Linda Ervine - on a journey with the Irish language
(first published An tUltach February 2014)
le hAnton Mac Cába
Ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda Íochtarach i mBéal Feirste,
tá múrmhaisithe dílseacha ar go leoir beann tí, brat na Breataine ar foluain.
Ar an bhóthar seo tá tionscadal nua Gaeilge, An Turas, a
spreag Misean Oirthir Bhéil Feirste den Eaglais Modhach. Buaileann Linda Ervine
liom ag doras Lár-Ionad Skainos, lár-ionad trasphobalach a spreag an Misean. Tá
Linda ina hOifigeach Gaeilge ag an Mhisean. Tógann sí aníos mé chuig an dorchla
atá ag An Turas, dorchla mar a bhfuil na comharthaí as Gaeilge, an-bhród uirthi
astu.
Más bean bheag í Linda, tá an-fuinneamh innti. Rugadh agus
tógadh í in oirthear Bhéil Feirste, gan móran teangmhála aici leis an Ghaeilge.
“Ach, cosúil le go leoir Protastúnach, bhí riamh rud beag suime agam ann,” ar
sise. Bhí fhios aici gurb ann dó. “Is dócha go raibh mé orthu siúd a shíl gur
‘trá’ a bhí ar achan trá i nDún na nGall,” ar sise, ag gáire.
Trí bliain ó shoin, d’eagraigh an Misean cúrsa trasphobalach
sé seachtaine le blaiseadh a thabhairt ar an Ghaeilge, Gàidhlig, agus Ultais.
Chuir an cúrsa sin casadh ina saol. “Thit mise i ngrá leis an Ghaeilge,” ar
sise. “Sin an t-aon dóigh amháin go dtig liom cur síos air.” I ndiaidh di an
blaiseadh seo a fháil, chuaigh sí ar dian-cúrsa ar An Droichead ar Bhóthar
Ormeau i mBéal Feirste.
Agus Linda ag freastal ar ranganna ag
an Droichead, d’fhoilsigh roinnt nuachtán an scéal go raibh, mar gur deirfiúr
céile David Ervine í. Luadh Misiún
Oirthir Bhéil Feirste, beart a bhí ina ábhar imní.
“Ansin, tháinig rabharta glaochanna fóin – an dtig linn clárú sna ranganna
Gaeilge agaibh?” ar sise. Níorbh ann do na ranganna.
D’iarr an Misean uirthi bheith ina
h-éascaitheoir. Cuireadh rang ar bun, gan poiblíocht. Tháinig scór, an seomra
ró-bheag dóibh. Mhol Cearál Ní Cuilín di buaileadh le Foras na Gaeilge, rud a
rinne. Cruthaíodh post mar Oifigeach Gaeilge leis an Mhisean, post a fuair
Linda ag deireadh 2012. Nuair a thosaigh sí, bhí rang amháin ann. Anois, tá
seacht gcinn.
Tá an Ghaeilge mar chuid dá
ndílseachas ag roinnt daoine sa cheantar. Ní mar sin d’achan duine. “Tá eagla ar dhaoine thart anseo roimh an Éireannachas,” arsa
Linda. “Ní thuigeann siad cad is Éireannachas ann. Smaointím ar Phrotastúnaigh
mar Éireannaigh go ndearnadh dearmad orthu.” Ní mar sin a bhí cúrsaí i gcónaí.
“Sula ndearnadh an Críoch-Deighilt, ní raibh fadhbanna ag Protastúnaigh leis an
Éireannachas, d’amharc siad orthu féin mar Éireannaigh,” ar sise. Tá siad ag rá
gur coimhthigh ina dtír féin iad nuair a deir siad gur ‘Breatainaigh’ iad. “Is
seo mo thír dhúchas,” arsa Linda. “Rinneamar an tír seo. Is Éireannach mé,
b’fhéidir go bhfuil mé Breataineach chomh maith. Tig liom bheith Éireannach
agus Breataineach san am céanna.”
Tá sé tábhachtach go mbeadh
Protastúnaigh “ag athseilbhiú dúchas s’acu.” Dream go bhfuil níos mó muiníne acu
astu féin, ní bagairt atá sa Ghaeilge, ach “faraor, níl an muinín sin ag achan
duine.” Tá daoine ag fiosrú a gcúlra féin, ní ag tiontú ina bpoblachtánach.
“Agamsa, rinne sé mo nasc leis an phobal Protastúnach níos láidre ar bhonn
dearfach, chuir sé mé níos mó ar an eolas faoi cé agus cad é mé féin,” ar sise.
“Ní Caitliceach, ní Poblachtánach mé, ní aontachtaí láidir mé, ach tá mo
chreideamh Protastúnach iontach tábhachtach agam, agus tig liom rudaí a
fheiceáil atá i gcoitinne agam le daoine sa phobal náisiúnach, ach tá fhios
agam go bhfuil difríochtaí ann chomh maith.”
