimse leathan de scéimeanna iomaíocha a bhíonn
oscailte do phobal uile an oileáin,” ar sise. “Déantar measúnú
ar iarratais dár scéimeanna bunaithe ar a gcaighdeán agus ar
chomhlíonadh na gcritéar seachas ar an dlínse ina bhfuil
iarrthóirí lonnaithe. Is
cás
le
Foras na Gaeilge nach
bhfuil tuilleadh acmhainní agus maoinithe aige le freastal ar na
héilimh ar fad ón bpobal.”