Ba turas casta trín saol a rinne Linda féin. Bhí a
tuismitheoirí sa Pháirtí Cumannach, an teaghlach oscailte do smaointí difriúla.
Thosaigh sí ar an mheánscoil in Ardscoil Grosvenor “ach iarradh orm go múinte
imeacht, ansin chuaigh mé go Baile Nua na Bréadaí – mar
ar díbríodh mé.” Scar a tuismitheoirí, a h-athair ina chónaí i gCill Uaighe in
iarthar Bhéil Feirste “agus chuaigh mé go dtí Cross and Passion ar Bhóthar an
Ghleanna.” Chuaigh sí ansin go Scoil Idirmheánach Park Parade “mar ar díbríodh
mé chomh maith.”
B’shin deireadh lena scolaíocht
oifigiúil. Chuaigh sí ag obair mar glantóir. Bhí sí torrach agus í 15, saolaíodh
an céad páiste aici agus í 16. Sna 80idí, bhí triúr páistí uirthi, agus a fear
céile díomhaoin.
D’fhill sí ar an oideachas sna
lár-90idí “go díreach le rud éigean a dhéanamh, le fáil amach as an teach. Thug
sin mé ar aghaidh chuig an GCSE, agus ba A-anna ar fad a fuair mé sa GCSE.” Faoin
am seo, ba seanmháthair í.
Rinne sí A-Léibhéal, go deachaigh go
Ollscoil na Ríona, go ndearna céim le Béarla. Go dtí sin, b’áit é Ollscoil na
Ríona “le bheith ina aicearra go Oispidéal na Cathrach.” Tháinig athrú mór ar a
saol, nó cháiligh sí mar mhúinteoir meánscoile, í ag teagasc ina ceantar dúchas
féin.
Baineann sí úsáid as a táithí saol
féin ina cuid oibre. Tá An Turas ann “le seans a thabhairt do dhaoine ón bpobal
Protastúnach, ón lucht oibre Protastúnach, an Ghaeilge a fhoghlaim. Mar, an
pobal Protastúnach, ní raibh fhios acu go raibh na h-áiteanna seo ann mar a
mbeifeá ábalta dul agus Gaeilge a fhoghlaim.”
Fuair sí amach go raibh Gaeilge ina
cúlra féin. Céad éigean bliain ó shoin, bhíodh sean-tuismitheoirí a fir céile,
Brian Ervine (ceannaire ar an Pháirtí Aontachtaigh Forásaigh), agus a
dheartháir, David Ervine, ina gcónaí i gceantar Bhóthar Bhaile Nua na hArda
Íochtarach. “Nuair a chuamar isteach i ndaonáireamh 1911, fuaireamar amach go
raibh Gaeilge acu,” ar sise. B’as ceantar Ráth Fraoileann dóibh, as pobal tuaithe
a labhair Gaeilge.
Ar a bealach féin, tháinig sí ar
thuiscint ar an dóigh gur sheachain Protastúnaigh an Ghaeilge ar an ábhar go
bhfaca siad ceangal leis an pholaitíocht. “Sheachain mé an tUltais mar go raibh
sé bainte le Protastúnachas, le hAontachtachas, ach anois, trín Gaeilge,
tháinig mé ar meas agus grá don Ultais chomh maith, don fíor-Ultais, ní don rud
seo a chum na polaiteoirí,” ar sise.
Dar le Linda go bhfuil buntaiste mór
leis an Ghaeilge. “Sílim gur tháinig mé ar an leigheas ar uaigneas agus dúlagar,
agus is é an Ghaeilge é,” ar sise. “Tá rud sóisialta ann, cuireann pobal na
Gaeilge an-fáilte roimh daoine. Ní saol mór é, mar sin nuair a théann tú
isteach ann, cuireann tú aithne ar dhaoine go gasta. Is rud é go dtig leat dul
ann leat féin. Is saor in aisce, nó saor go maith, atá tromlach na n-imeachtaí.
Tig leat dul amach gach oíche sa tseachtain.”
Ní raibh fadhb leis an Ghaeilge ach
uair amháin i Lár-Ionad Skainos, nuair a bhí seastán ag An Turas. “Bhí an fear seo,
agus bhí sé iontach tógtha,” arsa Linda. “Ghlac mé leis gur Protastúnach é.
Agus ansin nuair a dúirt sé ‘An teanga sin, bhris sé croí páistí, bhí orthu é a
fhoghlaim’ – thuig mé gur faoi féin a bhí sé ag caint.” Ba Chaitliceach é.
Chomh maith le Gaeilge, tá an
Chríostaíocht mar chuid tábhachtach dá saol. Níor tógadh mar Críostaí í. Ach
bhí sí ar an dé deiridh le droch-sláinte agus “ghuigh mé ar feadh na laethanta
chun an Dé seo nár chreidh mé ann.” D’éirigh leis na h-urnaithe sin, nó
“Tháinig mé ar rud a séanadh orm, go raibh mé naimhdeach dó, gur athraigh sé mo
shaol.”